Scoil Geimhridh Merriman in Inis, Tionól Nioclás Tóibín sa Rinn agus Sorcas Buirlisce sa Taibhdhearc 

Sa cholún seo tá moltaí ag meitheal Tuairisc faoi na leabhair, an ceol, na scannáin, na cláir, na hócáidí, na féilte agus na podchraoltaí ar fiú blaiseadh díobh…

Scoil Geimhridh Merriman in Inis, Tionól Nioclás Tóibín sa Rinn agus Sorcas Buirlisce sa Taibhdhearc 

SCOILEANNA GEIMHRIDH

Scoil Gheimhridh Chumann Merriman in Inis

Beidh Scoil Gheimhridh Merriman 2025 ar bun ón 24-26 Eanáir in Óstán an Old Ground in Inis, Co. an Chláir. ‘A chomharsain éistigí’ – ardáin don éigse inné agus inniu’, téama na scoile i mbliana agus tá clár spéisiúil leagtha amach don deireadh seachtaine.

Cuirfear tús leis na himeachtaí tráthnóna Dé hAoine, an 24 Eanáir, tráth a mbeidh fáiltiú ann agus beidh an oscailt oifigiúil ina dhiaidh sin leis an aisteoir, scríbhneoir agus stiúrthóir Diarmuid de Faoite. I ndiaidh na hoscailte beidh an t-ábhar ‘An éigse: mar a bhí, mar atá, mar a bheidh?’ á chíoradh ag Tríona Ní Shíocháin agus Eoghan Mac Giolla Bhríde agus iad i mbun allagair le Máire Ní Neachtain. Cuirfear clabhsúr le himeachtaí an chéad tráthnóna le Club Merriman.

Leanfar leis na himeachtaí maidin Dé Sathairn agus cainteanna á dtabhairt ag Vincent Morley, Liam Ó Dochartaigh, agus Concubhar Ó Liatháin ar ábhair éagsúla faoin téama ‘Ardáin Ilghnéitheacha na hÉigse’ ag Siompóisiam an Ollaimh Thomas Redshaw. Is í Deirdre Nic Mhathúna a bheidh sa gcathaoir.

Tabharfar cuairt ar leabharlann na hInse i lár an lae ar an Satharn ag Leabharlann Phoiblí De Valera áit a mbeidh taispeántas agus cainteanna ar chúirt éigse na hInse le Brian Ó Dálaigh, Ciara Fahy agus Síle Ní Choincheanainn. Cuirfear clabhsúr le himeachtaí an tSathairn leis an ócaid ‘Fonn, Féile agus Filíocht’ áit a mbeidh cumadóirí, ceoltóirí agus fonnadóirí ag tabhairt léargas ar chumadóireacht agus seachadadh ealaíona béil na Gaeilge.

Táille na scoile €70 (mic léinn: €40) agus imeachtaí aonair ar €20. Tuilleadh eolais, clár na scoile agus nasc clárúcháin le fáil anseo.

Scoil Gheimhridh Joe Steve i gCois Fharraige

Tá  Scoil Gheimhridh Joe Steve ar siúl  i gceantar Chois Fharraige go dtí Dé Domhnaigh, an 19 Eanáir 2025. Is in Amharclann Chois Fharraige (Seanscoil Sailearna) atá formhór na n-imeachtaí ar bun ach beidh roinnt imeachtaí eile ar fud an cheantair. I measc na n-imeachtaí a bheidh ar siúl le linn na scoile, atá á reáchtáil in ómós don scríbhneoir agus aisteoir cáiliúil Joe Steve Ó Neachtain, a bhásaigh in 2020, beidh comórtas filíochta do dhaltaí bunscoile agus meánscoile, agus ceardlanna drámaíochta do dhaoine óga chomh maith le léirithe stáitse, ceoil agus plé poiblí.

Cuirfidh Johnny Óg Connolly agus cairde an chéad léiriú den saothar nuachumtha ceoil ‘Ómós’ i láthair an phobail ar an Aoine, an 17 Eanáir, agus Caitlín Ní Chualáin ó RnaG a bheidh ina bean an tí.

Ar an Satharn agus ar an Domhnach beidh léiriú den dráma Faoi Dheireadh Thiar le Joe Steve Ó Neachtain á chur ar stáitse ag buíon aisteoirí as an áit agus Ciarán Ó Fátharta á stiúradh.

Ticéid don dráma ar €10 agus le fáil anseo.

