Tá trua agam do mo bhráithre ceirde i Meiriceá.
Beidh an saol níos deacra dóibh ón Luan beag seo ar aghaidh, nuair a insealbhófar Donald Trump ina uachtarán ar na Stáit Aontaithe den dara huair.
Ní hamháin toisc gur i laghad a bheidh tacaíocht an stáit do chúrsaí ealaíne agus cultúir ag dul, gan dabht; gan trácht ar chúrsaí oideachais agus cumas agus nós na léitheoireachta a spreagadh sa ghlúin atá ag teacht aníos faoi láthair.
Ní hamháin toisc go bhfuil an baol ann go ndéanfar géarleanúint amach anseo ar scríbhneoirí, ar iriseoirí agus ar dhaoine eile a labhróidh amach i gcoinne an Trumpaigh agus a leathbhádóirí, nó a sheasfaidh an fód do chearta na bpobal mionlaithe agus dreamanna eile atá nó a bheidh faoi leatrom.
Agus ní hamháin, fiú amháin, toisc go dtiocfaidh chuile ráiteas leibideach a dhéanfaidh an t-uachtarán nua (nó go deimhin a chairde atá i gceannas ar na meáin shóisialta) idir scríbhneoirí agus a gcuid oibre. Tá sé deacair díriú ar an scríbhneoireacht má bhíonn ráiteas seafóideach in aghaidh an lae ón té atá i gceannas ar do thír; ráiteas a mbíonn tú ceaptha iad a cháineadh go láidir i dteachtaireachtaí beachta dea-scríofa ar na meáin shóisialta le do dhintiúirí féin a choinneáil slán.
(Sin é, ar ndóigh, go díreach straitéis pholaiteoirí ar nós an Trumpaigh agus bhoic mhóra na teicneolaíochta: mearbhall a chur ar a naimhde agus iad a choinneáil gnóthach le ráitis a chothóidh fearg. Is í an fhearg is mó a mheallann daoine chuig na meáin shóisialta, agus is mothúchán í a thraochann an duine, a shúnn gach neart as, agus a fhágann saothair thábhachtacha, réabhlóideacha gan scríobh.)
Tá trua agam do mo bhráithre ceirde i Meiriceá go háirithe toisc go mothóidh siad go mbeidh dualgas morálta orthu, mar aos dána, ciall a bhaint as an tréimhse nua seo i stair a dtíre ina gcuid scríbhneoireachta. Go mbeidh an dualgas orthu saothair a scríobh ina mbeidh an Trumpach lárnach, nó ar a laghad ar bith ina scáil sa chúlra, saothair a chíorfaidh agus a cháinfidh an tsochaí a chuir coiriúlach ciontaithe ar ais sa Teach Bán.
Tá trua agam dóibh toisc go dteastóidh uathu ábhair éagsúla ar fad a chíoradh, gach seans – cairdeas agus grá, bás agus beatha, gnáthábhair na litríochta i bhfocail eile – agus gan é sin a dhéanamh i gcomhthéacs fhear an chnis oráiste.
Tá buntáiste beag ag filí agus ag gearrscéalaithe sa chás seo: go hiondúil, ní thógfaidh sé bliain, nó go deimhin tréimhse uachtaránachta iomlán, dán nó gearrscéal a scríobh. Beidh siadsan in ann a gcuid feirge a léiriú i ndán nó dhó, i ngearrscéal nó dhó, agus díriú ansin ar na hábhair a dteastóidh uathu díriú orthu dáiríre i saothair eile.
Ach is mairg don úrscéalaí Meiriceánach a mbeadh a chuid ficsin bunaithe i saol an lae inniu. Is maith is cuimhin liom an lagmhisneach a tháinig orm féin nuair a bhí cónaí orm sa Bhrasaíl agus nuair a tháinig Jair Bolsonaro i gcumhacht sa tír sin: meu Deus, a shíl mé, ní bheidh rogha agam anois ach an ghealt seo a oibriú isteach san úrscéal atá idir lámha agam. Rud a rinne, in aghaidh mo thola, ní raibh aon éalú as: ní fhéadfaí úrscéal a scríobh a bheadh bunaithe sa Bhrasaíl sa bhliain 2018 agus nach ndéanfaí tagairt do Bolsonaro ann.
Ach ba mhaith liom uchtach a thabhairt d’úrscéalaithe Mheiriceá, agus go deimhin do scríbhneoirí áit ar bith ar domhan a gcuirfeadh an lagmhisneach as dóibh anois agus Trump ar tí dul isteach sa Teach Bán arís. Tiocfaidh deireadh leis an tréimhse uachtaránachta seo, díreach mar a tháinig lena chéad thréimhse, agus díreach mar a tháinig le tréimhse Bolsonaro sa Bhrasaíl, agus gach seans go mbeimid fós i mbun na saothar céanna a raibh muid ina mbun nuair a thosaigh an tréimhse uachtaránachta seo.
Tógann sé na blianta úrscéal a scríobh agus tógann sé bliain eile ar a laghad úrscéal críochnaithe a fhoilsiú; dá bharr sin ní hé an bealach is fearr é chun cíoradh a dhéanamh ar chúrsaí reatha agus b’fhéidir, mar sin, gurbh fhearr gan iarracht a dhéanamh é sin a dhéanamh.
Sléibhteoir
‘i gcomhthéacs fhear an chnis oráiste’, ráiteas náireach.