Inniu Lá Náisiúnta an Albaim – seo cuid de na halbaim ‘a insíonn dúinn cé sinn féin’

Agus Lá Náisiúnta an Albaim á cheiliúradh inniu, roghnaigh Gaeil éagsúla albam amháin a bhfuil gean ar leith acu air

Inniu Lá Náisiúnta an Albaim – seo cuid de na halbaim ‘a insíonn dúinn cé sinn féin’

‘Is é Nioclás Tóibín ardrí agus impire na n-amhrán’

 

Amhráin Aneas

Nioclás Tóibín

Alan Titley, scríbhneoir

Is éagórach an cheist í seo a chur ar aon duine, intinn mhioscaiseach a chuimhneodh air. Nuair a bhím ag dul ar thuras gairid féin is é an crá croí is mó a bhíonn agam ná cad iad na leabhair a bhéarfaidh mé liom. Is é deireadh na mbeart ná go dtugaim scata, agus íocaim Ryanair go dona as.

Mar sin tá fonn orm box set le Bob Dylan a lua, nó tá sé dhiosca in aon phacáiste amháin agam le Christy Moore de chinn thrialacha a dhein sé ina raibh botúin agus easnaimh ach ba chuma sin, nó rud ar bith le Blind Willie Johnson, fear blues a raibh guth aige ar nós gairbhéal ag cuimilt le greanpháipéar ar dhroim garbh carraige. Ach ós rud é ná fuil aon dul as agam, Amhráin Aneas le Nioclás Tóibín, ardrí agus impire agus príomhoirfideach na n-amhrán clasaiceach againn, guth a sciochadh ó na spéartha, urlabhra gan cháim a bhfuil gach focal ina chloch luachmhar inti, agus cur i láthair máistriúil lánmhuiníneach gan mhustar a insíonn dúinn cé sinn féin.


‘Is iad na Gormacha an parthas a bhí ag deireadh an chosáin…’

 Máire Ní Fhinneadha

Lady Sings the Blues

Billie Halliday

A leithéid de cheist! Braitheann an freagra ar an lá, an aimsir, an chinniúint, an giúmar agus thar aon rud eile na cuimhní. Arb é an ceann is mó a éistim leis, an ceann a chuirim ar siúl leis an ngruaim a dhíbirt nó an ceann a chothaíonn an ceiliúradh?

An bhféadfaí Peatsaí Ó Ceannabháin, Joe John Mac an Iomaire, Mike Oldfield, Sinéad O’Connor, Mary Coughlan, Strauss, nó Nóra Ghriallais a chur i gcomórtas lena chéile?

Ba iad na sean-amhráin féasta an bhaile agus gan geis ar bith ar an teanga a ndeirtí an t-amhrán ach croí is putóga a bheith ann. Cuimhním fós ar an gcéad uair a bhfuair mé mo chrúba ar Lady Sings the Blues le Billie Halliday a eisíodh nuair a bhí mise i mo pháiste. Amhail chuile dhéagóir cheap mé go raibh an saol ina chiseach ag an dream a bhí romham ach ar ndóigh chuirfinn féin is mo ghlúin an-slacht go deo ar chuile shórt.

Mo dheartháir a bhí an-tógtha le círéib an ama sin i Meiriceá agus an t-amhrán ‘Strange Fruit’ á fhoghlaim aige sa seomra. Níor cheil sé aon chuid den uafás a bhí á reic san amhrán orm, amhrán ar fhógair na húdaráis ar Billie Halliday gan é a chasadh. Cén déagóir nach meallfadh ‘God Bless the Child’ ar an gceirnín céanna agus cé againn nár chas ‘Good Morning Heartache’ uair éicint?

Más buairt agus ainriail a spreag mo chuid tóraíochta, is iad na Gormacha an parthas a bhí ag deireadh an chosáin. An smacht a bhí ag an bhfonnadóir seo ar rithim is tempo an amhráin a chuireann faoi gheasa mé – ní ligeann sí riamh don tionlacan a guth diamhair a phlúchadh mar a tharlaíonn go minic. Truamhéala a saoil agus a cinniúna é scéal cuid mhaith dá cine agus dá hinscne ach d’ainneoin na hainnise agus na heasláinte sheas sí lena hamhrán agus leis an mbua ar leith a bhí aici.

