In am ag Muineachán Tír Eoghain a bhualadh i gcluiche mór craoibhe

Cé go bhfuil go leor de bhoic mhóra na peile buailte ag Muineachán le blianta beaga anuas, theip orthu go dtí seo Tír Eoghain a bhualadh i gcluiche mór craoibhe

In am ag Muineachán Tír Eoghain a bhualadh i gcluiche mór craoibhe

Peter Harte. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Muineachán v Tír Eoghain

Páirc an Chrócaigh, 4pm (Beo ar RTÉ agus BBC)

Cé go bhfuil Muineachán áirithe i measc na bhfoirne is fearr sa tír le tamall fada, táimid fós ag fanacht  orthu an beart a dhéanamh in aghaidh Thír Eoghain i gcluiche mór craoibhe.

Ó 2013, chas na foirne seo ar a chéile 11 uair, idir chluichí craoibhe agus sraithe. Tá sé cinn díobh buaite ag Tír Eoghain, ceithre cinn ag buaite Muineachán agus ar comhscór a chríochnaigh an ceann is deireanaí eatarthu, i sraith na bliana seo.

Cé nach ró-olc an chuma atá air sin do Mhuineachán, tá gach ceann de na cluichí díbeartha idir na foirne le linn na tréimhse sin buaite ag Tír Eoghain. Fuair siad an ceann is fearr ar Mhuineachán i mbabhtaí ceathrú ceannais na hÉireann in 2013 agus in 2015 agus arís i gcluiche leathcheannais na hÉireann 2018.

Agus an crú ar an tairne, tá sé in am ag Muineachán an ceann is fearr a fháil ar Thír Eoghain.

Níl Muineachán ag brath chomh mór céanna ar Conor McManus agus a bhíodh ach níl aon amhras ach gurb é an t-imreoir is tábhachtaí atá acu go fóill. 1-7 a scóráil McManus in aghaidh Ard Mhacha i gcluiche leathcheannais Uladh. Tháinig 1-2 de sin ón imirt ach ba iad na trí chic saor a bhuaigh, agus a scóráil McManus ag deireadh an chluiche na cinn ba thábhachtaí a d’aimsigh sé agus is beag imreoir eile sa tír a mbeadh sé de chumas ann a leithéid a dhéanamh.

Tá an-chúnamh tugtha ag Jack McCarron agus Conor McCarthy do McManus i mbliana agus tá tionchar Ryan McAnespie ag dul i méid gach bliain ach díreoidh Tír Eoghain ar McManus a stopadh thar aon imreoir eile.

Cé go bhfuil tréimhsí caite ag Pádraig Hampsey ag marcáil McManus, is mó seans go gcuirfear Ronan McNamee siar á mharcáil agus ba cheart go mbeadh an-choimhlint eatarthu.

Idir na sé chúl a ghéill siad in aghaidh Chiarraí sa tsraith agus na ceithre chúl a scóráil Muineachán in aghaidh Ard Mhacha, beidh a fhios ag lucht bainistíochta Thír Eoghain go maith a thbhachtaí a bheidh sé cosaint mhaith a thabhairt do chúl Niall Morgan.

D’imir Frank Burns mar chosantóir le cois in aghaidh Dhún na nGall coicís ó shin agus d’fhéadfadh sé titim siar arís tráthnóna. Chabhródh an fear breise le bac a chur roimh na ruathair a dhéanann leithéidí McAnespie agus Karl O’Connell ó chúl Mhuineacháin.

Ar an taobh eile den pháirc, tá Darren McCurry ag imirt ar fheabhas do Thír Eoghain faoi láthair. Scóráil sé 0-7 in aghaidh Dhún na nGall agus is eisean an t-imreoir a bhíonn Tír Eoghain ag iarraidh an liathróid a thabhairt dó i gcónaí.

Caithfear fir ionaid Thír Eoghain a lua freisin. In aghaidh na gConallach, tháinig Tiernan McCann, Conor McKenna agus Cathal McShane triúr isteach mar ionadaithe agus bhí tionchar acu uile ar rath Thír Eoghain an lá sin. B’fhéidir go dtabharfadh Feargal Logan agus Brian Dooher seans ón tús do dhuine nó beirt díobh siúd inniu ach beidh na fir a thosaigh an lá cheana fós le tabhairt isteach agus d’fhéadfadh go mbeadh an fuinneamh breise sin cinniúnach lá te i bPáirc an Chrócaigh.

Fág freagra ar 'In am ag Muineachán Tír Eoghain a bhualadh i gcluiche mór craoibhe'