8.00 a.m. |
CRAOLADH BEO ÓN OIREACHTAS – Clár Raidió: Adhmhaidin – Arna chraoladh ag RTÉ Raidió na Gaeltachta – IONAD: An Ródaí, RTÉ , Raidió na Gaeltachta |
9.30 a.m. |
COMÓRTAS 1 – Réamhbhabhta Damhsa ar an Sean-Nós (Faoi 9) – IONAD: Svuít Avenue, Óstán Avenue |
9.30 a.m. |
COMÓRTAS 2 – Réamhbhabhta Damhsa ar an Sean-Nós (9-12) – IONAD: Svuít McShain, Óstán Killarney Paza |
9.30 a.m. |
COMÓRTAS 5 – Amhránaíocht ar an Sean-Nós (Faoi 9) – IONAD: Amharclann an Oireachtais, Óstán Brehon |
9.30 a.m. |
COMÓRTAS 6 – Amhránaíocht ar an Sean-Nós (9-12) – IONAD: Seomra Inis Faithleann, Óstán Gleneagle |
9.30 a.m. |
COMÓRTAS 20 – Réamhbhabtha Lúibíní (12-15) – Roghnófar rogha iomaitheoirí ón réambhabtha le páirt a ghlacadh sa bhabtha craoibhe tráthnóna Dé hAoine, a chraolfar beo mar chuid den chlár ar TG4, Lár Stáitse, ag 8.00 – 9.30 p.m. – IONAD: Seomra Mangerton, Óstán Gleneagle |
10.00 a.m. |
COMÓRTAS 37: Corn Cuimhneacháin Sheáin Óig Uí Thuama – Amhránaíocht ar an Sean-Nós: Mná faoi 35 – IONAD: Seomra Onóra, Leibhéal 1, INEC |
10.00 a.m. |
COMÓRTAS 38: Corn Cuimhneacháin Amhránaithe Sean-Nóis Mhúscraighe – Amhránaíocht ar an Sean-Nós: Fir faoi 35 – IONAD: Ballroom, Óstán Gleneagle |
10.00 a.m. – 5.00 p.m. |
AN SEOMRA TEAGHLAIGH – Arna eagrú ag Glór na nGael. – Clár Ceoil, Amhráin & Siamsaíochta do Pháistí, ag freastal ar gach aoisghrúpa. Beidh Giggles, an Fear Grinn, i láthair don lá ar fad. – IONAD: An Seomra Teaghlaigh, An tIonad Fóillíochta, Óstán Gleneagle |
10.15 a.m. |
CRAOLADH BEO ÓN OIREACHTAS – Clár Raidió: Sinéad ar Maidin – Arna chraoladh ag RTÉ Raidió na Gaeltachta – IONAD: An Ródaí, RTÉ , Raidió na Gaeltachta |
11.00 a.m. |
COMÓRTAS 3 – Réamhbhabhta Damhsa ar an Sean-Nós (12-15) – IONAD: Svuít Avenue, Óstán Avenue |
11.00 a.m. |
CEARDLANN RINCE NUA-AIMSEARTHA – le Siobhán de Paor ó Ghaeltacht Chorca Dhuibhne. – Arna eagrú ag Glór na nGael. – IONAD: An Seomra Teaghlaigh, An tIonad Fóillíochta, Óstán Gleneagle |
11.30 a.m. |
COMÓRTAS 4 – Réamhbhabhta Damhsa ar an Sean-Nós (15-18) – IONAD: Svuít McShain, Óstán Killarney Plaza |
12.00 p.m. |
COMÓRTAS 7 – Amhránaíocht ar an Sean-Nós (12-15) – IONAD: Amharclann an Oireachtais, Óstán Brehon |
12.00 p.m. |
CAINT PHOIBLÍ: DO CHUID ATHCHÚRSÁLA – Arna eagrú ag Voice Ireland. – Cad a théann isteach i do bhosca athchúrsála? Cén cineál plaisteach ar féidir athchúrsáil in Éirinn? An bhfuil a fhios agat cá dtéann do chuid Bruscair Athchúrsála? Tá Voice Ireland ag an Oireachtas le do cheisteanna a fhreagairt. Tá sé tábhachtach – Téigh i ngleic le do chuid bruscair! – IONAD: Ardán an Aonaigh, Aonach an Oireachtais, INEC |
12.00 p.m. |
CÚINNE SCÉALAÍOCHTA – leis an Scéalaí Máirín Mhic Lochlainn ó Ghaeltacht Chonamara. – Arna eagrú ag Glór na nGael. – IONAD: An Seomra Teaghlaigh, An tIonad Fóillíochta, Óstán Gleneagle |
