Imní ar phobal oileán Gaeltachta in Albain faoi líon na ndaoine atá ag teacht ar cuairt

Táthar ag gearán faoi na bóithre cúnga caola san oileán a bheith plódaithe ag cairr, busanna turais, agus veaineanna campál

Imní ar phobal oileán Gaeltachta in Albain faoi líon na ndaoine atá ag teacht ar cuairt

Tá imní ar phobal oileán Gaeltachta in Albain faoi líon na ndaoine atá ag teacht ar cuairt ag an oileán i gcaitheamh shéasúr na turasóireachta. Tá muintir an Oileáin Sciathánaigh, in iarthar na hAlban, den bharúil nach bhfuil bonneagar an oileáin in ann ag líon na ndaoine a thagann chuig na ceantair is mó cáil ar an oileán.

Táthar ag gearán faoi na bóithre cúnga caola san oileán a bheith plódaithe ag cairr, busanna turais, agus veaineanna campála, chomh maith leis an mbruscar a fhágtar i ndiaidh na dturasóirí. Tá tuairiscí ann freisin faoi thurasóirí áirithe a bheith ag mún amuigh faoin aer.

Ag labhairt dó leis an nuachtán The Guardian, dúirt Rob Ware, a bhfuil teach lóistín aige i ndeisceart an oileáin, go bhfuil an t-oileán plúchta ag an turasóireacht i mbliana, go háirithe áiteanna a bhfuil cáil mhór orthu ar nós An Stóir agus A’ Chuith-Raing. Luaitear áiteanna cáiliúla eile ar nós Locháin na Sí agus Teach Solais Rubha na h-Eist le fadhb seo an phlódaithe freisin.

Dúirt Ware go raibh achrann ann níos luaithe an tseachtain seo nuair a chuir bus turasóirí isteach ar shochraid a bhí ar siúl i reilig in aice ‘Ghleann na Sí’ in Uig, atá ar cheann de na háiteanna is measa ó thaobh tráchta san oileán. Bhí an scéal chomh dona sin gur scríobh duine den teaghlach chuig an gcomhlacht turasóireachta ag iarraidh orthu fanacht amach as an Oileán Sciathánach.

Maíonn muintir na háite go gcuireann na cairr, veaineanna campála agus busanna turais isteach ar ghnóthaí an lae agus iad sa bhealach orthu ar bhóithre beaga an oileáin. Tá imní léirithe freisin go gcuirfeadh an tranglam tráchta a bhíonn ar bhóithre an oileáin sa samhradh isteach ar iarrachtaí na foirne tarrthála sléibhe teacht i gcabhair ar dhaoine.

Thagair Ware freisin do chostas na tithíochta san oileán anois. Mhaígh sé go bhfuil leithéidí AirBnB ag cur isteach ar an margadh tithíochta san Oileán Sciathánach agus go bhfuil praghsanna na dtithe ardaithe as cuimse le cúpla bliain anuas.

Tá cáineadh déanta freisin faoi chinneadh Chomhairle na Gaeltachta leithris phoiblí san oileán a dhúnadh. Maítear go bhfuil brú breise ar thithe ósta agus ar bhialanna a leithris a chur ar fáil do dhaoine nach custaiméirí iad, agus go bhfuil roinnt turasóirí ag déanamh a gcúraim amuigh faoin aer mar gheall ar a laghad leithreas poiblí atá san áit.

Tá Shirley Spear, ar léi bialanna mór le rá san oileán, i mbun feachtais in éineacht le Ware le maoiniú a fháil le straitéis turasóireachta a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm ar an oileán. Maíonn siad beirt go gcaithfear na blianta fada gan aon infheistiú i mbun-infreastruchtúr an oileáin a chúiteamh.

Tá cúpla cúis éagsúla á lua leis an bhfás millteanach ar líon na gcuairteoirí chuig an oileán iargúlta Gaeltachta. Taifeadadh roinnt radharc do scannáin mhóra Hollywood san oileán le deich mbliana anuas, tá an t-oileán ag croí an scéil sa tsraith teilifíse Highlander a bhfuil gradam go leor bainte amach aici, agus tá feachtas láidir turasóireachta ar bun le cúpla bliain anuas ag Visit Scotland agus airí rialtais na tíre in iarracht cuairteoirí saibhre a mhealladh go dtí Albain. Tá an t-oileán le feiceáil i bhfógra teilifíse don chomhlacht carr Volvo agus i bhfíseán ceoil de chuid Harry Styles. Tá go leor longa móra pléisiúir ag teacht i dtír san oileán agus ina ghaobhar i gcaitheamh an tsamhraidh seo freisin, os cionn 30 long, agus os cionn 2,000 paisinéir ar bord ag cuid acu.

Fág freagra ar 'Imní ar phobal oileán Gaeltachta in Albain faoi líon na ndaoine atá ag teacht ar cuairt'