Imní faoin nGaeilge i Ráth Chairn agus cead tugtha d’fhorbairt óstáin agus scéim tithíochta

Deir Comharchumann Ráth Chairn go ‘scriosfadh’ an fhorbairt nua an Ghaeilge mar theanga phobail sa cheantar

Imní faoin nGaeilge i Ráth Chairn agus cead tugtha d’fhorbairt óstáin agus scéim tithíochta

Tá imní ar dhaoine i Ráth Chairn faoin scéala go bhfuil cead pleanála tugtha d’fhorbairt ina mbeadh óstán 30 seomra agus 25 teach.

Tá sé tugtha le fios ag Comharchumann Ráth Chairn go rachaidh siad chomh fada leis an Ard-Chúirt chun cur i gcoinne na forbartha agus iad buartha go ndéanfadh a leithéid dochar mór don Ghaeilge mar theanga phobail sa bhaile beag Gaeltachta.

Deir an Comharchumann gurb amhlaidh go “scriosfadh” an fhorbairt “na hiarrachtaí” a rinne muintir an cheantair “ó thús” an Ghaeilge a choinneáil slán mar theanga an phobail.

Mhol cigire ón mBord Pleanála nár chóir cead a thabhairt don fhorbairt atá beartaithe ag Colm Ó Gríofa, fear gnó as an áit,  mar gheall ar an dochar a d’fhéadfadh sé a dhéanamh don Ghaeilge agus mar go raibh amhras air faoi cé acu an mbeadh éileamh ar a leithéid.

Chinn an Bord Pleanála cead a thabhairt don fhorbairt, áfach, agus iad sásta le moladh an fhorbróra go gcuirfí cuid mhaith de na tithe nua ar leataobh do chainteoirí Gaeilge.

Dúirt Colm Ó Gríofa go ndíolfaí leath de na tithe le cainteoirí Gaeilge ach dúirt an Bord Pleanála gur gá an céatadán sin a ardú go dtí 70%. Deir Comharchumann Ráth Chairn, áfach, nach bhfuil aon chóras ceart ann a chinnteodh go gcuirfí an coinníoll teanga sin i bhfeidhm.

Dúirt Conradh na Gaeilge gur “údar díomá” a bhí sa chinneadh a rinne an Bord Pleanála. Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn,  le Nuacht TG4, gur “léiriú eile” a bhí ann gur cheart go mbeadh cumhachtaí pleanála sa Ghaeltacht ag Údarás na Gaeltachta.

Fág freagra ar 'Imní faoin nGaeilge i Ráth Chairn agus cead tugtha d’fhorbairt óstáin agus scéim tithíochta'

  • Gerry

    Fás agus forbairt de dhith sna ceantracha Gaeltachta ach an teanga a bheith riachtanach don obair sin.

  • Angela Deegan

    Is deacair dom a thuiscint cén fáth nach bhféadfar córas a chruthu a chinnteodh go gcuirfí an coinníoll teanga i bhfeidhm.

    Da mbeadh cumhachtaí pleanála sa Ghaeltacht ag Údarás na Gaeltachta conas a gcuirfeadh siadsan an coinníoll i bhfeidhm?