Seo againn é, cluiche deiridh shéasúr gairmiúil rugbaí na tíre seo – cluiche ceannais an URC.
Don dara bliain as a chéile is in Cape Town na hAfraice Theas a bheas sé á imirt idir na Stormers, curaidh an chomórtais anuraidh, agus na Muimhnigh, foireann nár bhuaigh craobh in aon chomórtas ón mbliain 2011.
Ní hamháin go gcaithfidh Cúige Mumhan an dúshlán a bhaineann le himirt as baile a shárú, ach caithfidh siad teacht chucu féin ón turas fada crua ó bhruach na Sionainne go bun Table Mountain.
Beidh fir Graham Rowntree ag súil go mbeidh an cúpla míle duine dá lucht tacaíochta a rinne an t-aistear ó dheas in ann dóthain gleo a dhéanamh le gleo na mílte a bheas i láthair ar son na Stormers a phlúchadh. Sin rud nach mbeidh ró-éasca.
Ar pháirc na himeartha, beidh imreoirí na Mumhan ag súil go mbeidh siad in ann teacht ar an sprid, ar an muinín agus ar an tsárimirt a choinnigh Cúige Laighean ó dhoras sa gcluiche leathcheannais (16-15) agus Glaschú (14-5) sa mbabhta ceathrú ceannais, dhá bhua nach raibh mórán duine ar bith ag súil leo ag an am.
Ag an am céanna, más le Cúige Mumhan an chraobh a thabhairt leo, caithfidh siad a chruthú nach taisme ná ádh a bhí sa mbua sin ar Chúige Laighean coicís ó shin.
Is cinnte go gcreideann lucht leanúna na Stormers go ndearna Leo Cullen dearmad nuair a roghnaigh sé foireann dara rogha don choimhlint sin agus nach iad na Muimhnigh an fhoireann is láidre sa tír seo.
Ag an am céanna chas an dá fhoireann seo ar a chéile faoi dhó roimhe seo agus níor bhuaigh na Stormers ceachtar den dá chluiche sin. Ar an 15 Aibreán a imríodh an ceann ba dheireanaí acu sin agus bhuaigh Cúige Mumhan (26-24) as baile in aghaidh na Stormers. Seans dá bhrí sin go mbeidh dearcadh iomlán difriúil ag imreoirí agus ag lucht bainistíochta na Stormers maidir leis na cuairteoirí le hais a lucht leanúna.
Beidh na Stormers ag brath, mar a bhíonn i gcónaí, ar an toirt agus ar an bhfisiciúlacht a thugann an paca mór tosaithe atá acu dóibh sa gclibirt agus sa mhál. Caithfidh tosaithe na Mumhan an láidreacht seo a cheansú agus ag an am céanna, caithfidh chuile imreoir sa ngeansaí dearg a chinntiú nach dtabharfaidh siad ciceanna éirice uathu mar gur ag foireann an bhaile atá an ciceálaí is éifeachtaí san URC, Manie Libbok. Is fiú a mheabhrú freisin go bhfuair Libbok 23 pointe as an 43 pointe a fuair na Stormers i gcoinne Chúige Chonnacht sa gcluiche leathcheannais, dhá úd san áireamh ansin.
Más féidir le Cúige Mumhan gan an iomarca deiseanna a thabhairt do Libbok agus más féidir leo brú a chur ar shíneadh amach na Stormers, díreach mar a rinne Cúige Chonnacht, níl siad gan seans agus ní bheidh an choimhlint chomh leataobhach agus a shíleann go leor roimh thús an chluiche.
Tá imirt na Mumhan ag feabhsú ag an am ceart agus freisin níl tada is fearr leo ná geallghlacadóirí agus an domhan mór a bhréagnú.
Seans gur breá a fheileann sé do Chúige Mumhan nach bhfuiltear ag tabhairt mórán seans dóibh.
Fág freagra ar 'Imirt na Mumhan ag feabhsú ag an am ceart'