Líon na ndaltaí bunscoile le díolúine ón nGaeilge 25% níos airde ná mar a dúirt an Roinn Oideachais ar dtús

Tá admhaithe ag an Roinn Oideachais go raibh botún sna figiúirí a cuireadh ar fáil maidir le líon iomlán na ndaltaí bunscoile a raibh díolúine acu ón nGaeilge anuraidh agus go raibh an figiúr ceart 25% níos airde ná mar a dúradh ar dtús

Líon na ndaltaí bunscoile le díolúine ón nGaeilge 25% níos airde ná mar a dúirt an Roinn Oideachais ar dtús

Tá líon na ndíolúintí ón nGaeilge a bronnadh ar dhaltaí bunscoile anuraidh 25% níos airde ná mar a ceapadh. 

Léirigh figiúirí a bhí curtha ar fáil ag an Roinn Oideachais do Tuairisc roimhe seo go raibh níos mó díolúintí ó staidéar na Gaeilge ná riamh bronnta ar dhaltaí don scoilbhliain 2022/23 ach tá admhaithe ag an Roinn anois go bhfuil an figiúr iomlán níos airde fós. 

I ráiteas a cuireadh ar fáil do Tuairisc, tugadh le fios go raibh botún déanta maidir le líon iomlán na ndaltaí ag leibhéal na bunscoile a raibh díolúine ón nGaeilge acu anuraidh agus go raibh an figiúr cruinn 25% níos airde ná mar a ceapadh. De réir na bhfigiúirí nua, bhí díolúine ón nGaeilge ag 13,060 dalta bunscoile in 2022/23, seachas an 10,414 dalta a tuairiscíodh roimhe seo – ardú 2,646 dalta. 

Fágann na figiúirí nua go raibh díolúine ón nGaeilge ag 2.4% den 549,198 dalta a d’fhreastail ar bhunscoileanna an stáit anuraidh, suas ón 1.9% a bhí i gceist an bhliain roimhe sin. 

Bhí líon na ndíolúintí nua a bronnadh ar dhaltaí bunscoile níos airde ná mar a tuairiscíodh ar dtús chomh maith. Bronnadh 3,861 díolúine nua ón nGaeilge ar dhaltaí bunscoile in 2022/23, suas ón 3,786 a dúradh a bhí i gceist ar dtús. 

Dúirt an Roinn Oideachais nach raibh aon bhotún sna figiúirí díolúine ag leibhéal na hiarbhunscoile ón mbliain seo caite. Bhí díolúine ón nGaeilge ag beagnach 50,000 dalta iarbhunscoile anuraidh, 12% de líon iomlán na ndaltaí a bhí ag freastal ar scoileanna dara leibhéal an stáit. 

Ghabh an Roinn Oideachais leithscéal as na figiúirí míchruinne a chur ar fáil agus dúirt urlabhraí gur tharla an botún nuair a baineadh úsáid as bogearra nua chun sonraí a asbhaint ó bhunachar na ndíolúintí. Dúirt an t-urlabhraí gur tháinig an botún chun solais nuair a bhí na figiúirí á ndearbhú ag an Roinn le gairid agus gur cuireadh an botún i gceart chomh luath agus a tugadh faoi deara é. 

San iomlán, idir dhaltaí bunscoile agus iarbhunscoile, bhí díolúine ón nGaeilge ag 62,630 páiste sa chóras oideachais anuraidh – 6.6% den 955,590 dalta uile a bhí sna scoileanna. 

Deir an Roinn Oideachais anois go bhfuil iniúchadh le déanamh ar na scoileanna a bhronnann an líon is mó díolúintí ón nGaeilge ar dhaltaí. 

I dtuarascáil a foilsíodh níos luaithe an mhí seo, mhol coiste Oireachtais go gcuirfí deireadh le córas díolúine na Gaeilge agus go gcuirfí cur chuige nua i bhfeidhm ina áit. 

Dúirt Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge sa tuarascáil nach raibh an córas ag feidhmiú mar is ceart agus go raibh dochar á dhéanamh aige do dhaltaí.

Fág freagra ar 'Líon na ndaltaí bunscoile le díolúine ón nGaeilge 25% níos airde ná mar a dúirt an Roinn Oideachais ar dtús'

  • Niall O Murchadha

    Is fiorchorr uair is ceart sn dioluine seo a cheadu is cuma carb as an dalta no cen fad ata beartaithe d’inimirceach a chaitheamh anseo.