€23 milliún breise á lorg sa Bhuiséad do chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta

Is do TG4 is mó atá maoiniú breise á éileamh ag Conradh na Gaeilge ina n-aighneacht réamhbhuiséid i mbliana agus €10 milliún á lorg don stáisiún

€23 milliún breise á lorg sa Bhuiséad do chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta

€23 milliún breise do chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta atá á lorg ag Conradh na Gaeilge i mBuiséad 2022.

Is do TG4 is mó atá maoiniú breise á éileamh ag an eagraíocht teanga i mbliana agus €10 milliún á lorg don stáisiún.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, le Tuairisc.ie go raibh an méid sin ag teastáil chun go mbeadh TG4 in acmhainn níos mó clár Gaeilge a dhéanamh.

€8 milliún atá á lorg d’Údarás na Gaeltachta i mbliana ach tá coinníoll nua curtha ag Conradh na Gaeilge lena n-éileamh don Údarás i mbliana. Dúirt Julian de Spáinn go raibh an maoiniú breise á lorg ar an tuiscint go gcaithfí é ar an bpleanáil teanga agus ar chruthú fostaíochta atá bunaithe ar an teanga.

€3 milliún atá á lorg d’Fhoras na Gaeilge le caitheamh ar lárionaid Ghaeilge a fhorbairt, ar chlár na leabhar Gaeilge, ar na meáin Ghaeilge agus ar scoláirí atá faoi mhíbhuntáiste.

Is do Roinn na Gaeltachta féin atá an €2 milliún eile á lorg dá scéimeanna Gaeilge.

Phléigh Conradh na Gaeilge Buiséad 2022 le breis is 60 Teachta Dála agus Seanadóir le coicís anuas mar chuid dá bhfeachtas stocaireachta ‘Seas2021’ a bhfuil clabhsúr á chur inniu air i ndiaidh coicís de chruinnithe.

Chomh maith leis an mBuiséad, phléigh Conradh na Gaeilge cúrsaí oideachais agus cúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht leis na polaiteoirí chomh maith.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge gur thuig an uile dhuine den bhreis is 60 polaiteoir ar labhair siad leo nach mbeadh aon chiall le cúrsa Gaeilge níos dúshlánaí a thabhairt isteach don chainteoir líofa gan cúiteamh éigin a bheith ag dul leis.

Dúirt Julian de Spáinn chomh maith go bhfuair an eagraíocht “an-éisteacht” ó na polaiteoirí maidir leis an éileamh ar pholasaí náisiúnta Gaeltachta don phleanáil tithíochta. “Tugadh an-tacaíocht don éileamh sin agus léiríodh an-tuiscint don ghá le polasaí náisiúnta chun an Ghaeilge a chosaint sa Ghaeltacht agus chun go mbeadh cead ag muintir na Gaeltachta maireachtáil ina gceantair dhúchais féin,” arsa Julian de Spáinn.

Tá an tAire Airgeadais Paschal Donohoe agus an tAire Caiteachais Phoiblí Michael McGrath i mbun cruinnithe an tseachtain seo lena gcomhairí maidir leis na héilimh atá acu roimh Bhuiséad 2022, a fhógrófar ar an 12 Deireadh Fómhair.

Dúirt Julian de Spáinn go raibh súil aige go gcuirfí brú breise ar an Rialtas “cothrom na Féinne a thabhairt don Ghaeilge agus don Ghaeltacht” sa Bhuiséad.

Dúirt sé go bhfuarthas maoiniú breise do chiste na teanga anuraidh ach go mbeadh sé “tubaisteach mura dtógfaí air sin le hardú eile i mbliana”.

Fág freagra ar '€23 milliún breise á lorg sa Bhuiséad do chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta'