Imeachtaí Fhéile Oireachtas na Gaeilge Dé hAoine

An bhfuil tú ag triall ar Oireachtas 2015 i mBáile Átha Cliath, nó an bhfuil tú ann cheana féin? Bíonn an t-eolas uile gach lá faoi imeachtaí na féile ar Tuairisc.ie…

Oireactas-Graphic De hAoine

5.00 p.m. COMÓRTAS 35: Corn Sheáin Eoin Uí Shúilleabháin

Amhrán Nua-Chumtha (Daoine Fásta)

IONAD: Amharclann an Oireachtais, An tIonad Fóillíochta, Óstán Citywest


5.00 p.m. SEOLADH CLÁIR TEILIFÍSE

‘Cuimhní ón mBlascaod’

Sraith draíochtúil, tarraingteach, lán le scéalaíocht, le cuimhní agus le cumha i ndiaidh saol atá imithe atá in ‘Cuimhní ón mBlascaod.’

Arna eagrú agTG4

IONAD: Svuít ‘Citywest’, Óstán Citywest


5.30 p.m. SEOLADH LEABHAIR

‘An Prionsa Beag’, Aistriúchán úr le hEoghan Mac Giolla Bhríde ar an leabhar, ‘Le Petit Prince’, le Antoin De Saint-Exupéry

IONAD: Svuít ‘Rathcoole’, An tIonad Fóillíochta, Óstán Citywest


5.40 p.m. CRAOLADH BEO ÓN OIREACHTAS

Nuacht RTÉ

Ionad: Lobbaí Óstán Citywest


6.00 p.m. SEISIÚN NA nÓG: ‘Amhráin ár nDúchas’

Arna eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta i gcomhar le ‘An Gaelacadamh’

IONAD: Svuít Kingswood, Óstán Citywest


6.00 p.m. SEOLADH TAIGHDE: FORAS NA GAEILGE

Seolfaidh an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, Tuarascáil Taighde ar Nuachainteoirí na Gaeilge leis an Dr. John Walsh, an Dr. Bernadette O’Rourke agus an Dr. Hugh Rowland

IONAD: Svuít ‘Silken Thomas’, Óstán Citywest


7.00 p.m. COMÓRTAS 41: Sean-Nós na mBan

BEO ÓN OIREACHTAS ar RTÉ Raidió na Gaeltachta & www.tg4.tv

IONAD: An Stáitse Mór, An tIonad Comhdhála, Óstán Citywest


7.00 p.m. CRAOLADH BEO: BLAS AN OIREACHTAIS, BBC Thuaisceart Éireann

Láithreoirí: Lynette Fay & Fearghal Mag Uiginn

Grúpa Tí: Na Bonnymen

IONAD: Beár Hibernian, Óstán Citywest


7.00 p.m. DRÁMA ‘Idir Dhá Ceann na hImní

dráma aonair le Noel Ó Gallchóir,

bunaithe ar shaol agus ar shaothar Sheosamh Mhic Grianna.

IONAD: Amharclann an Oireachtais, Óstán Citywest


7.30 p.m.    COMÓRTAS 28

Scéalaíocht – Comórtas Cáilithe (Daoine Fásta)

IONAD: Svuít ‘Rathcoole’, An tIonad Fóillíochta, Óstán Citywest


8.00 p.m. CRAOLADH BEO ÓN OIREACHTAS

Nuacht TG4

Ionad: Lobbaí Óstán Citywest


9.00 p.m.  DRÁMA ‘Stiofán óg Dedalus’

dráma aonair, bunaithe ar shliocht as a’Portrait of the Artist as a young Man’

Aistrithe agus á stiúradh ag Proinn Ó Duigneáin

Aisteoir: Eoin Ó Dubhghaill

arna léiriú ag Splódar

IONAD: Amharclann an Oireachtais’, An tIonad Fóillíochta, Óstán Citywest


10.00 p.m. CÓISIR NA MAC LÉINN

Le fíor-scoth an cheoil ó CABARET CRAICEÁILTE

IONAD: Svuít ‘Lakes’, An tIonad Comhdhála, Óstán Citywest


10.00 p.m. CLUB NA FÉILE

le Pádraig Ó Sé & a chairde

IONAD: Svuít ‘Citywest’, Óstán Citywest


10.30 p.m.  CLUB AMHRÁNAÍOCHTA

‘Casadh an tSúgáin’ le Deirdre Nic Éanruig

Seolfar an dlúthdhiosca ‘Amhráin as Árainn & as Conamara’, le Treasa Ní Mhiolláin & Micheal Seoighe, ag tús an hócáide.

Eisiúint de chuid Gael Linn

IONAD: ‘Svuít Kingswood’, Óstán Citywest