Gradam speisialta le bronnadh ag Cumann Lúthchleas Gael ar fhear as Ráth Chairn

D’fhógair CLG buaiteoirí Ghradaim an Uachtaráin agus tá gradam na Gaeilge le bronnadh ar Chathal Seoighe as an obair atá déanta aige do chúrsaí CLG agus do Chomórtas Peile na Gaeltachta

Gradam speisialta le bronnadh ag Cumann Lúthchleas Gael ar fhear as Ráth Chairn

Tá Cumann Lúthchleas Gael le Gradam an Uachtaráin a bhronnadh ar Chathal Seoighe as Ráth Chairn.

D’fhógair CLG buaiteoirí Ghradaim an Uachtaráin agus tá gradam na Gaeilge le bronnadh ar an Seoigeach as an obair atá déanta aige do chúrsaí CLG agus do Chomórtas Peile na Gaeltachta.

Dúradh go raibh a shaol tugtha ag an Seoigheach don Chumann agus go raibh sé gníomhach ina chlub féin, An Ghaeltacht, agus ansin le Clann na nGael, cumann a bhfuil sé ina chathaoirleach air faoi láthair.

Tá sé ina rúnaí reatha ar Choiste Náisiúnta Chomórtas Peile na Gaeltachta agus dúradh go bhfuil “an-obair déanta aige ag cur an chomórtais chun cinn i gcontae na Mí le fada.”

Is i Ráth Chairn a bheidh Comórtas Peile na Gaeltachta 2025.

Bhí rólanna éagsúla ag Cathal Seoighe mar oifigeach ar bhord chontae na Mí agus é tofa ina Oifigeach Cultúir agus Gaeilge le deireanas.

Bhíodh Seoighe ina cheannasaí ar an eagras Ógras ar feadh roinnt blianta agus bhí sé ina bhall de bhord Údarás na Gaeltachta chomh maith.

Bronnfar Gradaim an Uachtaráin Dé hAoine beag seo ag searmanas i bPáirc an Chrócaigh a chraolfar ar TG4.

Tá gradaim le bronnadh ar naonúr eile chomh maith le gradam speisialta ar chlann Mhic Craith as cumann na Sáirséalach i nGaillimh.

Bhuaigh Micheál ‘Hopper’ McGrath boinn uile-Éireann le Gaillimh i 1987 agus 1988 chomh maith le dornán bonn lena chumann, dhá chraobh uile-Éireann eile ina measc. Tá sé anois i gceannas ar fhoireann chamógaíochta an chumainn agus a chuid iníonacha – Niamh, Clodagh, Orlaith, Siobhan, Ciara, agus Laoise – ina ngaiscígh ar na foirne a bhuaigh ceithre cinn de chraobhacha na hÉireann le deich mbliana le deich mbliana anuas.

I measc na mbuaiteoirí eile, tá Brian McCabe (Gradam Uladh), Joan Keogh (Gradam na Mumhan), Joe Reapy (Gradam Chonnacht), Margaret Byrne (Gradam Laighean), Mary Geaney (Gradam Pheil na mBan), Maureen O’Higgins (Gradam Camógaíochta), Séamus Woods (Gradam an Oideachais), Martin Grogan (Gradam Idirnáisiúnta) agus Walter O’Connor (Gradam Liathróid Láimhe).

Fág freagra ar 'Gradam speisialta le bronnadh ag Cumann Lúthchleas Gael ar fhear as Ráth Chairn'