Fear buacach ar an taobh seo den Atlantach agus fear caillteach ar an taobh eile den Atlantach. Sin é scéal na polaitíochta as Conamara le roinnt laethanta. Scaitheamh seachtainí tar éis dó fógairt go raibh sé ag éirí as an bpolaitíocht uilig, tháinig Seán Kyne ar ais agus choinnigh a shuíochán i Seanad Éireann, iarraidh nach beag.
Ar an taobh eile den Atlantach, bhí toscairí an Pháirtí Dhaonlathaigh gann leis na vótaí do Martin O’Malley. Ní raibh aige ach an tríú háit sa toghchán do chathaoirleacht Choiste Náisiúnta an pháirtí, eagraíocht atá thar a bheith tábhachtach má tá spreac le cur sna Daonlathaigh aríst. Buille trom é seo don Mháilleach, nó buille tubaisteach b’fhéidir.
Ar an taobh seo den Atlantach bhí coimhlint ghéar ar an bpainéal Cultúir agus Oideachais don Seanad ach sheas an t-ómós atá ag a chomhghleacaithe dó do Sheán Kyne.
Má mhaireann an Rialtas seo cuid mhaith de 5 bliana – agus faoina bheith slán do chuile dhuine – beidh 25 bliain caite ag an Seanadóir Kyne ina ionadaí poiblí i nGaillimh Thiar ag deireadh na tréimhse seo i Seanad Éireann. B’fhéidir nach bua mór é an Seanad sa bpictiúr iomlán a bhaineann le polaitíocht na hÉireann ach caithfear cuimhneamh go raibh saol polaitiúil Sheán Kyne ina chríonach tar éis an olltoghcháin.
An cheist anois – an féidir leis an Seanadóir Kyne bunáit a mhúnlú dó féin i nGaillimh Thiar a thabharfaidh go tairseach na Dála é an chéad uair eile? Tá an chathair plódaithe le Teachtaí Dála; tá folús i gConamara.
Tá deis aige lena chúrsa a leagan amach agus ní baileach go bhfuil an leathchéad slánaithe aige fós.
Ar an taobh eile den Atlantach beidh neart smaoinimh agus staidéir le déanamh ag Martin O’Malley. Chaith an Máilleach téarma ina Mhéara ar chathair Baltimore agus bhí sé ina Ghobharnóir ar Stát Maryland idir 2007 agus 2015.
Bhí an-ghealladh faoi an uair sin agus a cháil ag scaipeadh imeasc maithe móra sa bpáirtí Daonlathach ar fud na Státaí. Ní raibh Martin O’Malley ag dul ar an gcúlsráid lena mhianta féin; thug sé iarraidh faoi ainmniúchán na nDaonlathach do thoghchán Uachtaránachta 2016.
B’fhéidir go raibh an iomarca deifre ar an Máilleach. Rugadh air an uair sin sa gcaismirt pholaitiúil a bhí idir Joe Biden agus Hillary Clinton. Ní raibh sé in ann éalú as an rí rá mór agus a ainm féin a chur amach i lár báire. D’éirigh sé as gan mórán achair a bheith caite aige sa gcoimhlint. Chuir an tUachtarán Biden an Máilleach i gceannas ar sheirbhís Leasa Shóisialaigh Mheiriceá in 2023 ach d’éirigh sé as sin nuair a bhí tréimhse Biden beagnach caite.
Post fíorthábhachtach atá i gcathaoirleacht an Pháirtí Dhaonlathaigh ag an tráth seo. Caithfear féachaint le hord agus eagar a chur ar an bpáirtí théis an bhualadh a fuaireadar i dtoghchán na Samhna. Dá mbeadh ceannas faighte ag an Máilleach ar an gCoiste sin, bheadh stádas ollmhór aige ach an raibh an cosán tomhaiste i gceart aige?
Ar an taobh seo den Atlantach tá tubaiste pholaitiúil seachanta ag Seán Kyne agus tá bearna líonta aige freisin. Bhíothas ag fuarchaoineachán in iarthar na Gaillimhe nach raibh Teachta Dála ar bith ann ó imeall na cathrach nó go ndeachaigh tú go Túr Cheann Gólaim, nó go Ceann Mása nó go Ceann Léime. Níl fós ach tá ball Oireachtais ann a bhfuil neart cleachtaidh aige ar Ghaeltacht agus ar Ghalltacht Chonamara agus ar Oileáin Árann.
Abraítear faoi Sheán Kyne scaití nach bhfuil an buille crua géar ag baint leis a fheileann sa bpolaitíocht amanta. Bhféidir é, ach tá scór blianta curtha isteach aige ina ionadaí poiblí i nGaillimh Thiar. Ach anois beidh air tomhas a dhéanamh ar an gcosán, comhaireamh a dhéanamh ar na vótaí agus treoir agus ceannaireacht a thaispeáint in iarthar na Gaillimhe – agus a chuid oibre a fhógairt amach.
Níl aon chuthaileacht ná cos i dteannta ag baint le Martin O’Malley ar an taobh eile den Atlantach. Ach, chuile sheans gur fhoghlaim sé ceachtanna i Washington D.C. le cúpla lá. Bhí 480 toscaire ann as na Státaí uilig agus as réimsí eile talún atá ag na Stáit Aontaithe thar sáile. Fear darb ainm Ken Martin, ceannaire réigiúnach ar an bpáirtí Daonlathach agus ar eagraíochtaí feilméarachta agus lucht oibre i Minnesota a thug an geall leis.
Fuair seisean os cionn leath na vótaí. Bhí 134 ag iarrthóir as Wisconsin ach ní raibh ach 44 ag Martin O’Malley sa tríú háit. Fear é Ken Martin atá gníomhach go háitiúil; sé an chéad duine as a chlann nó a threibh a fuair oideachas Ollscoile. Creideann sé go gcaithfidh na Daonlathaigh filleadh ar an dúchas polaitiúil agus scaradh leis na maithe móra agus na réalta. Sin é an polasaí a bheidh aige agus é ag leagan amach an chosáin don pháirtí Daonlathach.
Tá an chontúirt ag baint le cás Martin O’Malley anois go bhfeictear é mar dhuine de na maithe móra as Stát Maryland (gar do Washington DC) agus nach bhfuil sé ag teacht leis an ngluaiseacht i dtreo na talún agus i dtreo an dúchais. Tá an Máilleach 62 agus tá sé tagtha go crosbhóthar.
An féidir le Martin O’Malley a theacht ar chosán a choinneoidh a ainm sna spéartha náisiúnta ar an taobh eile den Atlantach?
I gcás an tSeanadóra Seán Kyne, tá an cosán roimhe soiléir go maith – siar go Conamara.
Fág freagra ar 'Lucht polaitiúil Chonamara – fear buacach agus fear eile caillteach le teacht na Féile Bríde'