Tá sé ina imní ag lucht na Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe gur ísliú céime eile a bheidh i ndán don Ghaeilge san ollscoil má cheaptar duine gan Ghaeilge ina Leas-Uachtarán agus Meabhránaí san institiúid.
Tá post an Leas-Uachtaráin agus Meabhránaí, an dara post is sinsearaí san ollscoil, fógartha ar shuíomh na hollscoile agus an Ghaeilge líofa luaite mar cháilíocht a bheadh “inmhianaithe” ag iarrthóirí seachas í a bheith riachtanach.
Bhíodh riachtanas Gaeilge luaite le trí phost shinsearacha san ollscoil – an tUachtarán, an Meabhránaí, agus Rúnaí na hOllscoile. Bhí riachtanas Gaeilge luaite le post an mheabhránaí nuair a fógraíodh é in 2010.
Dúirt foinsí san ollscoil ar spéis leo cur chun cinn na Gaeilge sa léann agus ar an gcampas gur buille trom don teanga nach bhfuil an Ghaeilge á lua níos mó mar riachtanas do na poist is sinsearaí san ollscoil. Dúradh le Tuairisc gur “buille níos measa fós” a bheadh ann mura mbeadh Gaeilge ag aon duine den triúr sna trí phost is sinsearaí san ollscoil, rud a d’fhéadfadh tarlú má cheaptar duine nach bhfuil Gaeilge acu ina Mheabhránaí.
Cainteoir Gaeilge a bhí i Nollaig Mac Congáil, a bhí i ról an Mheabhránaí ó 2011-2014. Níor luadh an Ghaeilge mar riachtanas in 2014, ach bhí Gaeilge ar a thoil ag an té a ceapadh – Pól Ó Dochartaigh. Ní raibh riachtanas Gaeilge i gceist in 2024 nuair a fógraíodh an post go deireanach, ach tharla sé arís go raibh roinnt Gaeilge ag an té a ceapadh – Peter McHugh.
Tá freagrachtaí ceannaireachta agus bainistíochta na Gaeilge ar thriúr ball d’fhoireann bhainistíochta na hollscoile (UMT): Uachtarán na hOllscoile, David Burn; Meabhránaí Eatramhach na hOllscoile, Becky Whay; agus Déan Feidhmiúil Choláiste na nDán na nEolaíochtaí Sóisialta agus an Léinn Cheiltigh, Rebecca Braun.
Níl Gaeilge ag duine ar bith den triúr sin, cé go bhfuil Becky Whay ag freastal ar ranganna Gaeilge faoi láthair agus go bhfuil David Burn ag foghlaim na Gaeilge chomh maith. Ba é Burn an chéad duine nach raibh Gaeilge aige a ceapadh ina uachtarán san ollscoil ó na 1920idí.
Deirtear sa chur síos ar an bpost atá foilsithe ag Ollscoil na Gaillimhe go mbeidh an té a cheapfar ina mheabhránaí ar an ollscoil freagrach as “forbairt agus cur i bhfeidhm straitéis Gaeilge” na hollscoile agus go mbeidh Oifigeach Gaeilge na hollscoile, Caroline Ní Fhlatharta, ag freagairt dó.
Deirtear freisin go mbeidh ar an meabhránaí na “dualgais reachtúla” atá ar an ollscoil i dtaobh na Gaeilge a chur i gcrích.
Tá 13 chritéar riachtanacha luaite leis an bpost, ach níl líofacht sa Ghaeilge ar cheann acu. Is í an t-aon chritéar atá “inmhianaithe” ná go mbeadh an té a cheapfar “in ann dualgais an róil a chomhlíonadh go dátheangach trí Ghaeilge agus trí Bhéarla”.
Bhíodh riachtanas Gaeilge luaite leis na trí phost shinsearacha ach tá deireadh leis sin anois.
Ba in 2016 a chinn Ollscoil na Gaillimhe fáil réidh leis an riachtanas a bhíodh ann go mbeadh líofacht sa nGaeilge ag an uachtarán agus is é Burn, arb as Oirthuaisceart Shasana dó, an chéad uachtarán ar an ollscoil le breis is 100 bliain nach bhfuil an teanga ar a thoil aige.
Ní raibh líofacht sa Ghaeilge ina critéar riachtanach nuair a ceapadh Ciarán Ó hÓgartaigh ina uachtarán ar an ollscoil in 2017 ach bhí Gaeilge aige.
Tá tuarastal suas le €197,000 luaite le ról an Mheabhránaí.
Fág freagra ar 'Imní faoi stádas na teanga in Ollscoil na Gaillimhe agus post mór eile fógartha gan riachtanas Gaeilge'