” I guess I’ll go through life/just catchin’ colds and missin’ trains’ a deir sí ach théis a báis anabaí tá sí liom anseo sa gcistineach anois.


‘Meallfaidh an ceol seo an grá asat’

Rossa Ó Snodaigh, ceoltóir

Making Music

Zakir Hussain

An t-albam a thabharfainn liom chuig oileáinín mara ná Making Music le Zakir Hussain. Saothar le fliúit, giotár, feadóg, tabla agus an sacsafón, tá sé ar an gceol is gleoite, is cineálta agus is paiseanta a chloisfeá.  Ceol é atá bunaithe ar bhunphrionsabail an cheoil Indiaigh ach saoirse thobchumadh an Jazz ann.  Máistrí ar a n-uirlisí iad na ceoltóirí uile agus máistrí iad ó thaobh cur le chéile chun mothúcháin agus atmaisféar ar leith a chruthú. Ach a bheith oscailte chuige, ceol é a chuideoidh leat grá domhain a mhealladh asat féin.


‘Cuireann ‘Live Forever’ m’óige i gcuimhne dom’

Róisín Seoighe, amhránaí

Definitely Maybe

Oasis

Ceann de na halbaim is fearr liom ná Definitely Maybe le Oasis. Ní hamháin go bhfuil amhráin rac ar an albam ar nós ‘Rock n Roll Star’ agus ‘Supersonic’, tá amhráin acústacha air freisin ar nós ‘Married with Children’ agus ‘Up in the Sky’ más rud é go bhfuil récheol de dhíth ort. Tá glór Liam Gallagher, príomhamhránaí an bhanna ar cheann de na glórtha is mó a bhfuil cáil air i saol an rac-cheoil agus tá fuaim a ghutha agus fuaimeanna giotár leictreach a dhearthár Noel ar fheabhas ar fad. Cuireann an t-albam seo m’óige i gcuimhne dom sa mhéid agus go raibh ‘Live Forever’ ar cheann de na chéad amhráin de chuid Oasis a chuala mé nuair a bhí mé an-óg. Ag fanacht go foighneach ar an ‘reunion’, a dheartháireacha…


‘Duine de na rapálaithe is fearr ó cruthaíodh an Rap’

Conor Torbáid, Eagarthóir nua NÓS

The Pinkprint’

Nicki Minaj

Gan callaire. Gan cluaisíní. Gan cluas mhaith fiú. Dá dtabharfaí go hoileán tréigthe mé, ní bheadh de dhíth orm ach The Pinkprint le Nicki Minaj. Eisíodh an t-albam seo ag deireadh 2014 agus ba mhór an tionchar a bhí aige orm. Tugann an chéad amhrán, ‘All Things Go’, léargas ar shaol an amhránaí don éisteoir, an maoithneachas agus an cumha á bplé ar dhóigh oscailte leochaileach aici.

Nuair a thosaíonn traic a cúig, ‘Feeling Myself’ le Beyoncé, casann muid ar an Nicki a raibh riamh aithne againn uirthi – an Nicki a chuireann in iúl go mórtasach an fáth a bhfuil sí ar na rapálaithe is fearr ó cruthaíodh an Rap. Faoi dheireadh an chnuasaigh, an bhfuil saol iomlán caite agat? Sonas, brón, iontas, muinín, gnéas, eagla, an liriciúlacht. Is aistear é an t-albam seo. Agus cé nár mhaith leo aistear agus iad gafa ar oileán tréigthe?


‘Tá sé sa chlúdach plaisteach céanna ina raibh sé an lá ar cheannaigh mé é i 1973’

Colm Mac Séalaigh, ceoltóir

Clannad

Clannad

Eisíodh chéad albam Chlannad, ar cheirnín vinil, I 1973 dhá bhliain i ndiaidh albam iontach nuálach eile, Skara Brae (1971).

