IMEACHTAÍ NA SEACHTAINE

IMEACHTAÍ - Rogha Tuairisc.ie de scoth na n-imeachtaí. Caitheann Tuairisc.ie súil ar a bhfuil ag tarlú i saol phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta as seo go ceann seachtaine

 

The Way Back Home, dráma nua ó Branar atá ar siúl sa Dubhlann, Gaillimh, ón 16-19 Deireadh Fómhair mar chuid d'fhéile Babaro.
The Way Back Home, dráma nua ó Branar atá ar siúl sa Dubhlann, Gaillimh, ón 16-19 Deireadh Fómhair mar chuid d’fhéile Babaro.

Idir fhéilte ceoil, dhrámaí ar stáitse agus cheolchoirmeacha den scoth, tá go leor ar siúl an tseachtain seo i saol na Gaeilge agus nach muid atá buíoch! Bheinn ag coimhéad ar an tsraith ceolchoirmeacha ar son Gaza atá á reáchtáil le roinnt míonna anuas i gcúinní beaga agus ar stáitsí móra timpeall na tíre. Ar an Aoine bheag seo, beidh Máirtín O’Connor, Dordán, Cora Venus Lunny, ‘Elsafty Armstrong Browne’ agus Enda McCabe i measc na gceoltóirí ar ardán Monroe’s na Gaillimhe. Is í Eibhlín Ní Chonghaile a bheas mar bhean an tí ar an oíche, craoltóir raidió RTÉ a rinne clár faisnéise ‘Cuairt ar Gaza’ cúpla bliain ó shin faoin turas a rinne sí chun na Palaistíne.

Gné shuntasach de na ceolchoirmeacha seo ná go spreagann siad ceoltóirí móra chun teacht le chéile agus oíche de chineál éagsúil a chur ar siúl. Is cinnte go bhfuil éileamh ann dá leithéid. Dé Domhnaigh, tiocfaidh Paddy Casey, Declan O’Rourke agus Brian Kennedy le chéile den chéad uair in Ionad Pobail Chinn Mhara ar mhaithe le hairgead a chruinniú do Gaza. Má tá tú ina measc siúd ar éirigh leo ticéad a fháil, bainigí sult as. Mura bhfuil, bí ag faire ar leathanach ‘imeachtaí’ Tuairsic.ie amach anseo.

Ag cloí leis an iarthar, tá ‘The Way Back Home’, léiriú nua le Branar, ar stáitse mar chuid d’Fhéile Babaró, ón lá inniu go ceann trí lá eile i nGaillimh. Leagan stáitse den leabhar do pháistí le Oliver Jeffers atá ann, faoi bhuachaill óg lán de shamhlaíocht a théann ar thuras go dtí an spás. Cé go bhfuil sé dírithe ar pháistí tá idir ceithre blian d’aois agus sé bliana d’aois, is cinnte go rachadh sé i bhfeidhm ar óg agus aosta araon. Comhléiriú idir an compántas Téatar Refleksion ón Danmhairg agus Branar atá sa dráma seo, an mheitheal chéanna a rinne an léiriú galánta ‘An Seanfhear Beag’.

Ó thaobh na bhféilte de, tá go leor ar mhaith liom aird a dhíriú orthu. Leanfaidh Féile Litríochta Gaeilge IMRAM ar aghaidh sa phríomhchathair go dtí Dé Sathairn agus tá neart iontas sa chlár fós. Ceoltóirí agus daoine ar spéis leo an ceol traidisiúnta, beidh ceolchoirm aonair agus taispeántas scannáin leis an mháistir óg Caoimhín Ó Raghallaigh oíche Dé hAoine in Ionad Ealaíne Triskel i dTeampall Chríost.

Gan ach teilgeoir, agus Hardanger d’Amore faoina sciathán aige, téann an ceoltóir Ciarraíoch ar thuras chun saibhreas an cheoil thraidisiúnta a roinnt linn agus mistéir dhomhan an cheoltora a chíoradh. Beidh an-tóir ar sheoladh leabhair Alan Titley An Bhean Feasa chomh maith, úrscéal i bhfoirm dánta faoi bhean a crochadh i mBostún sa bhliain 1688. Ar deireadh, beidh dhá fhéile cheoil thraidisiúnta á reáchtáil, i dtuaisceart Chill Dara agus cathair Phort Láirge, ceantair nach mbeadh ceol traidisiúnta chomh láidir iontu le háiteanna eile ach is mór an t-éacht atá á dhéanamh ag grúpaí pobail maidir lena chur chun cinn.