Tá pobal na Gaeilge atá i mórcheantar Shoird i mBaile Átha Cliath “briste” ag “neamhaird na Roinne Oideachais” ar an éileamh ar mheánscoil lán-Ghaeilge ansin, dar le hurlabhraí de chuid an fheachtais ar son na Gaelscolaíochta sa cheantar.
Dúirt Rachel de Bhailís, tuismitheoir atá ag feachtasaíocht ar son iar-bhunscoil lán-Ghaeilge le breis agus deich mbliana, nach bhfuil “suim” ag an rialtas san oideachas lán-Ghaeilge i mBaile Átha Cliath agus go bhfuil an “pobal cainteoirí Gaeilge” atá i Sord agus sa cheantar máguaird “á bhriseadh óna chéile” mar gheall nach bhfuil gaelcholáiste ann.
“Tá tuismitheoirí ar mhaith leo a gclann a chur tríd an gcóras Gaelscolaíochta ó thús deireadh ag déanamh an chinnidh a bpáistí a sheoladh as an gceantar le freastal ar an meánscoil. Tá na scoileanna eile sin iontach ach tá an pobal briste ag an Roinn – níl na páistí ag fanacht sa cheantar, níl siad ag crochadh thart lena gcairde, níl siad in ann rudaí a dhéanamh ina bpobal féin – tograí idirbhliana agus a leithéid. Tá an pobal briste óna chéile,” a dúirt de Bhailís, a bhfuil duine dá clann féin críochnaithe leis an mbunscolaíocht agus an mheánscolaíocht ó tosaíodh an feachtas.
Dúirt sí nár tháinig aon fhreagra ón iar-aire oideachais Norma Foley ar an tuarascáil a réitigh Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta, agus Phobal Labhartha na Gaeilge an bhliain seo caite agus go bhfuil “líon na ndaltaí ag méadú sa cheantar bliain i ndiaidh bliana”.
“Tá trí ghaelscoil i mórcheantar Shoird, agus tá dhá cheann eile i Ros Eo agus i gCill Dhéagláin chomh maith atá gar go leor dúinn, ach níl aon Ghaelcholáiste anseo le freastal orthu. As na trí scoil seo tagann 120 dalta gach bliain nach bhfuil rogha áitiúil acu freastal ar Ghaelcholáiste.
“Caithfidh na teaghlaigh sin rogha a dhéanamh idir scoil lán-Bhéarla, atá áitiúil agus áisiúil, nó na páistí a sheoladh amach as an gceantar agus iad a scaradh óna gcairde agus óna n-áit dhúchais,” a dúirt de Bhailís.
Mhaígh sí go bhfuil an oiread sin páistí sa cheantar anois go bhfuil gá le níos mó ná scoil amháin – scoileanna nua Béarla ina measc – ach go laghdódh Gaelcholáiste sa cheantar an brú a bhíonn ar scoileanna lán-Bhéarla.
Dúirt sí go bhfuil “dóchas” aici go gcuirfidh an tAire nua Oideachais Helen McEntee níos mó spéise sa scéal ná mar a chuir Norma Foley, a aistríodh ón Roinn Oideachais go dtí an Roinn Leanaí an mhí seo caite.
“Bheinn dóchasach faoi mar tá seans ann go bhfuil suim aici ann, bíonn dóchas ann le duine nua i gcónaí mar bíonn seans nua ann dúinne tosú arís agus brú a chur ar dhuine nua a bhfuil dearcadh nua, intinn nua, aici.
“Níl a fhios againn cén tuairim a bheidh aici. Níl bheidh mé ródhóchasach agus caithfidh mé a bheith réalaíoch chomh maith,” a dúirt de Bhailís le Tuairisc.
Dúirt sí gur údar imní do thuismitheoirí an cheantair go bhfuil níos mó bunscoileanna lán-Ghaeilge á mbunú gar do na Gaelcholáistí taobh amuigh den cheantar agus nach mbeidh spás ann do dhaltaí as baile isteach ar mhaith leo oideachas a fháil trí Ghaeilge.
“Tá níos mó Gaelscoileanna tar éis teacht ar an bhfód agus beidh na páistí sin ag freastal ar na Gaelcholáistí atá in aice leo. Tá cuid de na Gaelcholáistí sin anois ag diúltú daltaí ónár gceantar-na agus tá tuismitheoirí ag déanamh an chinnidh i rang a trí nó rang a ceathair gan a bpáistí a chur go Gaelcholáiste ar bith.
“Má théann an chéad duine ar aghaidh go scoil lán-Bhéarla caillfidh an scoil lán-Ghaeilge an chlann ar fad. Tá ró-éileamh ar chuid de na Gaelcholáistí cheana féin, tá siad lán, agus tá níos mó feeder-schools ann. Níl aon scoil ann dúinne agus tá na tuismitheoirí ag cailliúint an mhisnigh,” a dúirt sí.
Tá de Bhailís ar choiste an fheachtais ar son Gaelcholáiste nua i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath, coiste ar a bhfuil an tAire Tithíochta Darragh O’Brien agus an Teachta Dála nua do Shinn Féin, Ann Graves. Tá súil ag an gcoiste brú a chur ar an Aire Helen McEntee freagra oifigiúil a thabhairt ar an tuarascáil d’fhoilsigh Comhchoiste Oireachtais na Gaeilge i mí Mheán Fómhair seo caite.
Carraig
Cos a chur i bhfeac go docht daingean, callán a thógáil, bheith athúlta más gá (is gá), gan tabhairt isteach!
Níor chaill fear/bean an mhisnigh riamh é.
Mícheál
Níl a dhóthain cainteoirí Gaeilge ann le freastal ar na héilimh go léir. Pobail a labhraíonn Béarla amháin go príomha ag éileamh Gaeloideachas ó rialtas/stát a labhraíonn Béarla amháin go príomha.
Is foghlaimeoir mé féin ach níl sé deacair a chloisteáil cé chomh lag is atá Gaeilge na nGaelscoláirí/nGaelmhúinteoirí, agus ní hannamh a chloisim principals na Gaelcholáistí ag caint agus dearúdaí/botúin fíor-bhunúsach á ndéanamh acu.
Is annamh a thagann aon duine amach as Gaelcholáiste le Gaeilge gurbh fhiú éisteacht léi, agus ar ndóigh níl cliú dá laghad ag formhór na dtuismitheoirí seo cad is Gaeilge mhaith ann.
Ag pointe áirithe, caithfidh na daoine seo an Ghaeilge a fhoghlaim iad féin le hí a mhúineadh dá gclann. Níl an stát toilteanach an Ghaeilge a chothú (ná a chosaint) mar chéad teanga in aon áit (is léir sin ón chaoi a chaitheadar le moltaí sochtheangeolaíochta ó fhoinsí áirithe, b’fhearr leo a bpleananna neamhéifeachtach féin le haghaidh an Ghaeilge a chothú mar ‘rogha’ do ‘gach duine’ agus len í a ‘chur chun cinn’ mar shiombal polaitíochta do lucht an chúpla focal) agus mar sin beidh ganntanas Gaeilgeoirí as seo amach le haghaidh na héilimh seo a shásamh, gan trácht ar Ghaeilgeoirí le Gaeilge mhaith.