Imreoirí idirnáisiúnta ag filleadh don Pro 12 agus leathshúil acu ar Chomórtas na gCuradh

Tá babhta a 10 don Pro 12 á imirt an deireadh seachtaine seo agus deis dá réir ag bainistíocht na gcúigí imreoirí nach raibh ar fáil acu le beagnach cúig seachtaine a chur chun páirce arís

Imreoirí idirnáisiúnta ag filleadh don Pro 12 agus leathshúil acu ar Chomórtas na gCuradh

Pat Lam. INPHO/James Crombie

Chuir a gcluiche i gcoinne na hAstráile Dé Sathairn seo caite deireadh slachtmhar leis an tsraith ceithre chluiche a bhí á himirt ag na Gaeil i gcomórtas idirnáisiúnta an fhómhair seo. Fágann sin go bhfuil fáil arís ag na cúigí ar fad ar a gcuid imreoirí uilig, seachas iadsan atá gortaithe, do chluichí na gclubanna.

Is cinnte go mbeidh fáilte mhór roimh na himreoirí sin agus na cúigí ar fad ag réiteach do Chomórtas na gCuradh, a bheas chugainn arís faoi cheann seachtaine. Ach roimhe sin, tá babhta a 10 don Pro 12 á imirt an deireadh seachtaine seo agus deis dá réir ag bainistíocht na gcúigí imreoirí nach raibh ar fáil acu le beagnach cúig seachtaine a chur chun páirce arís.

Is iad na Muimhnigh an chéad chúige a bheas ag cur chun páirce an Aoine seo, ach tá sé de mhí-ádh orthu go bhfuil orthu dul sall go Scotstoun le tabhairt faoi Ghlaschú. Is iad na Muimhnigh atá ar bharr an tábla faoi láthair, tá Glaschú sa chúigiú háit agus iad seacht bpointe taobh thiar. Theip go dona ar Ghlaschú agus iad sa mbaile an Aoine seo caite, agus níor éirigh leo ach scór amháin (úd) a aimsiú i gcoinne na Ospreys a scóráil fiche a dó pointe. Beidh na hAlbanaigh ag iarraidh an méid sin a cheartú an Aoine seo agus is cinnte gur maith an tástáil a bheas sa gcluiche seo roimh chuairt Leicester Tigers ar Thuamhan faoi cheann seachtaine.

Ar an Satharn a bheas na Connachtaigh ag fáiltiú roimh Treviso ar an mBóthar Beag, In íochtar sa Pro 12 atá na cuairteoirí. Seans nach é Treviso ab fhearr le Pat Lam agus é ag réiteach a chuid fear le dul sall go Londain le haghaidh a thabhairt ar Wasps i gComórtas na gCuradh faoi cheann seachtaine. Mar sin féin, caithfidh Lam a bheith cúramach. Ní chreidim go bhfuil aon bhaol ann go gcaillfidh siad an cluiche seo ach is i gcoimhlintí mar seo a ghortaítear imreoirí.

Sa séú háit atá na hUltaigh, ar cuireadh a gcluiche ar ceal an deireadh seachtaine seo caite de bharr drochaimsire agus a chaithfeas taisteal sall go Caerdydd ar an Satharn. Beidh Caerdydd ar a míle dícheall tosú ag buachan arís tar éis do na Connachtaigh an ceann is fearr a fháil orthu i mbabhta a 9. Má chuireann na Breathnaigh a gcéad rogha chun páirce, ba cheart go mbeidís róláidir do na hUltaigh, a bheidh d’uireasa Jared Payne, cé go bhfuil siadsan ag réiteach do chuairt Clermont ar Bhéal Feirste faoi cheann seachtaine. Ag an am céanna, níor cheart beag is fiú a dhéanamh riamh de na hUltaigh, go háirithe má bhíonn Ruan Pienaar ar an bpáirc acu.

Tá buntáiste an bhaile ag na Laighnigh (dara háit) agus iad san RDS i gcoinne na Dragons (11ú háit). Ní dóigh go gcuirfidh Leo Cullen chuile dhuine den lear mór imreoirí idirnáisiúnta a bheas ar ais aige chun páirce agus ní dóigh go mbeidh gá leo an Satharn beag seo. Níl ach dhá chluiche buaite ag na Dragons as ocht n-iarracht, i gcomparáid le curiarracht na Laighneach, seacht mbua as naoi n-iarracht. Beidh an lá leis na Laighnigh go cinnte ach an leor an cluiche seo mar réiteach sula dtabharfaidh siad a n-aghaidh sall go Northampton faoi cheann seachtaine?

Fág freagra ar 'Imreoirí idirnáisiúnta ag filleadh don Pro 12 agus leathshúil acu ar Chomórtas na gCuradh'