Imní ar eagraíochtaí Gaeilge nach scaoilfear an ruóg den sparán arís i mBuiséad 2022

Cé go bhfuil ardú i ndán don Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Spóirt, Gaeltachta agus Meán, meastar gur i dtreo an chultúir agus na n-ealaíon a rachaidh an chuid is mó den mhaoiniú breise sin

Imní ar eagraíochtaí Gaeilge nach scaoilfear an ruóg den sparán arís i mBuiséad 2022

Ní mór an dóchas atá ag eagraíochtaí teanga go mbeidh aon fhéirín rómhór dóibh i mBuiséad 2022 inniu.

Ardú 23% a fógraíodh ar chiste na Gaeilge agus na Gaeltachta anuraidh, ach meastar gur cosúla a bheidh buiséad an lae inniu le buiséid na mblianta roimhe sin nuair ba mhéadú beag a bhí i gceist i gcás na teanga.

Cé go bhfuil ardú i ndán don Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Spóirt, Gaeltachta agus Meán, meastar gur i dtreo an chultúir agus na n-ealaíon a rachaidh an chuid is mó den mhaoiniú breise.

Tá caint ann faoi phacáiste €100 milliún chun borradh a chur athuair faoi thionscal na n-ealaíon agus na siamsaíochta agus tá dóchas beag áirithe ann go mbeidh buntáiste éigin don Ghaeilge agus don Ghaeltacht as a bheith luaite le ceann de na ranna a bhfuil airgead breise á chur ar leataobh di.

Ach imní den chuid is mó atá ann i measc lucht na n-eagraíochtaí Gaeilge gur eisceacht a bhí i mbuiséad na bliana seo caite ó thaobh na Gaeilge agus nach scaoilfear an ruóg den sparán arís i mbliana.

€8 milliún breise a fógraíodh d’Údarás na Gaeltachta anuraidh, mar shampla. B’in i mbuiséad a raibh sé mar aidhm aige spreagadh a thabhairt do chúrsaí eacnamaíochta a bhí buailte go dona ag an bpaindéim Covid-19 agus ní dócha go mbeidh dea-scéal dá leithéid ag an Údarás inniu.

€1.7 milliún d’ardú a fuair an Foras Teanga anuraidh, an t-ardú is mó a fuair an eagraíocht ó 2008. Agus éiginnteacht arís ann faoina bhfuil i ndán d’fheidhmeannas Stormont mura bhfaigheann Foras na Gaeilge ardú inniu d’fhéadfadh go mbeadh tamall ann sula dtiocfadh ardú ar a mbuiséad arís.

Údar imní eile atá ann ná nár éirigh le heagraíochtaí teanga an maoiniú a bhí ceadaithe ag an Rialtas dóibh a chaitheamh anuraidh. Níor caitheadh breis is €6 milliún den airgead a bhí curtha i leataobh don Ghaeilge agus don Ghaeltacht in 2020. 

Ar na réimsí caiteachais eile a mbeidh súil ghéar á coinneáil ag eagraíochtaí teanga orthu inniu tá an phleanáil teanga. Níor caitheadh beagnach €1 milliún den bhuiséad don Straitéis 20 bliain don Ghaeilge anuraidh agus dúradh gurb iad na deacrachtaí a bhí cruthaithe ag an bpaindéim i dtaobh pleananna teanga a chur i bhfeidhm ba chúis leis an ngannchaiteachas.

Beidh súil ghéar a coinneáil chomh maith ar chiste na Gaeilge i mbliana féachaint an gcuirfear maoiniú breise ar fáil chun tús a chur an bhliain seo chugainn le feidhmiú an bhille teanga atá ag an gcéim dheireanach i dTithe an Oireachtais.

€23 milliún breise do chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta atá á lorg ag Conradh na Gaeilge i mBuiséad 2022.

Is do TG4 is mó atá maoiniú breise á éileamh ag an eagraíocht teanga i mbliana agus €10 milliún á lorg don stáisiún.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, le Tuairisc.ie go raibh an méid sin ag teastáil chun go mbeadh TG4 in acmhainn níos mó clár Gaeilge a dhéanamh.

€8 milliún atá á lorg d’Údarás na Gaeltachta ach tá coinníoll nua curtha ag Conradh na Gaeilge lena n-éileamh don Údarás i mbliana. Dúirt Julian de Spáinn go raibh an maoiniú breise á lorg ar an tuiscint go gcaithfí é ar an bpleanáil teanga agus ar chruthú fostaíochta atá bunaithe ar an teanga.

€3 milliún atá á lorg d’Fhoras na Gaeilge le caitheamh ar lárionaid Ghaeilge a fhorbairt, ar chlár na leabhar Gaeilge, ar na meáin Ghaeilge agus ar scoláirí atá faoi mhíbhuntáiste.

Is do Roinn na Gaeltachta féin atá an €2 milliún eile á lorg dá scéimeanna Gaeilge.

Fág freagra ar 'Imní ar eagraíochtaí Gaeilge nach scaoilfear an ruóg den sparán arís i mBuiséad 2022'