Grúpaí Gaeilge i mbaol agus sáinn mhaoinithe Foras na Gaeilge gan réiteach

Thug an Roinn Forbartha Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta le fios go bhfuil airgead breise le cur ar fáil d’Fhoras na Gaeilge, ach deir LeasChéad-Aire Stormont nach bhfuil an DUP sásta le socrú nua maoinithe atá molta

Grúpaí Gaeilge i mbaol agus sáinn mhaoinithe Foras na Gaeilge gan réiteach

Deir an rialtas ó dheas go bhfuil ceist mhaoinithe Foras na Gaeilge á plé ag na ranna airgeadais agus na ranna cuí eile ó thuaidh agus ó dheas agus cinneadh fós le déanamh maidir le buiséad an Fhorais do 2025.

D’fhógair Foras na Gaeilge an tseachtain seo caite go raibh ciorruithe forleathana le déanamh ar an maoiniú a chuireann an eagraíocht teanga ar fáil ar mhaithe le dul i ngleic le “bearna mhór i mbuiséad 2025”.

Dar leis an bhForas, tá bearna breis is €800,000 i mbuiséad na heagraíochta i mbliana agus go raibh gearradh siar le déanamh dá bharr i nach mór gach réimse de na seirbhísí a chuireann an Foras ar fáil.

Fógraíodh go raibh cinneadh déanta ag an mbord gan airgead a chur ar fáil do roinnt tograí agus scéimeanna in 2025, go mbeadh laghduithe á ndéanamh ar chuid mhaith scéimeanna maoinithe eile agus go mbeidh tuilleadh ciorruithe le déanamh amach anseo.

Mar fhreagra ar cheist ó Tuairisc an raibh sé i gceist ag Aire nua na Gaeltachta Dara Calleary bualadh le hoifigigh Foras na Gaeilge nó maoiniú breise a chur ar fáil, dúirt urlabhraí ón Roinn Forbartha Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta go mbeadh buiséad an Fhorais le plé ag an chéad chruinniú eile den Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas (CATT) san earrach.

Is í CATT a cheadaíonn maoiniú reatha don Fhoras Teanga, Foras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise. Cuireann Rialtas na hÉireann 75% de bhuiséad ceadaithe Fhoras na Gaeilge ar fáil go bliantúil, agus tagann an 25% eile ó Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann.

“Tá ceist mhaoinithe na bhForas Forfheidhmithe Thuaidh Theas á plé ag na Ranna urraíochta agus na Ranna Airgeadais sa dá dhlínse agus níl cinneadh deiridh déanta maidir le buiséad 2025, a bheidh le cur faoi bhráid an chéad chruinniú eile den Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas san earrach.”

Thug an t-urlabhraí le fios go bhfuil an rialtas ó dheas sásta airgead breise a chur ar fáil don Fhoras ach go gcaithfidh maoiniú breise teacht ó Rialtas Thuaisceart Éireann chomh maith sular féidir sin a thabhairt.

“Cé go bhfuil airgead breise ar fáil i mbuiséad na Roinne seo le blianta beaga anuas (2025 san áireamh), is gá cómhaoiniú de réir an chóimheas maoinithe a bheith ar fáil ó Roinn Pobal Thuaisceart Éireann, sular féidir aon ardú a chur ar bhuiséad an Fhorais,” a dúirt an t-urlabhraí.

D’fhógair CATT an fómhar seo caite go raibh na ranna airgeadais ó thuaidh agus ó dheas tar éis teacht ar shocrú nua a cheadódh “solúbthacht” maidir le maoiniú forais thuaidh theas ach dúirt LeasChéad-Aire an Fheidhmeannais, Emma Little–Pengelly an DUP, an tseachtain seo nár thacaigh sí leis an socrú a moladh. Dúirt Little-Pengelly nár cheap sí go raibh aon chúis leis an socrú reatha a athrú agus go mbeadh “dúshlán” ann aon athrú a dhéanamh.

Mhaígh Conradh na Gaeilge go bhfuil cros á húsáid ag an DUP chun bac iomlán a chur roimh an moladh go ndéanfaí an socrú maoinithe a athrú.

