Imeachtaí den scoth beartaithe le haghaidh IMRAM na bliana seo

Ceolchoirmeacha, ceardlanna scríbhneoireachta, aithris filíochta agus léiriú drámaí i measc na n-imeachtaí a bheidh ar siúl mar chuid d’fhéile bhliantúil litríochta na Gaeilge

 

Peadar Ó Riada, Múscraí

Cuirfear tús le féile bhliantúil litríochta na Gaeilge, IMRAM, i mBaile Átha Cliath go luath.

Féile é seo arb é is aidhm leis ná saibhreas na litríochta comhaimseartha a roinnt leis an bpobal trí léamhanna agus imeachtaí éagsúla a eagrú.

Tabharfar ceardlann gearrscéalaíochta i mbliana in Áras na Scríbhneoirí ar an 10 Deireadh Fómhair i gCearnóg Pharnell. Is iad Micheál Ó Conghaile agus Micheál Ó Ruairc a stiúrfaidh an cheardlann, a bheidh dírithe ar scríbhneoirí óga agus scríbhneoirí nua nach bhfuil aon leabhar foilsithe fós acu.

Táthar ag iarraidh ar dhaoine ar mhaith leo a bheith páirteach sa cheardlann sin gearrscéal dá gcuid a sheoladh chuig Micheál Ó Conghaile ag moccic@eircom.net roimh an Déardaoin beag seo, an 24 Meán Fómhair. Roghnófar na saothair is oiriúnaí agus seolfar ceann gach duine chuig duine eile de na rannpháirtithe roimh ré le go mbeidh siad in ann buanna agus laigí obair a chéile a phlé sa cheardlann agus foghlaim óna chéile. Ochtar a nglacfar leo.

Léifidh duine de na stiúrthóirí sin, Micheál Ó Conghaile, sleachta as a leabhar nua, Diabhlaíocht Dé, an tráthnóna céanna agus é á thionlacan ag an gceoltóir Enda Reilly.

Tráthnóna Dé Luain, an 12 Deireadh Fómhair, is féidir le daoine bualadh isteach go dtí Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath agus breathnú ar an taispeántas ealaíonta de shaothair filí atá déanta go paiteanta ag foireann na hinistitiúide. Tá Gabriel Rosenstock, Alan Titley agus Nuala Ní Dhomhnaill i measc na bhfilí a bhfuil saothair leo le feiceáil ag an taispeántas, agus cuid den ábhar ann athscríofa agus athdheartha sa chló Gaelach.

Is é Peadar Ó Riada a thabharfaidh Léacht Uí Chadhain i mbliana sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, tráthnóna Déardaoin, an 15 Deireadh Fómhair, ag a seacht a chlog. Ag caint faoi ghlór sainiúil an Ghaeil a bheidh an Riadach agus conas a tháinig forbairt ar an nglór sin in imeacht na mblianta. Scagfaidh sé cén crot atá ar an nglór sin sa lá inniu. ‘Fuaimint Gaeil’ is teideal dá chaint.

Dóibh siúd a bhfuil spéis acu i gcúrsaí ceoil agus in amhráin Joni Mitchell go háirithe, is féidir leo cluas a thabhairt do Chaitríona O’Leary á gcasadh i nGaeilge in Amharclann an Smock Alley i mBarr an Teampaill Dé hAoine, an 16 Deireadh Fómhair, ag a hocht a chlog. Is iad Liam Ó Muirthile agus Gabriel Rosenstock a chuir Gaeilge ar na bunamhráin.

Fillfear ar Áras na Scríbhneoirí i gCearnóg Pharnell Dé Sathairn, an 17 Deireadh Fómhair, mar a roinnfear eolas le daoine faoi shlí bheatha an scríbhneora Gaeilge i réimsí na foilsitheoireachta agus an aistriúcháin. Ina measc siúd a chloisfear ag tabhairt cainte uathu, tá Eibhlín de Paor, Lochlainn Ó Tuairisg, Anna Heusaff agus Seán Tadhg Ó Gairbhí an tí seo. Is é Cathal Poirtéir atá ag eagrú na hócáide.

Beidh oíche ómóis ann do Nuala Ní Dhomhnaill tigh McGrattan ar Lána Mhic Liam, Sráid Bhagóid tráthnóna Dé Domhnaigh, an 18 Deireadh Fómhair, agus seachtain ina dhiaidh sin, cuirfear an cnuasach gearrscéalta le Pádraic Mac Piarais, ‘Eoghainín na nÉan agus Íosagán’, chun stáitse in Amharclann an Axis i mBaile Munna, áit a gcuirfear i láthair iad trí mheán na geáitsíochta, na n-amhrán agus na puipeadóireachta. Ar an Aoine, an 23 Deireadh Fómhair, ag 12 pm agus 7 pm, agus an Satharn, an 24 Deireadh Fómhair, ag 10 am, 12 pm agus 7 pm a bheidh an léiriú sin ar siúl agus tá fáilte roimh chách.

Níl sa mhéid thuas ach blaiseadh de na himeachtaí a bheidh ar siúl. Is féidir tuilleadh eolais a fháil anseo.

Fág freagra ar 'Imeachtaí den scoth beartaithe le haghaidh IMRAM na bliana seo'