12.00 p.m. – 2.00 p.m. |
CRAOLADH BEO ÓN OIREACHTAS – Clár Raidió: Bróinse na Féile – Comhchraoladh raidió idir Raidió na Life agus Raidió Fáilte – Clár irise le nuacht na féile, ceol, amhránaíocht, agallaimh le hiomaitheoirí agus rannpháirtithe. – IONAD: ‘An Nead’, Lobbaí, Óstán Gleneagle |
12.10 p.m. |
CRAOLADH BEO ÓN OIREACHTAS – Clár Raidió: An Saol ó Dheas – Arna chraoladh ag RTÉ Raidió na Gaeltachta – IONAD: An Lobbaí, Óstán Gleneagle |
1.00 p.m. |
COMÓRTAS 8 – Amhránaíocht ar an Sean-Nós (15-18) – IONAD: Seomra Inis Faithleann, Óstán Gleneagle |
1.00 p.m. |
COMÓRTAS 36: Corn Cuimhneacháin Amhránaithe Sean-Nóis Chonamara – Amhránaíocht ar an Sean-Nós: Fir os cionn 35 – IONAD: Ballroom, Óstán Gleneagle |
1.00 p.m. |
SEOLADH FHÉILE NA GEALAÍ 2019 – Seolfar Féile na Gealaí 2019 go hoifigiúil. Craic, ceol agus aíonna speisialta ar Ardán an Aonaigh. Tá an fhéile ar an bhfód le trí bliana anuas agus í ag fás de réir a chéile bliain i ndiaidh bliana. Beidh Féile na Gealaí 2019 ar siúl i Ráth Chairn idir an 14-16 Meitheamh 2019. – IONAD: Ardán an Aonaigh, Aonach an Oireachtais, INEC |
1.00 p.m. |
PÉINTEÁIL AGHAIDHE – le hEdel Ní Bhraonáin ó Ghaeltacht Uíbh Ráithigh. – Ag déanamh Puipéid Balúin, saor spraoi agus cluichí le Giggles an Fear Grinn & Foireann Ghlór na nGael. – Arna eagrú ag Glór na nGael. – IONAD: An Seomra Teaghlaigh, An tIonad Fóillíochta, Óstán Gleneagle |
1.30 p.m. |
SEOLADH TUAIRISCE – Arna eagrú ag an Seanadóir Pádraig Ó Céidigh – “Próifíl Shocheacnamaíoch na Seacht gCeantar Gaeltachta in Éirinn” – IONAD: Seomra Park, Óstán Brehon |
2.00 p.m. |
COMÓRTAS 35: Corn Mháire Nic Dhonnchadha – Amhránaíocht ar an Sean-Nós: Mná os cionn 35 – IONAD: Seomra Onóra, Leibhéal 1, INEC |
2.00 p.m. |
COMÓRTAS 24 – Réamhbhabhta Damhsa ar an Sean-Nós (Daoine Fásta) – IONAD: Óstán Killarney Avenue |
2.00 p.m. |
COMÓRTAIS 30 & 33 – Lúibíní & Amhrán Saothair – BEO ÓN OIREACHTAS ar www.tg4.tv agus www.antoireachtas.ie. – IONAD: Seomra Mangerton, Óstán Gleneagle |
2.00 p.m. |
SEOLADH LEABHAIR – Mise an Mac San: ag cuimhneamh ar an Athair Peadar Ó Laoghaire – Le hEilís Uí Bhriain agus Pat O’Brien – Agus é ag iarraidh aird an phobail a tharraingt air arís roimh a chomóradh sa bhliain 2020, caitheann Mise an Mac San súil úr ar údar Shéadna agus Mo Scéal Féin, fear a raibh cáil fud fad na tíre air tráth ach atá leath-dhearmadta anois. – Arna fhoilsiú ag Fermoy Print. – IONAD: Ardán an Aonaigh, Aonach an Oireachtais, INEC |
2.30 p.m. |
ÚSÁID FOCLÓIR.IE AGUS TEANGLANN.IE – Arna eagrú ag Foras na Gaeilge – Cur i láthair c. 30 nóiméad ag taispeáint conas lántairbhe a bhaint as na foclóirí ar líne ag www.focloir.ie agus www.teanglann.ie – IONAD: Seomra Torc, Óstán Gleneagle |
