IMEACHTAÍ – Drámaíocht

Caitheann Tuairisc.ie súil ar a bhfuil ar siúl ar stáitse as seo go ceann seachtaine,

 

Dráma do ghasúir,The Way Back Home, á léiriú ag Branar. Pictiúr: Branar Refleksio
Dráma do ghasúir,The Way Back Home, á léiriú ag Branar. 

‘The Way Back Home’, 16-19 Deireadh Fómhair, ag a 11.00r.n agus 3.00i.n, sa Black Box, Gaillimh. Leagan stáitse de leabhar le Oliver Jeffers faoi bhuachaill beag a bhfuil an-samhlaíocht aige. Léiriú gan aon teanga de chuid Branar atá ann atá á thaispeáint mar chuid d’Fhéile Babaró. Dírithe ar pháistí atá ceithre bliana d’aois nó níos sine. Ticéad aonair €9. Praghsanna éagsúla do theaghlaigh agus grúpaí. baboro.ie nó glaoigh ar +353 (0) 91 569 777.


‘Bacaigh Bhaile Bhúirne’, Dé Sathairn 18 Deireadh Fómhair, ag a 8i.n, in Óstán Buswells, Baile Átha Cliath. Cóiriú drámaíochta ar bhéaloideas na mbacach atá sa dráma seo, curtha i láthair ag Aisteoirí Chúil Aodha. Tuilleadh eolais: drama-gaeilge.com/


 

‘Bláth’ le Branar agus ceol ó Colm Mac Con Iomaire, Dé Céadaoin 22 Deireadh Fómhair san Axis Baile Munna, Baile Átha Cliath. Léiriú stáitse den leabhar pictiúir do pháistí le John Light agus Lisa Evans. Dráma gan teanga é ‘Bláth’ a chuirfidh draíocht ar an lucht féachanna ar bith ach atá dírithe ar pháistí 7+. Costas €6. Tuilleadh eolais. axisballymun.ie nó (01) 883 2100.