Tá ‘an t-earrach sábháilte’ agus beagnach €20,000 bailithe d’fheirm orgánach Ghaeltachta a scriosadh le linn Stoirm Éowyn an tseachtain seo caite. Tá cáil nach beag ar ‘An Garraí Glas’ atá lonnaithe in Indreabhán as feabhas na nglasraí agus an meon ‘glas’ atá acu i leith na feirmeoireachta.
Sciob gaoth mhór Éowyn léi trí cinn de na ceithre pholathollán agus leag claíocha ar an bhfeirm bheag acra go leith ar chósta Chois Fharraige. Léirscrios a bhí ann, dar le húinéir an Gharraí Ghlais Aonghus Johnny Chóil Mhaidhc Ó Coisdealbha, agus an baol ann go gcaillfí luach saothair na bliana. Tá a dhóthain airgid anois aige ón mbailiuchán nach baol don fheirm a thuilleadh
“Beidh chuile shórt éasca go maith anois. Tá go leor den ábhar a theastóidh aimsithe, beidh beagáinín moille air a theacht, ach beidh sé ag dul suas i gceann coicíse. Tá plaisteach nua le cur ar na tolláin agus seilfeanna le cur isteach.
“Tá daoine ag cur glaochanna le seachtain ag iarraidh leas a dhéanamh dúinn agus bhí siad iontach. Tá a fhios againn anois go mbeidh muid ceart, beidh trí lá oibre ann agus beidh muid in ann daoine a tharraingt le chéile a chabhróidh linn,” a dúirt Aonghus Ó Coisdealbha le Tuairisc.
Dúirt sé gur cuireadh iontas air nuair a chonaic sé cé chomh sciobtha is a tháinig an t-airgead isteach ar GoFundMe agus go bhfuil sé thar a bheith buíoch de na daoine “ar fud an domhain” a chuir airgead ina threo “as chuile áit”.
Is féidir An Garraí Glas “a dhéanamh níos fearr” ná mar a bhí, a deir sé, agus beidh “bliain an-mhór” amach roimh an bhfeirm anois a bhuí leis an oiread sin daoine a “chuir a lámh ina bpóca”.
Dúirt sé go ndearna stoirm mhór na seachtaine seo caite “damáiste aisteach” don fheirm ach go bhfuil muinín aige go seasfaidh an fheirm stoirmeacha eile a thiocfaidh amach anseo ach an bonn ceart a chur faoi na tolláin.
“Bhí ceann amháin ann nach raibh dúnta isteach i gceart, agus ceann eile a raibh an doras lag air, ach má tá sé tógtha ceart beidh sé in ann ag an aimsir. An tríú ceann bhí sé tógtha ceart ach chuaigh slinnte a séideadh de dhíon tríd an bplaisteach agus d’oscail sé sin é don ghaoth,” a dúirt sé.
Dúirt sé go gcosnaíonn polatholláin go leor leor airgid le tógáil i gceart agus gur chaith sé go leor airgid agus ama ó bunaíodh An Garraí Glas in 2012 ag tógáil na gceithre cinn atá aige. Dúirt sé go bhfuil go leor leor brú ar dhaoine atá ag plé leis an bhfeirmeoireacht orgánach agus gur chaill go leor acu na tolláin an tseachtain seo caite.
“Go leor de na tolláin, bhí siad in ann ag na stoirmeacha eile a tháinig roimhe seo, ach bhí sí seo níos láidre ná rud ar bith a tháinig le scór blianta nó dhá scór bliain. Tarlóidh sé arís, tá mé cinnte, ach má bhíonn na tolláin tógtha i gceart seasfaidh siad.
“Cosnaíonn sé €15,000 polathollán nua a thógáil as an bpíosa, lena dhéanamh ceart. Dá dtarlódh sé arís ní bheadh an t-airgead ná an fhoighid ag daoine muid a bhail-eáil amach arís. Is dóigh gur cheart go mbeadh tacaíochtaí ann ón Roinn Talmhaíochta nó ó NOTS nó OGI do chásanna éigeandála mar seo,” a dúirt Ó Coisdealbha.
€15,000 an sprioc a leag an feirmeoir síos nuair a chruthaigh sé an GoFundMe an lá i ndiaidh na stoirme. Sáraíodh an méid sin taobh istigh de chúpla lá agus tháinig tabhartais chomh mór le €1,000 ó dhaoine aonair. Dúirt Ó Coisdealbha le Tuairisc nach féidir leis a bhuíochas a chur i bhfocail agus é ag smaoineamh ar na daoine a tháinig i gcabhair air in am an ghátair.
“Buíochas an t-aon fhocal atá agam. Buíochas mór ón tús, ó thosaigh an t-airgead ag teacht isteach. Dúirt mé go dtriailfeadh mé GoFundMe agus mé ag breathnú ar an stoirm ag a sé a chlog ar maidin. Níor cheap mé go mbeadh an méid sin tacaíochta ann.
“Tá fear amuigh ansin darb ainm Pádraig Ó Tuama. Thug Pádraig leaba dom i mBéal Feirste nuair a bhí mé ar mo shiúlta agus aréir thug sé €1,000 don fheirm ó Nua-Eabhrac. B’in ceann de na rudaí is cineálta a chonaic mé riamh i mo shaol. Is mór an ní an nádúr ach is mór an ní nádúr an duine freisin,” a dúirt sé.
M
Tá ard-mheas ag daoine ar an obair a dhéanann An Garraí Glas agus ar ardchaighdeán a chuid táirgí.
Má tharlaíonn sé arís, gheobhaidh tú 100 euro arís uaim – nó níos mó má bhíonn sé agam – mar go bhfuil muid ag braith ort chun bia folláin a chur ar fáil dúinn.
Is muide atá buíoch díotsa, a Aonghuis!