Imeachtaí Gaelacha ag Féile Ealaíon na Gaillimhe

Tá an t-uafás imeachtaí beartaithe ag lucht eagraithe Fhéile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe 2016, agus níor fágadh an Ghaeilge ar lár ar chlár na féile

An Big Top ag Féile Ealaíona na Gaillimhe. Pictiúr: Barnacles
An Big Top ag Féile Ealaíon na Gaillimhe. Pictiúr: Barnacles

Fornocht do chonac thú, a áille na háille…

Léireofar an dráma Fornocht Do Chonac le hEoghan Ó Tuairisc mar chuid d’Fhéile Ealaíon na Gaillimhe na bliana seo. Léiriúchán ilmheán a bheidh ann agus é á stiúr

adh ag Eoin Mac Diarmada as Indreabhán.

Photo: Boyd Challenger
Pictiúr: Boyd Challenger

“Dráma a cheistíonn oidhreacht Phádraic Mhic Phiarais” atá i Fornocht Do Chonac, a léiríodh den chéad uair sa Taibhdhearc sa bhliain 1979, mar a mbeidh ar stáitse arís i mbliana.

Is é an t-aisteoir aitheanta Mícheál Ó Dubhghaill a ghlacfaidh páirt ‘Pearse’, dealbhóir ciniciúil atá i bhfolach mar gheall ar choir foréigin a rinne sé.

Tabharfar “léargas feanntach” ar shochaí na hÉireann sa lá atá inniu ann trí iniúchadh a dhéanamh ar oidhreacht agus idé-eolaíocht an Phiarsaigh, agus a fhiafraíonn ‘an maith nó olc í?’.

Níl aon tinteán mar do thinteán féin…

Is í an fhéiniúlacht téama na Féile i mbliana. Cíorfar, tríd an iliomad meán, ceisteanna éagsúla a bhaineann leis an bhféiniúlacht sa lá atá inniu ann. I measc na n-imeachtaí sin, beidh sraith cainteanna dar teideal ‘First Thought Talks’. Dé Domhnaigh, 17 Iúil ag 3.30pm, pléifidh Regina Uí Chollatáin, Ceann Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, Louis de Paor, Stiúrthóir Ionad an Léinn Éireannaigh, agus Manchán Magan, scríbhneoir le The Irish Times, an tionchar atá ag an nGaeilge ar fhéiniúlacht na hÉireann, anseo agus thar lear. Beidh costas €8 ar an imeacht sin.

Irish is the language of our community. Its rhythm is reflected in our music and culture

Seachtain i ndiaidh na cainte sin, tabharfaidh an ceoltóir, Peadar Ó Riada, as Baile Bhuirne, ‘taispeántas agus ceardlann’ dar teideal ‘Music as Identity’ in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Tabharfaidh Ó Riada léargas, trí phlé agus trí cheol, ar an gcaidreamh idir ceol na hÉireann agus cultúr na hÉireann.

4 T
The Hothouse Flowers

Bí liom os comhair an tsaoil…

Beidh roinnt ceoltóirí Gaelacha i láthair ag Féile Ealaíon na Gaillimhe freisin i mbliana. Beidh an banna iomráiteach The Gloaming lena mbíonn an t-amhránaí as Múscraí, Iarla Ó Lionáird, ag canadh, ag casadh sa Big Top ar 22 Iúil. Ar an oíche chéanna beidh The Hothouse Flowers, a chasann amhráin i nGaeilge agus i mBéarla araon, ar stáitse an tí tábhairne Monroe’s.

Fág freagra ar 'Imeachtaí Gaelacha ag Féile Ealaíon na Gaillimhe'