2.45 p.m. |
CEARDLANN RINCE AR AN SEAN-NÓS – le Caoimhe Ní Mhaolagáin ó Bhaile Átha Cliath. Aoisghrúpa 0-6. – Arna eagrú ag Glór na nGael. – IONAD: An Seomra Teaghlaigh, An tIonad Fóillíochta, Óstán Gleneagle |
3.00 p.m. |
CRAOLADH BEO ÓN OIREACHTAS – Rónán Beo@3 – Arna chraoladh ag RTÉ Raidió na Gaeltachta – IONAD: An Lobbaí, Óstán Gleneagle |
3.00 p.m. |
SEISIÚN EOLAIS – Scéimeanna Fhoras na Gaeilge. – IONAD: Ardán an Aonaigh, Aonach an Oireachtais, INEC |
3.20 p.m. |
CEARDLANN RINCE AR AN SEAN-NÓS – le Caoimhe Ní Mhaolagáin ó Bhaile Átha Cliath. Aoisghrúpa 6+. – Arna eagrú ag Glór na nGael. – IONAD: An Seomra Teaghlaigh, An tIonad Fóillíochta, Óstán Gleneagle |
4.00 p.m. |
ATHSHEOLADH www.focal.ie MAR BHUNACHAR FOCAL NA NUA-GHAEILGE AGUS FOCAL AR FHOCAL: TIONSCADAIL FOCLÓIREACHTA FHORAS NA GAEILGE – Déanfaidh Ciarán Mac Murchaidh, Ceann Scoile, Fiontar agus Scoil na Gaeilge, DCU, an suíomh www.focal.ie a athsheoladh mar shuíomh tairsí arb aidhm dó gach focal Nua-Ghaeilge a liostú mar aon le naisc chuig na foinsí foclóireachta agus téarmaíochta ina bhfuil siad le fáil. – Ina dhiaidh sin beidh seisiún eolais ar an dul chun cinn i dtionscadail foclóireachta uile Fhoras na Gaeilge agus ar a bhfuil ar na bacáin iontu. – IONAD: Seomra Torc, Óstán Gleneagle |
4.00 p.m. |
SEOLADH LEABHAIR – Micí s’againne le Caoimhin Mac a’ Bhaird agus Christopher Ammentorp á sheoladh ag Joe Ó Dónaill. – Leabhar do dhaoine óga atá lán d’eachtraíocht agus de spraoi. – Arna fhoilsiú ag Éabhlóid – IONAD: Ardán an Aonaigh, Aonach an Oireachtais, INEC |
4.00 p.m. |
BALLET POULET – Seó nua iontach ó mhuintir Fanzini. – Arna eagrú ag Glór na nGael. – IONAD: An Seomra Teaghlaigh, An tIonad Fóillíochta, Óstán Gleneagle |
5.00 p.m. |
COMÓRTAS 32: Corn Sheáin Eoin Uí Shúilleabháin – Amhrán Nua-Chumtha (Daoine Fásta) – IONAD: Ballroom, Óstán Gleneagle |
5.00 p.m. |
SEOLADH DLÚTHDHIOSCA – ‘An Tobar Séimh’ le Cárthach Mac Craith á sheoladh ag An Dr. Stíofán Ó Cadhla. – Cnuasach breá é seo d’amhráin na nDéise, cuid aca atá aitheanta agus cúpla seod nár taifeadadh riamh cheana. – IONAD: Ardán an Aonaigh, Aonach an Oireachtais, INEC |
5.00 p.m. |
SEOLADH CLÁR TEILIFÍSE – ‘Sé Mo Laoch: Sarah Ghriallais’ á sheoladh ag Aniar TV. – IONAD: Amharclann an Oireachtais, Óstán Brehon |
5.00 p.m. |
SEARMANAS BRONNTA THEASTAIS TEG – Arna eagrú ag Foireann TEG – Tá foireann Theastas Eorpach na Gaeilge (TEG), Lárionad na Gaeilge, Ollscoil Mhá Nuad ag súil go mór le teastais sa Ghaeilge a bhronnadh ar iarrthóirí rathúla TEG ag Oireachtas na Samhna i mbliana. Thug breis agus 600 iarrthóir faoi scrúduithe TEG in ionaid timpeall na hÉireann agus thar lear i mbliana. Chomh maith leis sin, bronnfar Gradam TEG ar Scoil Íosagáin (Baile Átha Cliath) as an dul chun cinn eiseamláireach atá déanta ag an scoil i dtaca le múineadh agus le foghlaim na Gaeilge. Bígí linn! – IONAD: Seomra Park, Óstán Brehon |
