Imeachtaí Fhéile Oireachtas na Gaeilge Dé Sathairn

An bhfuil tú ag triall ar Oireachtas 2015 i mBáile Átha Cliath, nó an bhfuil tú ann cheana féin? Bíonn gach eolas, gach lá faoi imeachtaí na féile ar Tuairisc.ie…

Oireactas-Graphic De Sathairn

9.30 a.m.
AONTAS NA SCRÍBHNEOIRÍ
Ollchruinniú an Oireachtais
IONAD: Svuít ‘Newcastle’, An tIonad Fóillíochta, Óstán Citywest


9.30 a.m.
COMÓRTAS 29
Scéalaíocht: Príomhchomórtas
IONAD: Svuít ‘Rathcoole’, An tIonad Fóillíochta, Óstán Citywest
10.00 a.m.


COMÓRTAIS 22, 23, 24 & 25

An Phíb Uilleann, Veidhlín, Clairseach/Cruit & Ceol Beirte
IONAD: Amharclann an Oirechtais, An tIonad Fóillíochta, Óstán Citywest


10.00 a.m. CRAOLADH BEO ÓN OIREACHTAS

‘An tSeachtain’ le Máirín Ní Ghadhra
& ag 11.00 a.m. ‘Bláthnaid Libh’
ó Ródaí RTÉ Raidió na Gaeltachta


10.30 a.m. CLUICHE IOMÁNA Faoi 8

Na Gaeil Óga V Cumann an Chloigthí
IONAD: Páirc Chumann an Chloigthí, Bóthar na Mainistreach, Cluain Dolcáin


10.30 a.m. SEOLADH DLÚTHDHIOSCA

‘Preabmeadar’, le Daire Bracken & Lorcan Mac Mathúna
IONAD: Ardán an Aonaigh, An tIonad Comhdhála, Óstán Citywest


11.00 a.m. COMHCHRAOLADH RAIDIÓ ÓN OIREACHTAS

Raidió na Life, Raidió Fáilte & Near FM
IONAD: Lobbaí Óstán Citywest


11.00 a.m. SEIMINEÁR
Arna eagrú ag Conradh na Gaeilge
TÉAMA: Cá raibh an Ghaeilge i 1916, agus cá bhfuil sí inniu?
IONAD: Svuít ‘Citywest’, Óstán Citywest


11.00 a.m. ÓCÁID DO THEAGHLAIGH
Seoladh Cláir Bheochana do Phaistí: ‘BB agus Bella’
Beidh aoi fíor-speisialta i láthair & féiríní ann do na páistí!
Seo sraith a chraoltar ar TG4
arna eagrú ag Bábógbaby
IONAD: Svuít ‘Kingswood’, Óstán Citywest


11.00 a.m. CEARDLANN PLEANALA TEANGA
Arna eagru ag Glór na nGael
IONAD: Svuít ‘Vanessa’, Óstán Citywest


11.30 a.m. CEOL
le Cór ReRá
IONAD: Ardán an Aonaigh


12.00 p.m. RÁS AN OIREACHTAIS
Rás deireanach na bliana i sraith ‘Na Rásaí’
IONAD: Páirc Chorcaigh
12.00 p.m. CEARDLANN Scileanna do na Meáin Shóisialta
arna eagrú ag Gréasán na Meán
IONAD: Suvít Ormonde


12.00 p.m. CRUINNIÚ COMHCHÉIME
‘Neart na Gaeltachta – Comhoibriú na gComharchumann’
Comharchumainn na nGaeltachtaí & Liadh Ní Riada FPE
IONAD: Svuít ‘Swiftbrook’, Óstán Citywest


12.00 p.m. CRAOLADH BEO ÓN OIREACHTAS Le RAIDIÓ FÁILTE
IONAD: Lobbaí Óstán Citywest


