IMEACHTAÍ: Caidé atá ar bun agat an deireadh seachtaine seo?

Caitheann Tuairisc.ie súil chun cinn ar a bhfuil ag tarlú i saol na Gaeilge agus na Gaeltachta as seo go ceann seachtaine

Emily Aoibheann
‘Creación’ Dé Sathairn 2 – 5 Bealtaine, Seanhalla Naomh Antoine, Bóthar Chluain Tarbh, Baile Átha Cliath


Cúige Chonnacht

FÉILE CEOIL: ‘Féile Chois Cuain’, 1- 4 Bealtaine, Cluain Cearbán, Co.Mhaigh Eo. Deireadh seachtaine amhránaíochta, ceoil, agus damhsa atá geallta i mbaile Chluain Cearbán an deireadh seachtaine seo. Féile dhátheangach iontach í seo, atá ag tarraingt scoth an gceoltóirí agus na n-amhránaithe ó chuile chearn den tíre chuici ar feadh scór blianta. Tá cáil ar an fhéile bhliantúil as scoth na cuideachta agus seisiúin cheoil, mar a gcuirtear fáilte roimh an uile dhuine. Beidh ceardlanna ceoil á reáchtáil sna huirlisí traidisiúnta i rith an lae Dé Sathairn, chomh maith le ceardlanna amhránaíochta agus dhamhsa seit. I measc na mbuaicphointí sa chlár, tá ceolchoirm ar leith ar siúl Dé Domhnaigh ag a 4in sa Halla Paróiste, ‘Trasna na dTonnta’, a dhíríonn ar cheoltóirí agus amhránaithe a rugadh thar lear nó atá ag cur fúthu in áiteanna eile seachas in Éirinn. Ar an ardán tráthnóna Dé Domhnaigh, beidh Emma Sweeney, Orlaith McAuliffe, Martin Dowling, Christina Dowling, Claire Egana agus Paul Gallagher. Tuilleadh eolais: https://www.feilechoiscuain.com/

Aisteoirí Mhíobhaigh, Na Dúnaibh, Tír Chonaill a léireoidh an dráma nua-scríofa “Cuairt an Uachtaráin” le Proinsias Ó Cuilinn
Aisteoirí Mhíobhaigh, Na Dúnaibh, Tír Chonaill a léireoidh an dráma nua-scríofa “Cuairt an Uachtaráin” le Proinsias Ó Cuilinn

FÉILE DRÁMAÍOCHTA: ‘Féile Náisiúnta Drámaíochta 2015’, Dé hAoine 1 Bealtaine – Dé Domhnaigh 3 Bealtaine, Amharclann Chois Fharraige, Conamara, Gaillimh. Beidh scoileanna ó na ceithre chúige páirteach san Fhéile Náisiúnta Drámaíochta an deireadh seachtaine seo, atá á eagrú ag an gComhlachas Náisiúnta Drámaíochta. Ar stáitse, beidh compántais drámaíochta ó scoileanna Gaeltachta éagsúla – ina measc, scoileanna as Tír Chonaill, Conamara, Corca Dhuibhne, Múscraí agus An Sean-phobal sna Déise, chomh maith le Baile Átha Cliath, Ceatharlach agus Baile Átha Luain. Seacht ndráma ar fad a bheidh á léiriú agus beidh réimse leathan imeachtaí, idir scéalaíocht agus scéaldrámaí, ar an ardán mar chuid d’imeachtaí ‘Éigse na Féile’ le linn na deireadh seachtaine. Anocht ag a 8in a sheolfaidh Joe McHugh, Aire Stáit na Gaeltachta, an fhéile a sheoladh go hoifigiúil. Déanfaidh an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, Gradaim na Féile a bhronnadh Dé Domhnaigh ag searmanas á chraolfar beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta óna 9in. Is é Máirtín Mac Donnchadha a bheidh ina fhear a’ tí agus is iad Síle Nic Chonaonaigh agus Muiris Ó Súilleabháin a dhéanfaidh moltóireacht ar na drámaí. Eolas breise: Seán Ó Morónaigh, Stiúrthóir an Chomhlachais: 087 2324036