An fhuaim agus an cóiriú thar barr, nua, nuálach ag an am – dord mór, feadóga éagsúla, cláirseach, giotáir acústacha, drumaí agus ar ndóigh guthanna ag ceol le chéile go slachtmhar draíochtach (ar ndóigh bhí gaol eatarthu, muintir Bhraonáin agus muintir Dhúgáin).

Dhá rian déag atá ar an albam, seacht n-amhrán i nGaeilge, ceann acu nua-chumtha, trí phíosa ceoil, dhá amhrán i mBéarla (chun an comhlacht a shásamh).

Tá tús spleodrach leis an albam, leagan rac de ‘Níl Sé ina Lá’, amhrán a fuair siad ó sheanbhean i nGaoth Dobhair. Ina theannta sin, seasann ‘Thíos Cois na Trá Domh’, ‘Siobhán Ní Dhuibhir’, ‘Liza’ agus ‘An tOileán Úr’ amach go háirithe, ach tá na cinn eile beagnach chomh maith céanna.

Ach, i gcás albaim ar bith tá comhthéacs i gceist. Nuair a éistim anois le céad albam Chlannad táim óg arís, ag éisteacht leis na hamhráin mar a bhí an chéad uair, le gliondar agus iontas, mo chéadfaí ar tinneall ag an bhfuaim álainn nua seo.

Bhí Clannad óg an uair sin. Bhí mé fhéin agus mo chairde i mBaile Átha Cliath an aois chéanna agus bhí Clannad an-cool ar fad.

Bhí siad ar nós racbhanna – an ghruaig, éadaí is araile – agus amhráin á rá acu i stíl nua-aimseartha, spleodrach a bhí dílis don traidisiún as ar eascair siad ag an am céanna. Ba linne iad, má bhí suim agat sa Ghaeilge bhí an t-albam seo agat. Tá mo chóip féin istigh sa chlúdach plaisteach céanna ina raibh sé an lá a cheannaigh mé é i 1973.


‘Cheol muid go binn an oíche sin amhráin Ghaeilge’

 Caoimhe Ní Chathail – craoltóir agus amhránaí

Éist (Songs In Their Native Language)

Ceoltóirí éagsúla

Is iomaí albam iontach a eisíodh i saol an cheoil thraidisiúnta agus na hamhránaíochta, ach ceann de na halbaim is mó a raibh tionchar aige orm féin agus mé i mo dhéagóir ná an dlúthdhiosca Éist (Songs In Their Native Language). Bailiúchán de chuid Dara Records a bhí ann a eisíodh i 1999 agus 14 traic air le hamhráin i nGaeilge á gceol ag ceoltóirí aitheanta ar nós Altan, Christy Moore, Frances Black, Paul Brady agus ceoltóirí eile nach iad. Ag an am sin, bhí mé féin 13 bliana agus bhí mé ag foghlaim na Gaeilge go cíocrach ar Scoil Ghramadaí Aquinas.

An samhradh sin agus muid ag freastal ar Choláiste Mhuire, Loch an Iúir, bhí muid ag ullmhú go díograiseach do Chomórtas na gContaetha. Chuir muid taispeántas ceoil agus cultúir ar siúl le daoine eile ó chontae Aontroma agus cheol muid go binn an oíche sin na hamhráin ‘Éist do Bhéal’, ‘Éist a Stór’ agus ‘Jimmy Mo Mhíle Stór’. Is a bhuí leis an albam Éist a thug muid linn an bua!

Fág freagra ar 'Inniu Lá Náisiúnta an Albaim – seo cuid de na halbaim ‘a insíonn dúinn cé sinn féin’'

  • Niall Gòrdan (Niall na Naoi bPionta)

    Fuaireas “Éist” i siopa Albannach na blianta fadó 7 thaithin a bhfuil air de cheol liom go mór – 7 taithníonn i gcónaí! Is breá liom Nioclás Tóibín freisin :-)