Tá Dara Calleary, atá 51 bliain d’aois agus arb as Béal an Átha i Maigh Eo dó, ar an gcéad aire sinsearach ó 2011 ar fágadh príomhchúram na Gaeilge agus na Gaeltachta air seachas iad a bheith tugtha ar láimh d’aire stáit.
Tá dóchas ann dá bharr go mbeidh an teanga níos fearr as faoin gcomhrialtas nua agus An tAire Coimirce Sóisialaí nua ag troid ar a son ag bord an rialtais féin.
Údar dóchais eile go bhfuil an chuma ar Calleary go bhfuil sé dáiríre faoina phost nua mar aire na Gaeltachta, rud arbh éigean go bhféadfá é a mhaíomh faoi chuid de na daoine eile a raibh an fhreagracht sin orthu le breis is deich mbliana.
Ach an t-am deireanach gur leagadh cúram na Gaeltachta ar Dhara Calleary, ní róshásta a bhí sé. Ní hé go raibh faic i gcoinne an róil aige – bhí suim i gcás na teanga aige – ach bhí sé fós trína chéile faoin scéala nár tugadh aireacht shinsearach dó cúpla lá roimhe sin nuair a ceapadh an rialtas nua.
Bhí údar aige lena mhíshástacht. Bhí sé ina leascheannaire ar Fhianna Fáil ó 2018 agus bhí sé ina cheannaire ar fhoireann idirbheartaíochta an pháirtí a dhein margadh stairiúil le Fine Gael chun comhrialtas a bhunú i ndiaidh olltoghchán 2020.
Scéal nuachta mór náisiúnta a bhí i gcinneadh Mhicheál Martin fear Mhaigh Eo á fhágáil ar lár mar nach raibh aon aire ó iarthar na tíre sa rialtas nua. Níor cheil Calleary a dhíomá agus labhair sé amach go neamhbhalbh sna meáin faoin scéal. In agallamh amháin níor shéan sé gur ‘Rialtas a mbeadh Cromail bródúil as’ a bhí sa chomh-aireacht nua.
Bhí roinnt bheag dá chomhghleacaithe míshásta leis gur chuir sé a chuid feirge agus díomá in iúl go poiblí. Dúirt duine amháin acu leis an Irish Times: “Chuaigh sé thar fóir. Ag dul ar an Six One News agus ag caoineadh faoi – ní rabhthas ag súil leis sin in aon chor.”
Ach deir daoine eile gur míléamh amach is amach ar Calleary a bheadh ann a mhaíomh go raibh meon teidlíochta i gceist lena chuid iompair.
Ina áit sin, deirtear gur léirigh sé an fhéinmhuinín agus cruas nach samhlaítear i gcónaí leis toisc an cháil a bheith air i measc polaiteoirí ar gach taobh as a bheith lách cabhrach.
Nuair nach bhfuair sé an t-ardú céime a chreid sé a bhí tuillte aige dúirt Calleary go raibh “comhrá deacair” aige le Micheál Martin.
“Bhí súil agam go mbeinn i gceannas ar roinn. B’in an mhian a bhí agam riamh agus féadaim a rá leat gurb í an mhian atá agam i gcónaí, agus tarlóidh sé, níl aon amhras ach go dtarlóidh é.”
Ní raibh fanacht rófhada air.
Ar an 15 Iúil 2020, agus gan ach coicís caite aige ina phríomhaoire agus ina aire stáit don Ghaeltacht, cheap Micheál Martin é ina Aire Talmhaíochta nuair a tugadh bata agus bóthar do Barry Cowen.
As an bpolaitíocht a fáisceadh Calleary agus lá dá shaol a bhí ann. Teachtaí Dála ab ea a athair Seán Calleary, a thug nach mór 20 bliain sa Dáil agus a bhí ina aire stáit, agus a sheanathair Phelim Calleary, a throid i gCogadh na Saoirse agus in aghaidh an Chonartha sa chogadh cathartha.
Bhí mian a chroí faighte anois ag an tríú duine de mhuintir Calleary a toghadh i Maigh Eo agus é ina aire sinsearach.
Ach 37 lá ina dhiaidh sin, bhí deireadh curtha lena shaol nua mar aire rialtais ag conspóid a bhain le dinnéar de chuid chumann gailf an Oireachtais.
Ar an 19 Lúnasa 2020, bhí Calleary ar dhuine den 82 duine a d’fhreastail ar an ócáid sa Chlochán sa Ghaillimh. Aimsir na paindéime Covid a bhí ann agus rialacha sláinte poiblí i bhfeidhm. Bhí raic mhór faoin scéal agus trí lá ina dhiaidh sin, d’fhógair Calleary go raibh sé ag éirí as.
“Rinne mé botún mór,” a dúirt sé.
“Níor cheart dom dul go dtí an ócáid. Ní raibh fonn orm daoine a ligean síos agus glacaim freagracht as an mbotún sin.”
