Breis is €6 mhilliún de mhaoiniú eagraíochtaí Gaeltachta fágtha gan caitheamh

Is mar gheall ar an bpaindéim Covid-19 is mó nár caitheadh an t-airgead uile a cuireadh i gciste na Gaeilge agus na Gaeltachta, de réir tuarascála nua

Breis is €6 mhilliún de mhaoiniú eagraíochtaí Gaeltachta fágtha gan caitheamh

D’fhág teip eagraíochtaí teanga an maoiniú a bhí ceadaithe ag an Rialtas dóibh a chaitheamh anuraidh, nár caitheadh breis is €6 milliún a bhí curtha i leataobh don Ghaeilge agus don Ghaeltacht in 2020. 

De réir tuarascáil de chuid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar chaiteachas Roinn na Gaeltachta anuraidh, caitheadh €66.217 milliún ar chúrsaí Gaeltachta cé go raibh os cionn €72 milliún ceadaithe don chiste sin ag an Rialtas. 

Údarás na Gaeltachta is mó nár éirigh leo an buiséad a bhí ceadaithe dóibh a chaitheamh. Cuireadh maoiniú €18 milliúin ar fáil don Údarás in 2020 chun deontais a bhronnadh ar thograí agus ar chaiteachas caipitiúil ach níor caitheadh ach beagán os cionn €13 milliún de. 

Dúradh san iniúchadh nach rabhthas in ann an €4.725 milliún eile a chaitheamh mar gheall ar an tionchar a bhí ag an bpaindéim Covid-19 ar an gclár caipitiúil oibreacha. Tugadh cead don Údarás €2.225 milliún den mhaoiniú nár caitheadh a thabhairt ar aghaidh go dtí buiséad 2021, áfach.  

Cé go raibh fuílleach airgid ann i mbuiséad caipitil an Údaráis, chaith an eagraíocht níos mó ná mar a bhí beartaithe acu ar chúrsaí riaracháin anuraidh. Buiséad riaracháin €9.602 milliún a bhí ceadaithe don Údarás in 2020 ach caitheadh €10.852 milliún i gcaitheamh na bliana, breis is €1.2 milliún níos mó ná mar a bhí curtha ar fáil dóibh sa bhuiséad. 

Dúradh gurb í an phaindéim agus íocaíochtaí díbhinne nár tháinig isteach ba chúis leis an mbarraíocht. Fuarthas cead na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe maoiniú a aistriú ó fhoinsí eile chun an difear i gcúrsaí riaracháin a dhéanamh suas. 

Beagnach €1 milliún den bhuiséad don Straitéis 20 bliain don Ghaeilge a bhí gan caitheamh in 2020. Níor caitheadh ach €2.819 milliún den €3.7 milliún a bhí ceadaithe d’fheidhmiú na straitéise, rud a d’fhág nár caitheadh €881,000 eile a bhí ceadaithe ag an Rialtas don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.  

Dúradh gurb iad na deacrachtaí a bhí cruthaithe ag an bpaindéim i dtaobh pleananna teanga a chur i bhfeidhm ba chúis leis an ngannchaitheamh i dtaobh na Straitéise 20 Bliain. 

Níor chaith an Foras Teanga – Foras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise – an buiséad iomlán a bhí ceadaithe dóibh ach oiread. Níor chaith an Foras Teanga beagnach €800,000 den mhaoiniú a bhí curtha ar leataobh dóibh i mBuiséad an Rialtais. Chuir an Rialtas €13.383 milliún ar leataobh don bhForas Teanga in 2020 ach níor caitheadh ach €12.585 milliún. Arís, dúradh gurbh í an phaindéim ba chúis leis an teip an t-airgead a chaitheamh. Luadh chomh maith i gcás an Fhorais Teanga an t-athrú a tháinig ar an ráta malairte ag deireadh 2020. 

Ní in earnáil na Gaeilge agus na Gaeltachta amháin nár caitheadh an maoiniú uile a bhí curtha ar fáil ag an Rialtas. Caitheadh €12 milliún níos lú ar chúrsaí ealaíon agus cultúir ná mar a bhí beartaithe agus €37 milliún a fágadh gan caitheamh sa bhuiséad spóirt. Tionchar na paindéime is mó ba chúis leis sin, de réir na tuarascála. 

€66.217 ar fad a chaith Roinn na Gaeltachta ar chúrsaí Gaeltachta in 2020, laghdú ón €68.194 a caitheadh in 2019. 

Cuireadh €14.6 milliún breise ar fáil do Roinn na Gaeltachta i mBuiséad 2021, ardú 23%. D’fhógair Conradh na Gaeilge an tseachtain seo caite go bhfuil siad ag lorg €23 milliún breise do chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta i mBuiséad 2022. 

Fág freagra ar 'Breis is €6 mhilliún de mhaoiniú eagraíochtaí Gaeltachta fágtha gan caitheamh'

  • Sean ÓM

    Aisteach go deo go bhfuil Calafort Ros a Mhíl agus Lurgan fós ag fanacht….
    ….seans maith go bhfuil tograí maithe i mGaoth Dobhair agus araile ag fanacht nó ag feitheamh chomh maith……