1.00 p.m. AN CHÚIRT FILÍOCHTA
Léifear cuid den nua-fhilíocht is fearr atá againn, tabharfar deis d’fhilí na tíre aithne a chur ar a chéile agus an fhilíocht a phlé. Cuirfear fáilte roimh ghnáthphobal an Oireachtais a bheith i láthair chun a bheith ag éisteacht nó chun dán a aithris más mian leo. Ba chóir d’fhilí ar mhaith leo páirt a ghlacadh sa Chúirt teagmháil a dhéanamh roimh ré leis an sirriam gníomhach a pmacabhaird@gmail.com
Le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge
IONAD: Svuít ‘Newcastle’, An tIonad Fóillíochta, Óstán Citywest


1.00 p.m. CUR I LÁTHAIR: Úsáid na bhfoclóirí ar líne
Seisiún c. 30 nóiméad ag míniú conas lántairbhe a bhaint as na foclóirí ar líne ag www.focloir.ie agus www.teanglann.ie
Arna eagrú ag Foras na Gaeilge
IONAD: Svuít ‘Silken Thomas’, Óstan Citywest


1.15 p.m. PRÍOMHCHOMÓRTAIS RINCE AR AN SEAN-NÓS
Gach aoisghrúpa
Beo ar TG4
An Stáitse Mór, An tIonad Comhdhála, Óstán Citywest


1.30 p.m. COMÓRTAS PEILE: COMÓRTAS NA gCATHRACHA
Corn Dhonnchadh Uí Liatháin
Na Gaeil Óga (Baile Átha Cliath) v Gael-Taca (Corcaigh)
IONAD: Páirc Chorcaí, Cluain Dolcáin


2.00 p.m. SEOLADH DLÚTHDHIOSCA
Seolfar dlúthdhiosca nua, Sona do Cheird le Doimnic Mac Giolla Bhríde, Buaiteoir Chorn Uí Riada 2009.
Á sheoladh ag Cathal Goan.
IONAD: Svuít Avoca, An tIonad Comhdhála, Óstán Citywest


2.00 p.m. SEOLADH Rith 2016
IONAD: Forhalla Svuít ‘Citywest’, Óstan Citywest


2.00 p.m. CLUICHÍ BOIRD
Scrabble & Monopoly, arna n-eagrú ag Glór na nGael
IONAD: Lobbaí Óstán Citywest


2.00 p.m.
Gaeltacht i mBaile Átha Cliath: Plé poiblí ar na deiseanna ag Oireachtas na Gaeilge
Beidh plé ar bun mar chuid den Oireachtas i mbliana faoi na deiseanna atá ann Gaeltacht a bhunú i mBaile Átha Cliath. Tá sé mar aidhm ag seiminéar, atá á eagrú ag Muintir Chrónáin ó Chluain Dolcáin, saineolas a chur faoi bhráid an phobail maidir le forbairt tithíochta lán-Ghaeilge a thógáil sa phríomhchathair agus meitheal oibre a chur le chéile chun an fhís a bhaint amach.
I measc na gcainteoirí a bheas i láthair ná Séamus Mac Seáin, duine de bhunaitheoirí Ghaeltacht Bhóthair Seoige i mBéal Feirste – togra ionsparáideach atá mar spreagadh mór ag Muintir Chrónáin, agus an t-abhcóide Daithí Mac Cárthaigh a bheas ag caint faoi na structúir úinéireachta éagsúla a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh togra den chinéal seo. Beidh deis ag an bpobal ceisteanna a chur ar na haoichainteoirí agus a gcuid tuairimí agus moltaí maidir le Gaeltacht a bhunú i mBaile Átha Cliath a chur i láthair.
Beidh an seiminéar ar siúil i Seomra Swiftbrook in Óstán CityWest ó 2-4in Dé Sathairn seo chugainn.
Tuilleadh eolais: Colm Ó Broin, Cathaoirleach – Coiste Gaeilge Mhuintir Chrónáin, 0863927090, colmobroin@yahoo.ie.
2.00 p.m.
CRAOBH DÍOSPÓIREACHTA GAEL LINN
Do mhic léinn tríú leibhéil
Beidh ceithre fhoireann san iomaíocht a bheidh tar éis páirt a ghlacadh i réamhbhabhtaí cáilithe timpeall na tíre. Bronnfar Corn Gael Linn / The Irish Times chomh maith le €100 an duine ar na buaiteoirí. Bronnfar €50 an duine orthu siúd a thagann sa dara háit.
IONAD: Svuít Citywest, Óstán Citywest