I bhfianaise na ndeacrachtaí a bhí ann le cúpla bliain anuas maoiniú breise a chur ar fáil d’Fhoras na Gaeilge, rinne  an Roinn Forbartha Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta go raibh socruithe déanta “infheistíocht uilebhliantúil shuntasach” i dtionscnaimh ar leith de chuid an Fhorais agus na ceanneagraíochtaí Gaeilge “ar mhaithe le cuidiú leo dul i ngleic leis na dúshláin airgeadais seo”.

Cuireadh maoiniú breise ar fáil díreach ón Roinn do Chlár na Leabhar Gaeilge agus forbairt na bhfoclóirí nua de chuid an Fhorais, don scéim Gaelbhratach de chuid Gael Linn, do roinnt scéimeanna de chuid Ghlór na nGael agus do thionscadail de chuid Chonradh na Gaeilge, Gaeloideachas agus Oireachtas na Gaeilge.

Tá cáineadh déanta ag Conradh na Gaeilge ar na rialtais ó dheas agus ó thuaidh as an teip eagrais Ghaeilge “a mhaoiniú mar is cuí agus as todhchaí Foras na Gaeilge a chur i mbaol”.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, gur léir go bhfuil Foras na Gaeilge “briste mar struchtúr éifeachtach maoinithe” agus go bhfuil ceisteanna tromchúiseacha ann don dá rialtas.

“Muna réitíonn aon mholadh nua na céatadáin mhaoinithe thuaidh theas, nó mura féidir le ceann amháin den dá stát maoiniú breise a chur ar fáil do bhunbhuiséad an Fhorais gan a chomhionann ón dlínse eile, beidh muid ar ais sa chruachás seo, nó níos measa, arís agus arís eile.”

Dúirt de Spáinn chomh maith go raibh “soiléiriú” ag teastáil maidir le cén fáth nár tháinig an bhearna os cionn €800,000 i mbuiséad an Fhorais chun solais go dtí anois agus céard leis a bhaineann an bhearna.

Deir an Foras gur €17.7 milliún an túsphointe do bhuiséad bunlíne na heagraíochta do 2025 agus go bhfuil €16.9 milliún geallta cheana féin i gconarthaí agus scéimeanna deontais ó bhlianta roimhe seo.

“Nuair a chuirtear san áireamh na scéimeanna/tionscadail éagsúla ar thug Foras na Gaeilge fúthu in 2024, agus na harduithe dosheachanta, bhí bearna €817,945 i mbuiséad na bliana seo.”

Deir an Foras go bhfuil na ciorruithe á ndéanamh mar gheall ar na “blianta de chiorruithe ar bhuiséad Fhoras na Gaeilge ag dul siar go 2008”. Deirtear go raibh arduithe leanúnacha ar chostais bhliantúla le linn na tréimhse sin de bharr cúrsaí boilscithe, arduithe leanúnacha ar rátaí pá agus bille pinsean a chuimsíonn pinsin fhostaithe Bhord na Gaeilge, an eagraíocht a bhí ann sular bunaíodh an Foras. B’éigean do bhord Fhoras na Gaeilge, dá bharr sin go léir “teacht le chéile agus dul i ngleic le bearna mhór i mbuiséad 2025”, a dúradh.

Dúradh go mbeadh an Foras i dteagmháil le grúpaí agus le heagraíochtaí an tseachtain seo chugainn le heolas a thabhairt faoi na ciorruithe.

Fág freagra ar 'Grúpaí Gaeilge i mbaol agus sáinn mhaoinithe Foras na Gaeilge gan réiteach'

  • Seosamh Ó Beirgin

    Tá an Páirtí Aontachtach Daonlathach (PAD) ag baint usáide as an gcumhacht atá acu sa rialtas ó thuaidh bac a cur ar pleananna an rialtais ó dheas breis maoinithe a chur ar fáil do Fhoras na Gaeilge agus níl mórán gur féidir leis an rialtas ó dheas a dhéanamh faoi! Maith go leor. Ní haon ionadh é sin. Blaiseadh den todhchaí.