Imní ar NPHET faoin ardú ar líon na gcásanna den choróinvíreas a bhaineann le taisteal agus le daoine óga

Tá triúr eile a raibh Covid-19 orthu básaithe agus 11 cás nua den ghalar deimhnithe

Imní ar NPHET faoin ardú ar líon na gcásanna den choróinvíreas a bhaineann le taisteal agus le daoine óga

Tá fógartha ag an Roinn Sláinte go bhfuil triúr eile a raibh Covid-19 orthu básaithe agus go bhfuil 11 cás nua den ghalar deimhnithe.

2,278 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,730 duine ó dheas den teorainn agus 548 ó thuaidh di.

30,293 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 25,414 cás ó dheas den teorainn agus 4,879 cás ó thuaidh di.

D’fhógair an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (NPHET) go raibh baint le hionad cúraim ag 1,093  den 1,730 duine a bhásaigh de bharr an ghalair go n-uige seo ó dheas, nó 63%. Bhain 970 de na cásanna sin, nó 56% acu, le tithe altranais.

Bhí cóir leighis á cur sna hospidéil maidin inniu ar 25 duine a raibh Covid-19 orthu agus bhí 12 díobhsan sna haonaid dianchúraim.

Dúirt Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte, Dr Tony Holohan go léiríonn anailís a rinne an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte go raibh líon na gcásanna Covid-19 in Éirinn le seacht lá i measc na gcinn is ísle san Eoraip agus go raibh an scéal amhlaidh a bhuíochas do na hiarrachtaí a rinne gach duine.

Ach dúirt an Dr Holohan go gcaithfí a bheith san airdeall i gcónaí go háirithe faoi chúrsaí taistil.

“Caithfear cuimhneamh áfach go bhfuil ráigeanna nua den ghalar i dtíortha éagsúla a mhaolaigh na srianta. Meabhraíonn sé sin dúinn go bhfuil dhá rud fíorthábhachtach – cloí leis na treoirlínte sláinte phoiblí agus na srianta á scaoileadh againn anseo in Éirinn agus aon taisteal nach bhfuil riachtanach a sheachaint.”

Dúirt an tOllamh Philip Nolan, cathaoirleach an ghrúpa a dhéanann réamh-mheastacháin faoin eipidéim do NPHET, go raibh an líon othar atá á gcur in aonaid dianchúraim, líon na gcásanna gach lá agus líon na ndaoine atá ag fáil bháis ag titim i gcónaí.

Níos lú ná deich gcinn de chásanna nua sa lá a bhíonn ann ar an meán anois agus ní bhíonn toradh dearfach ach 0.4% de na daoine a ndéantar tástáil orthu.

Dúirt an tOllamh Nolan, áfach, go raibh dhá chúis imní faoi láthair ann: líon na ndaoine óga go bhfuil an galar á tholgadh acu agus an t-ardú ar líon na gcásanna a bhaineann le taisteal.

“Tá scaipeadh an víris i measc an phobail an-íseal sa tír seo i gcónaí.

“Mar sin féin is údar imní é le déanaí go bhfuil ardú ar líon na gcásanna a bhaineann le taisteal agus le daoine óga. Tá sé an-riachtanach go leanfadh gach duine againn orainn ag ní na lámh i gceart, go gcloífimid leis an scoitheadh sóisialta agus nach mbímid ag casacht ná ag sraothartach ar dhaoine eile.”

Dúirt Nolan go mbaineann thart ar leath de na cásanna nua anois le daoine faoi bhun 40 bliain d’aois.

Idir 0.5-0.7 atá ráta atáirgthe an ghalair.

13 cás nua a bhain le taisteal ó thíortha eile le seachtain anuas ach ní raibh aon chás nua dá leithéid ar feadh tamaill roimhe sin. Bhain na cásanna nua le daoine a tháinig ó Mheiriceá, Sasana, an Spáinn, an Phortaingéil,  an tSualainn, an India, an Bhanglaidéis agus an Phacastáin.

Dúirt Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte, Dr Tony Holohan go mbíonn “an-imní go deo” air faoi aon ardú ar líon na gcásanna a bhaineann le cúrsaí taistil.

Dúirt sé chomh maith go bhfuil imní air nach bhfuil an chomhairle faoin tsláinte phoiblí ag dul i bhfeidhm ar dhaoine óga. Dúirt sé go raibh grúpaí daoine óga feicthe aige ag cruinniú le chéile taobh amuigh “amhail is nach raibh rud ar bith ar siúl”.

Fág freagra ar 'Imní ar NPHET faoin ardú ar líon na gcásanna den choróinvíreas a bhaineann le taisteal agus le daoine óga'