Imreoirí Chorcaí ar thairseach na staire sa chluiche ceannais inniu

Má bhuann mná Chorcaí cluiche ceannais na hÉireann inniu, aithneofar Rena Corkery agus Briege Corkery mar an bheirt imreoirí is rathúla i stair Chumann Lúthchleas Gael le 16 bonn Uile-Éireann.

Briege Corkery agus a chomhghleacaithe ag dul chun páirce i gcluiche ceannais 2014. Pictiúr: INPHO/Tommy Grealy
Briege Corkery agus a chomhghleacaithe ag dul chun páirce i gcluiche ceannais 2014. Pictiúr: INPHO/Tommy Grealy

Corcaigh v Baile Átha Cliath, Páirc an Chrócaigh, 4i.n.

an deis ag imreoirí Chorcaí Rena Buckley agus Briege Corkery gaisce stairiúil a dhéanamh i bPáirc an Chrócaigh inniu. Tar éis don bheirt Craobh Camógaíochta na hÉireann a bhuachan i gcoinne na Gaillimhe coicís ó shin, tá siad cothrom le Kathleen Mills, iarimreoir camógaíochta Bhaile Átha Cliath ó lár an chéid seo caite, agus 15 bonn buaite acu. Má bhuann na Muimhnigh inniu, beidh a séú bonn déag buaite ag Buckley agus Corkery, rud a d’fhágfadh gurbh iad an beirt is rathúla i stair Chumann Lúthchleas Gael.

Is gaisce dochreidte a bheadh ann don bheirt atá ina mbaill de cheann de na foirne is fearr atá feicthe againn i stair spóirt na tíre seo. Tá Corcaigh ag cuardach a gcúigiú craobh as a chéile i mbliana agus an deichiú ceann le haon bhliain déag anuas.

Taobh le Buckley agus Corkery, beidh ceathrar eile ar an bpáirc ag Corcaigh a bhí ag imirt sa chéad chraobh a bhuaigh siad i 2005 agus a bheidh ar thóir a ndeichiú bonn peile sa chluiche ceannais, sin iad Bríd Stack, Deirdre O’Reilly, Valerie Mulcahy agus Geraldine O’Flynn.

Ag seasamh rompu inniu tá Baile Átha Cliath, an freasúra céanna a bhí rompu anuraidh. Sa choimhlint sin 12 mí ó shin, bhí na foirne seo páirteach i gceann de na cluichí ceannais is fearr a imríodh le blianta beaga anuas. Bhí Baile Átha Cliath deich bpointe chun cinn gan ach ceathrú uaire fágtha ach seo ar ais le Corcaigh agus bhuaigh Geraldine O’Flynn Corn Uí Mháirtín do na Muimhnigh le scór dhá nóiméad ón deireadh.

Ceann de na tréithe is láidre atá ag an bhfoireann áirithe seo, atá faoi cheannas Eamonn Ryan, ná go mbíonn siad i gcónaí in ann teacht slán as na coimhlintí is géire. I sé cinn de na naoi gcluiche ceannais a d’imir siad ó 2005, ní raibh farasbarr de níos mó scór amháin acu.

Is mór an t-athrú atá tagtha ar fhoireann Bhaile Átha Cliath ó shin. Mar atá ráite, tá seisear fós ag imirt do Chorcaigh a bhí ar an bhfoireann i 2005. Os a choinne sin, ní bheidh ach seachtar ag tosú do Bhaile Átha Cliath inniu a thosaigh cluiche ceannais na bliana seo caite. Sin níos lú leath na foirne.

Údar misnigh amháin atá ag Baile Átha Cliath ná an stair. I 2009, fearacht na bliana anuraidh, chaill siad i gcoinne Chorcaí sa chluiche ceannais le haon phointe amháin. I 2010, chríochnaigh siad an chraobh mar sheaimpíní.

Is é an bua sin i gcoinne Thír Eoghain i 2010 an t-aon uair le deich mbliana anuas nár thug Corcaigh leo Corn Uí Mháirtín agus, creid nó ná creid, níl cluiche riamh caillte acu i bPáirc an Chrócaigh.

D’fhéadfadh bua na bhfear an tseachtain seo caite spreagadh a thabhairt do Bhaile Átha Cliath. Agus í ag labhairt roimh an gcluiche, dúirt Uachtarán Chumann Peile na mBan, Marie Hickey go bhfuil súil aici le slua mór i bPáirc an Chrócaigh inniu. Má éiríonn leo níos mó daoine a mhealladh isteach ná an 30,710 a d’fhreastail ar chluiche ceannais Chorn FA na mBan i Wembley, aithneofar cluiche ceannais an lae inniu mar an ócáid spóirt ban is mó ar fhreastail daoine air san Eoraip i mbliana.

De bharr gur nós le Corcaigh an lá a thabhairt leo sna cluichí móra seo, tá an chuma ar an scéal gur Buckley agus Corkery a bheidh ag ceiliúradh oíche Dé Domhnaigh.

Fág freagra ar 'Imreoirí Chorcaí ar thairseach na staire sa chluiche ceannais inniu'