CÓISIR: ‘Cóisir sa Chlós’, Dé hAoine 5 Bealtaine, 7in, Áras na nGael, 45 Sráid Doiminic, Gaillimh. Más maith leat tús spraíúil a chur le deireadh seachtaine saoire bainc, beidh Benji Revelation, Will Softly, Slick Normal, Sacca Roots, Authentic Jamaican i measc na nDJanna a bheas ag casadh ceirníní ag cóisir chlós an árais. Cuireadh síneadh leis an chlós le deireanas, rud a fhágann go bhfuil sé níos mó agus thar a bheith feiliúnach do chóisir faoin spéir. Chomh maith le ceol, cuirfidh ‘Jamica Joes’, bia ar fáil don slua. Tosaíonn an ceol ag a 7in agus tá saorchead isteach don chéad 50 duine isteach an doras.


Cúige Laighean

SEÓ: ‘Creación’ Dé Sathairn 2 – 5 Bealtaine, Seanhalla Naomh Antoine, Bóthar Chluain Tarbh, Baile Átha Cliath. Seó dátheangach (Portaingéilis agus Béarla), ilghnéitheach, a bhfuil taibhiú aeir, damhsa, filíocht agus drámaíocht fite fuaite ann. Foireann de cheathrar déag atá taobh thiar de; is léiriú spleodrach é seo ar scéal suite i ndomhan osréalach, san fharraige agus in airde sa spéir, mar a bhfuil ainmhithe osnádúrtha. Is í Miriam Needham, (Smidiríní, Na Rúin agus Branar) atá ar dhuine de na príomhaisteoirí. Tá an léiriú feiliúnach do pháistí thar 9 mbliana d’aois. Léiriú le Dying Breeds é seo a bheas le feiceáil go dtí an 5 Bealtaine. Cead isteach: €10 Tuilleadh eolais: https://www.emilyaoibheann.com/ 

SEISIÚN LEIS NA PÍOBAIRÍ: ‘Joe McKenna, Paul Bradley, Dermot Byrne agus Dermot McLoughlin’, Dé Máirt 5 Bealtaine, The Cobblestones, Margadh na Feirme, Baile Átha Cliath. Píobaire amháin Joe McKenna atá i measc na gceoltóirí a bheas ag seinm Dé Máirt sa Cobblestone. Is ceoltóirí Uladh ar fad atá ina theannta; an boscadóir Dermot Byne as Inis Eoghain, an fidléir Dermot McLoughlin as Doire agus Paul Bradley as Ard Mhaca. ‘Line up’ den scoth in ionad den scoth a mheallann lucht féachana a thugann éisteacht mhaith i gcónaí don cheol. Tá an ceolchoirm seo á reáchtáil uair sa mhí ag Na Píobairí Uilleann a thugann ardán do phíobairí agus do cheoltóirí eile. Cead isteach: €12 Tuilleadh eolais: https://pipers.ie/events/2015/05/session-with-the-pipers-15/

Gerry and Giles

FOLK CLUB: ‘Gerry O’Connor agus Giles Le Bigot’, Dé Céadaoin 6 Bealtaine, Amharclann ‘An Táin’, Dún Dealgán, Co Lú. Beidh fidléir Dhún Dealgán Gerry O’Connor i dteannta a sheancharad Giles Le Bigot, giotáraí aitheanta as an Bhriotáin agus iad i mbun ceolchoirme i mbaile dúchais Gerry. Tháinig an bheirt seo le chéile i ‘Lá Lugh’, banna a raibh ceoltóirí móra Oirialla Gerry O’Connor agus Eithne Ní Uallacháin (nach maireann) bainteach leis. Foinn éagsúla ó Éirinn agus an Bhriotáin, idir nua agus sean, a bheas le cloisteáil. An chéad cheolchoirm i sraith ceolchoirmeacha a thabharfaidh an bheirt iontach seo timpeall na tíre. Tá an ceolchoirm seo á chur i láthair ag Folk Club an Bonnán Buí. Tuileadh eolais: https://www.facebook.com/events/810187325728338/