6.30 p.m. |
AN BHFUIL CEAD AGAM? – Arna eagrú ag Meitheal na mBan Béal Feirste. – Tá fáilte roimh an bpobal ar fad – mná, fir agus daoine neamh-dhénartha – ag an bpainéal plé seo atá á reáchtáil ag Meitheal na mBan. Beidh siad ag plé cúrsaí tola agus ceada – céard atá i gceist leo agus céard iad na himpleachtaí a bhíonn ann nuair nach n-iarrtar cead roimh ghnéas. Plé oscailte agus bríomhar a bheidh ann. Fáilte roimh chách. – IONAD: Seomra Torc, Óstán Gleneagle |
7.00 p.m. |
COMÓRTAS 40: Sean-Nós na bhFear – BEO ÓN OIREACHTAS ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, www.tg4.tv agus www.antoireachtas.ie. – IONAD: Seomra Mangerton, Óstán Gleneagle |
7.00 p.m. |
CRAOLADH BEO ÓN OIREACHTAS – Nuacht TG4 – IONAD: An Lobbaí, Óstán Gleneagle |
8.00 p.m. |
COMÓRTAS 28 – Scéalaíocht – Comórtas Cáilithe (Daoine Fásta) – IONAD: Seomra Park, Óstán Brehon |
8.00 p.m. |
CRAOLADH BEO ÓN OIREACHTAS – Is clár teilifíse é Lár Stáitse, a bheidh dírithe ar thraidisiún na dtaibhealaíona béil i measc na ndaoine óga. Craolfar babhta craoibhe an comórtas Lúibíní (12-15) chomh maith le scoth na n-agallamh beirte, lúibíní, scéalaíochta agus aithriseoireachta le linn an chláir. – IONAD: INEC |
8.30 p.m. |
SEOLADH LEABHAIR – ‘An tAgallamh Muimhneach’ le Seán Ó Muimhneacháin. – Sa bhailiúchán seo tá Agallaimh Bheirte, Lúibíní, Ceapóga agus Amhráin Saothair, agus blas na Gaeltachta le brath go tiubh iontu. Mar is léir ón ainm, gabhann an leabhar seo le canúint na Mumhan chomh fada agus is féidir, canúint Mhúscraí go háirithe, agus le nósanna na n-agallamh sa cheantar sin. Tá an leabhar roinnte ina ranna éagsúla, roinn in oiriúint do lucht bunscoile, roinn do lucht meánscoile agus roinn do dhaoine fásta. Laistigh de na ranna san tá Agallaimh Bheirte, Lúibíní, Ceapóga agus ar deireadh tá Amhráin Saothair. Ar an iomlán tá 122 píosa cumadóireachta ar fad ann agus is mór ab fhiú do bhunscoileanna agus do mheánscoileanna a leithéid d’áis teagaisc a bheith acu i múineadh na Gaeilge. Tá na hagallaimh seo lán de ghreann, de chlisteacht agus de shaibhreas cainte agus taitneamh le baint astu ag óg agus aosta. – IONAD: Amharclann an Oireachtais, Óstán Brehon |
9.30 p.m. |
CÓISIR NA MAC LÉINN – Le fíor scoth an cheoil ó Emma Ní Fhioruisce, KNEECAP agus Scannal. Cóisir Bréagéide le duaiseanna iontacha le buachan. – IONAD: Ballroom, Óstán Gleneagle |
10.30 p.m. |
CLUB AMHRÁNAÍOCHTA – ‘Casadh an tSúgáin’ le Máirín Uí Chéide – IONAD: Seomra Mangerton, Óstán Gleneagle |
11.00p.m. |
CLUB NA FÉILE – le Pólca 4 – IONAD: INEC |
Fág freagra ar 'IMEACHTAÍ: Oireachtas na Samhna 2018 – clár na féile'