Cé nach raibh Calleary an leathchéad go fóill bhí gach cuma ar an scéal go raibh a sheans mór leáite leis. Bhí an baol ann nach raibh i ndán dó ach a bheith mar ábhar cainte lá éigin do shaoithíní ar spéis leo fíricí fánacha faoin bpolaitíocht – cé hiad na hairí a chaith an méid is lú ama in oifig, mar shampla.
Ach más díbirt an pionós a leagadh ar Calleary láimhseáil sé go stuama foighneach a thréimhse sa bhfásach.
I mí Feabhra 2022, cinneadh sa chúirt nár sháraigh an ócáid ‘Golfgate’ aon rialacha sláinte poiblí agus gur reáchtáladh go sábháilte an ócáid. I mí Lúnasa na bliana sin, dhá bhliain i ndiaidh na hócáide conspóidí ar bheag nár chuir sí go tóin poill ar fad é, ceapadh Dara Calleary ina mhór-aire stáit sa roinn fiontair agus cead aige freastal ar chruinnithe rialtais.
Bhí toradh ar a dhíograis, an tréith is mó a luaitear leis ó toghadh ar dtús é in olltoghchán 2007. Bhí sé an-dáiríre i gcónaí faoin bpolaitíocht. Dúirt a bhean, Siobhan Gready, tráth gur luath go maith ina dtréimhse ghealltanais a chuir sé faoi gheasa uirthi dul le Fianna Fáil. Thug sé roinnt blianta ag plé le cúrsaí airgeadais agus gnó nuair a d’fhág sé Coláiste na Tríonóide, áit a ndein sé staidéar ar ghnó agus an eolaíocht pholaitiúil, ach ba léir gur saol mar pholaiteoir de chuid Fhianna Fáil a rogha. Bhí sé sáite in Ógra Fhianna Fáil ar feadh i bhfad agus tá sé ina bhall d’Fheidhmeannas Náisiúnta an pháirtí ó bhí sé 23 bliain d’aois.
Deir daoine a bhfuil aithne acu air go bhfuil sé macánta, ábalta agus dúthrachtach.
Tá taithí mhaith aige chomh maith i réimsí éagsúla den pholaitíocht. Bhí sé ina aire stáit sa Roinn Airgeadais le linn na géarchéime eacnamaíochta, mar shampla, agus dheineadh sé ionadaíocht uaireanta ar Bhrian Lenihan ag cainteanna tábhachtacha sa Bhruiséil tráth a raibh pacáiste tarrthála ar na bacáin.
Ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta de, tá an chuma ar an scéal cheana féin gur duine eisceachtúil é Calleary sa mhéid is gur theastaigh na cúraimí sin uaidh agus gur iarr sé go bhfágfaí aige iad. D’fhoghlaimíodh sé an Ghaeilge i gColáiste Uí Chadhain i gCois Fharraige nuair a bhíodh sé óg ach níor labhair sé in aon chor í go dtí gur toghadh chun na Dála é agus é sna tríochaidí. Deir daoine a bhfuil aithne acu gur Gaeilge amháin a labhródh sé le haon daoine a thuigfeadh sé í a bheith acu.
Ar a chéad turas chun na Gaeltachta mar aire an tseachtain seo caite, bhí daoine ana-thógtha leis. Léirigh sé suim i gcúrsaí agus bhí sé sásta éisteacht le daoine, a dúradh.
Ar an dtaobh eile den scéal, ní mór an Ghaeilge a labhair Calleary ina chuid óráidí sa Dáil le roinnt blianta anuas. Seachas a thréimhse mar leaschathaoirleach ar Choiste Gaeilge an Oireachtais níor labhair sé puinn faoi chás na teanga ach oiread, go poiblí ar aon nós.
Ach ní leis féin atá sé ansin i bparlaimint ar geall le parlaimint aonteangach Bhéarla í.
Tá leithéidí Chonradh na Gaeilge ana-shásta go deo lena cheapachán agus ní hamháin mar gur tugadh an chluas bhodhar dá n-éileamh ar aire sinsearach le 14 bliain anuas.
Deir Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí an Chonartha, go bhfuil siad ag plé le fada le fear Mhaigh Eo agus gur beag polaiteoir eile lena linn a léirigh an tuiscint chéanna ar na ceisteanna éagsúla a bhíonn faoi chaibidlí acu.
“Fiú san aireacht stáit dheireanach a bhí aige sa roinn fiontair bhí plé againn leis faoin bpacáistiú dátheangach agus léirigh sé an-bhá agus an-tuiscint.”
Deir Dara Calleary féin le Tuairisc go dtabharfaidh sé an Ghaeilge agus an Ghaeltacht isteach “i lár” obair an rialtais nua.
Má théann sé gar dó, beidh déanta go maith aige.
Pádraig O'hEipicín
Go n-éirí Leat.