Seisear cainteoirí Gaeilge tofa i dtoghchán an tSeanaid

Tá 11 Seanadóir fós le hainmniú ag an Taoiseach Micheál Martin

Seisear cainteoirí Gaeilge tofa i dtoghchán an tSeanaid

Seisear cainteoirí Gaeilge a toghadh go dtí an 27ú Seanad.

Toghadh an t-iar-aire stáit Gaeltachta Seán Kyne (Fine Gael), as Maigh Cuilinn i nGaeltacht na Gaillimhe, ina Sheanadóir den dara huair ar an Rolla Saíochta agus Oideachais. Sheas Kyne, a bhí ina Theachta Dála do Gaillimh Thiar ó 2011 go 2020, d’Olltoghcháin 2020 agus 2024 ach níor éirigh leis suíochán Dála a fháil. Ar an rolla céanna a bhí Shane Curley, Seanadóir nua de chuid Fhianna Fáil. Múinteoir Gaeilge é Curley atá ina chomhairleoir contae do cheantar Bhaile Locha Riach sa Ghaillimh le cúig bliana anuas.

Toghadh iarrthóir Pháirtí an Lucht Oibre don Rolla Tionscail agus Tráchthála, Laura Harmon, arb as Baile Bhuirne i nGaeltacht Mhúscraí di. Sheas Harmon in Olltoghchán na bliana seo caite ach níor éirigh léi suíochán a fháil. Iaruachtarán í ar Aontas na Mac Léinn in Éirinn.

Tá Gaeilge ag an Seanadóir Joe O’Reilly ó Fhine Gael, a toghadh chun an Rolla Oibreachais in 2020, agus san am atá caite labhair sé ar chúrsaí Gaeilge ag cruinnithe de choiste Gaeilge an Oireachtais.

Beirt chainteoirí Gaeilge a toghadh ar Rolla Ollscoil na hÉireann. Is iad sin na Seanadóirí neamhspleácha Rónán Mullen agus Michael McDowell. Tá Mullen ina sheanadóir ó bhí 2007 ann agus tá saol fada caite sa pholaitíocht ag McDowell, a toghadh ina Theachta Dála trí huaire agus a bhí ina Aire Dlí agus Cirt, ina Thánaiste, agus ina Ard-Aighne cheana freisin. Toghadh chun an tSeanaid é den chéad uair in 2016.

Níor éirigh leis an iarrthóir a chuir Foras na Gaeilge chun cinn, Liadh Ní Riada, suíochán a fháil ar an Rolla Saíochta agus Oideachais. D’ainmnigh an Foras an t-iarFheisire Eorpach mar iarrthóir le go mbeadh “ionadaí neamhspleách i Seanad Éireann a mbeidh an Ghaeilge ina tosaíocht thar aon tosaíocht eile” aige.

Tá 11 Seanadóir fós le hainmniú ag an Taoiseach Micheál Martin. Táthar ag súil go ndéanfar na hainmniúcháin sin an tseachtain seo chugainn. Seisear a roghnóidh Fianna Fáil agus cúigear a rognóidh Fine Gael.

Bhí seachtar cainteoirí Gaeilge sa 26ú Seanad (2020-2025) agus duine amháin acu sin ina ainmní de chuid an Taoisigh – an Seanadóir Róisín Garvey ón gComhaontas Glas. Fágann toradh thoghchán na seachtaine seo caite go mbeidh níos lú cainteoirí Gaeilge sa Seanad anois ná mar a bhí mura n-ainmneoidh an Taoiseach ar a laghad duine amháin a bhfuil Gaeilge acu.

Rinne roinnt de na Seanadóirí eile a toghadh na ranganna Gaeilge a cuireadh ar fáil i dTithe an Oireachtais le linn an téarma dheireanaigh – Fiona O’Loughlin, Mark Daly, Mary Fitzpatrick agus Gerard Craughwell.

Fág freagra ar 'Seisear cainteoirí Gaeilge tofa i dtoghchán an tSeanaid'

  • Ted Farmer

    Agus tá Gaeilge líofa ag an Seanadóir Joe Conway ó Phort Láige.