Imní ar thuismitheoirí go mbeidh orthu a ngasúir a chur chuig scoileanna Béarla má bhogtar bunscoil lán-Ghaeilge

Tá ionad faighte do Ghaelscoil Laighean i nDún Laoghaire ach tuigtear go bhfuil tuismitheoirí thar a bheith míshásta go mbogfaí an scoil as an gceantar ina bhfuil sí faoi láthair

Imní ar thuismitheoirí go mbeidh orthu a ngasúir a chur chuig scoileanna Béarla má bhogtar bunscoil lán-Ghaeilge

Pléifear ag cruinniú de chuid Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin inniu céard atá i ndán do Ghaelscoil sa cheantar.

Tá obair ar bun ag an Roinn Oideachais chun foirgneamh buan a fháil do Ghaelscoil Laighean, atá lonnaithe faoi láthair ar an gCarraig Dhubh, ach go dtí go mbeidh sí sin tógtha, tá an scoil ag brath ar ionaid shealadacha.

Tá súil ann go mbeidh vóta faoi cár cheart Gaelscoil Laighean a lonnú an scoilbhliain seo chugainn ar chlár chruinniú an lae inniu.

Faoi láthair tá an scoil, a bunaíodh dhá bhliain ó shin, i bhfoirgneamh ar Lána na Cille i nGráinseach an Déin ach tá scoil eile le haistriú go dtí an suíomh sin mí Mheán Fómhair.

Tá ionad faighte do Ghaelscoil Laighean i nDún Laoghaire ach tuigtear go bhfuil tuismitheoirí thar a bheith míshásta go mbogfaí an scoil as an gceantar ina bhfuil sí faoi láthair.

Tá imní ann go scriosfaí an dul chun cinn atá déanta leis an nGaeilge sa cheantar má bhogtar an scoil rófhada ón láthair ina bhfuil sí anois.

Maítear go mbeidh ar roinnt tuismitheoirí a ngasúir a chur chuig scoileanna Béarla toisc nach mbeidh siad in ann freastal ar an ionad nua i nDún Laoghaire.

Táthar ag gearán freisin nach bhfuil clós scoile ar fáil do na gasúir ar an suíomh nua ar Ascaill Eblana i nDún Laoghaire.

Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil imní ar thuismitheoirí go mbeidh an scoil sáinnithe sa bhfoirgneamh i nDún Laoghaire ar feadh tréimhse fada, ach deir an Foras Pátrúnachta, atá mar phátrún ar Ghaelscoil Laighean, nach mbeidh sí ann ach ar feadh tréimhse shealadach.

“Tá plé leanúnach ar siúl idir an Foras Pátrúnachta agus an Roinn Oideachais mar gheall ar Ghaelscoil Laighean, idir an suíomh buan agus suíomh sealadach. Is eol dúinn go bhfuil an Roinn i mbun plé mar gheall ar shuíomh buan don scoil ach nach féidir na sonraí a bhaineann leis a roinnt go fóill.

“Tá an scoil tar éis fás rómhór don fhoirgneamh ina bhfuil siad faoi láthair agus, dá bhrí sin, bhí gá ionad nua a aimsiú don scoilbhliain seo chugainn. Beidh Ascaill Eblana mar láthair shealadach go dtí go réitítear an cheist bhuan.”

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo an tseachtain seo caite, fógraíodh gur suíomh buan do Ghaelscoil Laighean a bheadh sa láthair i nDún Laoghaire ach tá sé tugtha le fios ó shin gur ar bhonn sealadach a bheidh an scoil lonnaithe ansin.

Fág freagra ar 'Imní ar thuismitheoirí go mbeidh orthu a ngasúir a chur chuig scoileanna Béarla má bhogtar bunscoil lán-Ghaeilge'