Amhránaíocht
Comórtas Náisiúnta Amhrán Nua-Chumtha an Fhéile Phan-Cheilteach
Beidh comórtas amhránaíochta náisiúnta na Féile Pan-Cheiltí ar bun an deireadh seachtaine seo. Tá cúig amhrán déag ar an ngearrliosta do Chomórtas Náisiúnta Amhrán Nua-Chumtha Pan-Cheilteach na bliana seo agus scríbhneoirí amhrán ó cheann ceann na tíre san iomaíocht.
Beidh an comórtas féin ar siúl in Amharclann GB Shaw i mbaile Cheatharlach Dé Sathairn, an 25 Eanáir agus is iad an ceoltóir John Spillane, agus na láithreoirí raidió Shannon Redmond (KCLR96fm) agus Louise Cantillon (TodayFM) na moltóirí.
Cuireadh os cionn 30 amhrán isteach ar an gcomórtas i mbliana agus roghnaíodh na 15 amhrán is fearr le bheith páirteach sa chraobh bheo.
Ceol
Imbolc – féile cheoil idirnáisiúnta i nDoire
Beidh an fhéile cheoil idirnáisiúnta, Imbolc, ar siúl i nDoire ón Domhnach an 26 Eanáir go dtí Lá’l Bríde, an Satharn an 1 Feabhra. Tá clár mór imeachtaí leagtha amach d’fhéile na bliana seo – ceolchoirmeacha, ceardlanna, seisiúin cheoil agus imeachta damhsa. Cuirfear seisiúin cheoil ar bun i gCultúrlann Uí Chanáin ag am lóin, ó 12:30 i.n. go 2:00 i.n., i rith na féile ag tosú ar an Luan an 27 Eanáir agus ag dul ar aghaidh gach lá go dtí an 31 Eanáir. Beidh cead isteach saor in aisce chuig na seisiúin sin sa Chultúrlann.
Déanfar ceiliúradh ar dhamhsaí Inis Eoghain sa gCultúrlann freisin agus ceardlann damhsa á cur ar bun ag Mary agus Joe McGuiggan ar an 28 Eanáir. Beidh Lynette Fay ag déanamh taifid bheo ar phodchraoladh ar an 31 Eanáir i gCultúrlann Uí Chanáin agus í ag ceiliúradh Lá Fhéile Bríde in éineacht le Orla Ní Chorragáin, buaiteoir Fhleadh an hÉireann, agus an scríbhneoir Dara Collins.
Tá tuilleadh eolais agus clár na féile ar fáil anseo.
Éigse
Oidhreacht an bhailitheora béaloidis Tadhg Ó Murchadha á ceiliúradh ag Éigse na Brídeoige
Beidh Éigse na Brídeoige ar bun in Uíbh Ráthach, Co. Chiarraí ón 31 Eanáir go dtí an 2 Feabhra i mbliana. Déanfaidh Éigse 2025 comóradh ar an obair a rinne an bailitheoir béaloideasa Tadhg Ó Murchadha (1896 – 1961) nuair a bhí sé ag obair le Coimisiún Bhéaloideas Éireann in Uíbh Ráthach.
I measc na n-imeachtaí labhróidh Ríonach Uí Ógáin, Ollamh Emerita le Béaloideas UCD, faoi Chín Lae Thaidhg ón uair a bhíodh sé ag saothrú leis ag taisteal an cheantair ar a rothar is Ediphone taobh thiar ar an iompróir aige.
Beidh an ceol lárnach in imeachtaí na hÉigse agus an léiriú An Londubh Fáin á chur i láthair ag an amhránaí Tim Dennehy in éineacht le Rose Mullarkey, Tadhg Dennehy, Paddy Bushe agus Diarmuid de Faoite. Tá an léiriú bunaithe ar stór amhrán a bhailigh Tadhg Ó Murchadha ó Phádraig Ó Ceallaigh (seanathair Tim Dennehy) i gCill Rialaig sna 1940idí, go leor acu nach bhfuil le fáil i stór amhrán an lae inniu.
Tá tuilleadh eolais agus clár Éigse na Brídeoige ar fáil anseo.
Scannáin
Club Scannán Sailearna – séasúr an Earraigh
Chuir Club Scannán Sailearna i gCois Fharraige tús an tseachtain seo le séasúr an Earraigh le léiriú den scannán My Favourite Cake ón Iaráin. Leanfar leis an séasúr gach tráthnóna Déardaoin ag 8:15pm ar feadh 10 seachtaine agus réimse leathain scannán á dtaispeáint ón tír seo agus ó thar lear.
An chéad scannán eile a bheidh le feiceáil ná Soundtrack to a Coup d’État, scannán faisnéise a dhéanann cur síos ar thuras a rinne Louis Armstrong, Nina Simone agus Duke Ellington go dtí an Congó i 1960 mar ‘ambasadóirí snagcheoil’ agus an chomhcheilg de chuid an CIA ba chúis leis an turas i ngan fhios dóibhsean.
Tá ticéad séasúir ar fáil ar €40 nó is féidir €9 a íoc isteach in aghaidh an scannáin. Tá clár an tséasúir agus ticéid ar fáil anseo.
Féile
Lá Fhéile Bríde agus féile Imbolc á gceiliúradh in An Díseart
Cuirfear ócáid filíochta agus cheoil ar bun sa Seomra Fresco in An Díseart sa Daingean ar an Déardaoin, 30 Eanáir ag 7:30pm mar chuid de cheiliúradh na Féile Bríde agus Imbolc. Is í Emer Fallon, Scríbhneoir Cónaitheach Chomhairle Chontae Chiarraí, a bheidh ina bean an tí agus beidh na filí Simon Ó Faoláin, Marie Ní Mhurchú agus Ceaití Ní Bheildiúin ag léamh óna saothar.
Glacfaidh grúpa scríbhneoirí nua agus scríbhneoirí óga páirt san ócáid, ag a mbeidh ceol beo agus amhráin freisin. Ócáid dhátheangach a bheidh ann agus níl aon táille ar an doras. Cuirfear sólaistí ar fáil.
Ar an Satharn, an 1 Feabhra, déanfar ceiliúradh ar Lá Fhéile Bríde i nGairdíní An Díseart. Beidh croiseanna Bríde á ndéanamh agus beidh scéalaíocht, sólaistí agus ceol beo mar chuid den ócáid a bheidh ar bun ó mheán lae go dtí a 1pm. Tá tuilleadh eolais ar shuíomh idirlín An Díseart.
Fág freagra ar 'CULTÚR: Éigse na Brídeoige in Uíbh Ráthach, Club scannán i gCois Fharraige, Imbolc i nDoire'