Tá clár Scoil Gheimhridh Joe Steve ar fáil ar leathanach Facebook Amharclann Chois Fharraige.

Tionól

Nioclás Tóibín

Tionól Nioclás Tóibín

Cuirfear tús le Tionól Nioclás Tóibín 2025 le ceolchoirm speisialta le Muireann Nic Amhlaoibh, Gerry O’Beirne agus Dónal O’Connor sa Rinn ar an Aoine an 31 Eanáir. Leanfar ar aghaidh le himeachtaí an tionóil i gcaitheamh an deireadh seachtaine go dtí an Luan, an 3 Feabhra. Féile amhránaíochta agus ceoil is ea Tionól Nioclás Tóibín a bhíonn ar siúl i nGaeltacht na Rinne gach Feabhra.

Déantar ceiliúradh ar chultúr agus ceol na Rinne ag an bhféile a dhéanann comóradh ar oidhreacht Nioclás Tóibín (1928–1994), an t-amhránaí sean-nóis clúiteach. Rugadh Nioclás Tóibín i Rinn Ó gCuanach is bhí an amhránaíocht aige ó dhúchas. Bhí an-cháil ar a mhuintir, Séamas Tóibín agus Maighréad Ní Sheanacháin, mar amhránaithe sean-nóis agus is uathu a fuair Nioclás go leor de na hamhráin a bhí aige.

Beidh scoth na gceoltóirí, na ndamhsóirí agus na n-amhránaithe ag triall ar an Rinn don deireadh seachtaine. Tuilleadh eolais agus ticéid don cheolchoirm oscailte ar fáil anseo.

FÉILTE

 

Bob Quinn ag seoladh an leabhair

Féile Scannán Chill Charthaigh i nDún na nGall

Tá muintir Chil Charthaigh i gcontae Dhún na nGall ag cur tús le Féile Scannán Idirnáisiúnta agus rogha speisialta scannán á dtaispeáint in Áislann Chill Charthaigh idir an 1-3 Feabhra. Is iomaí déantóir scannán a tháinig go Cill Charthaigh i gcaitheamh na mblianta agus tá cáil ar an áit as áilleacht an tírdhreacha. Le blianta beaga anuas rinneadh mórscannáin sa gceantar, ina measc In the Land of Saints and Sinners agus God’s Creatures, chomh maith le léiriúcháin eile.

Tá an fhéile nua scannán ag fás ón mbunchloch sin agus an nasc sin le tionscal na scannánaíochta. I measc na scannán a bheidh le feiceáil beidh Kneecap, North Circular, agus na scannáin Poitín agus The Family leis an stiúrthóir clúiteach Bob Quinn.

Is é an déantóir scannán, M.A. Littler, a bhfuil cónaí air i gceantar Chill Charthaigh, atá ag eagrú na féile i gcomhpháirt le Áislann Chill Charthaigh. Taispeánfar na scannáin sa bpictiúrlann athchóirithe san Áislann féin.

Beidh €10 isteach chuig scannán amháin nó €25 ar phas lae. Tuilleadh eolais agus clár na féile le fáil ar leathanach Facebook na féile anseo.

Sorcas Buirlisce

Beidh léiriú den Dirty Circus ar bun sa Taibhdhearc ar an Domhnach, an 2 Feabhra ag 8:30 i.n. mar chuid d’imeachta na féile Tonnta a bheidh ar siúl sa gcathair i gcaitheamh dheireadh seachtaine na Féile Bríde. Seó Buirlisce agus Ceabairé é The Dirty Circus atá ar an bhfód le ceithre bliana déag. Cuireann an léiriú stíl bhuirlisce i láthair chomh maith le draig, damhsa cuaille, greann agus ceol.

Bíonn an bhéim ar an éagsúlacht, féinmhuinín colainne agus saoirse léirithe agus tá seónna déanta acu ar fud na tíre ar stáitsí beaga agus móra, an Phicnic Leictreach san áireamh. Is iad na taibheoirí a bheidh páirteach sa léiriú seo ná Aideen McQueen ag óstáil, Daria Décolleté, ealaíontóir buirlisce, Chrome Doll, damhsóir cuaille, agus Barbara Vixen, amhránaí.

Ticéid ar €20 ar fáil ag anseo.

Fág freagra ar 'Scoil Geimhridh Merriman in Inis, Tionól Nioclás Tóibín sa Rinn agus Sorcas Buirlisce sa Taibhdhearc '