2.30 p.m. CRUINNIÚ OSCAILTE
‘Tógáil Clainne le Gaeilge’
arna eagrú ag Glór na nGael
IONAD: Svuít ‘Vanessa’, Óstán Citywest


3.00 p.m. SEOLADH LEABHAR
Arna eagrú ag Leabhar Breac
IONAD: Svuít ‘Rathcoole’, An tIonad Fóillíochta, Óstán Citywest


4.00 p.m. LÉAMHA PRÓIS

‘SLIOCHT’ arna eagrú ag Cló Iar-Chonnachta

Rannpháirithe: Anna Heussaff, Alan Titley, Réaltán Ní Leannáin & Micheál Ó Conghaile

IONAD: Svuít ‘Newcastle’, An tIonad Fóillíochta, Óstán Citywest


5.00 p.m. CLUB NA FÉILE NA nÓG

Le tacaíochta ó Tuismitheoirí na Gaeltacha

Seolfar ‘SPRAOI’ le Raidió na Life ag an ócáid seo – Tionscadal nua de chuid Raidió na Life 106.4FM é SPRAOI le guth a thabhairt do pháistí i bpobal na Gaeilge agus leis an stáisiún a chur ar fáil mar áis foghlama do bhunscoileanna

Aoi Speisialta: Áine Ní Ghlinn

IONAD: Svuít ‘Citywest’, Óstán Citywest


5.15 p.m. SEIRBHÍS MHACHNAIMH

arna eagrú ag Cumann Gaelach Eaglais na hÉireann

IONAD: Svuít ‘Swiftbrook’, Óstán Citywest


6.00 p.m. DRÁMA

“Deirfiúr Jane Deifir”

Dráma nua grinn, á léiriú ag Mumbro Top (20 nóiméad de phléisiúr)

Cruthaithe ag Miriam Needham & Hilary Bowen-Walsh

Fáilte roimh cách!

Ionad: Amharclann an Oireachtais, Óstán Citywest


7.00 p.m. COMÓRTAS 43: CORN UÍ RIADA

An Príomhchomórtas Amhránaíochta ar an Sean-Nós

BEO ÓN OIREACHTAS ar RTÉ Raidió na Gaeltachta & www.tg4.tv

IONAD: An Stáitse Mór, An tIonad Comhdhála, Óstán Citywest


7.00 p.m. DRÁMA

‘The Wheelchair Monologues’

le Gearóid Ó Cairealláin, scríbhneoir agus príomhaisteoir an dráma.

IONAD: Amharclann an Oireachtais, Óstán Citywest


9.00 p.m. DRÁMA

‘Idir Dhá Ceann na hImní’, dráma aon fhir le Noel Ó Gallchóir,

bunaithe ar shaol agus ar shaothar Sheosamh Mhic Grianna.

IONAD: Amharclann an Oireachtais, Óstán Citywest


10.00 p.m. DRÁMA

“Smidiríní”

Dráma úrnua a phléann le gnéithe éagsúla de shaolna Gaeilge agus a chuireann i láthair iad tríd an ghreann.

Arna léiriú ag Mumbro Top


10.00 p.m. CLUB NA FÉILE

le Pádraig Ó Sé & a chairde

IONAD: Svuít ‘Citywest’, Óstán Citywest


10.30 p.m. CLUB GRINN: GaelGáirí

IONAD: Amharclann an Oireachtais, An tIonad Fóillíochta, Óstán Citywest


10.30 p.m. CLUB AMHRÁNAÍOCHTA

‘Casadh an tSúgáin’

Láithreoir: Máirín Uí Chéide

IONAD: ‘Svuít Kingswood’, Óstán Citywest