Cúige Mumhan

Cian Ó Ciobháin

FÉILE CULTÚRTHA: ‘Féile na Bealtaine’, 30 Aibreán – 4 Bealtaine, Ionaid éagsúla, Daingean Uí Chúis, Ciarraí. Tá féile chultúrtha bhaile an Daingin faoi lánseol, seoid bheag d’fhéile a bheas ar siúl as seo go ceann ceithre lá. Ó thaobh an cheoil amháin de, tá sárchlár curtha le chéile a bhfuil plúr na gceoltóirí luaite leis, ina measc Delorentos, Fiachra Garvey, The Vanburgh Quartet and Austrian Fiddlers, Ré, R.S.A.G mar aon le ceoltóirí ón cheantar, ina measc Caoimhín Ó Raghailligh agus Cian Ó Cíobháin. Mar is dual d’Fhéile na Bealtaine, beidh imeachtaí litríochta ar siúl fosta. I mbliana, beidh Donal Ryan, Sara Baume, Doireann Ní Ghríofa, Ailbhe Ní Ghearbhuigh agus máistir an Haiku Gabriel Rosenstock i measc na n-aíonna. Le breis agus 100 imeacht san iomlán, tá iontais sa chlár a rachadh i bhfeidhm ar chách, idir óg agus aosta. Ar cheann acu siúd, beidh agallamh poiblí Dé Sathairn, i dTeach na Cúirte (The Courthouse), ag 7.45in, áit a mbeidh an craoltóir agus scannánóir aitheanta Philip King i mbun cainte le réalta RnaG Cian Ó Cíobháin, agus ar colúnaí le Tuairisc é. Tuilleadh eolais: https://feilenabealtaine.ie

SEOLADH TAISPEÁNTAIS agus LÉAMH FILÍOCHTA:  Taispeántas ‘trí-theangach’ agus léamh filíochta, ag oscailt Dé hAoine 1 Bealtaine, 6.30in, Sa Lab, Baile an Daingean, Ciarraí. Taispeántas a phósann Gaeilge, Gàidhlig agus Béarla le chéile i bhfoirm físe, fuaimiúla agus ealaíonta. Comhfhiontar é seo idir Máire Bhreathnach (Ceoltóir/Cumadóir), Sheena Graham-Georger (Físealaíontóir), Angelica Kroeger (Scannanóir/Dearthóir Fuaime), Meg Bateman (Aistritheoir/File) agus Bríd Ní Mhóráin (File). Mar chuid den seoladh, beidh léamh filíochta ag an oscailte Dé hAoine,1 Bealtaine ar 7 i.n. agus arís ag imeacht de chuid Féile na Bealtaine Dé Domhnaigh, 3 Bealtaine ar 3 i.n. Tuilleadh eolais: https://www.anlab.ie/


Cúige Uladh

LÉACHTAÍ: ‘Léachtaí na Fearsaide’, Déardaoin 7 Bealtaine, 7-8in, Dánlann Gerard Dillon, Cultúrlann Mac Adam Ó Fiach, Bóthar na bhFál, Béal Feirste. Sraith léachtaí é seo a dhíríonn ar ghnéithe éagsúla de stair agus d’oidhreacht Bhéal Feirste. ‘Logainmneacha na Fearaisde’ a bheas faoi chaibidil ag Aodán Mac Póilín sa léacht seo, fear a bhfuil saineolas aige ar an ábhar. Imeacht saor in aisce é seo. Tuilleadh eolais: https://www.culturlann.ie/event/placenames-aodan-mac-poilin/

Whelan Maura

TAISPEÁNTAS: ‘‘Ó Dhúiche Mhúscraí’, ar taispeáint go dtí an 4 Meitheamh, Dánlann Gerard Dillion, Cultúrlann Mac Adam Ó Fiach, Bóthar na bhFál, Béal Feirste. Uair sa bhliain, tagann ealaíontóirí Mhúscraí le chéile chun aird a tharraingt ar an réimse ealaíne a bhíodh á chleachtadh go forleathan thart faoi cheantar Mhúscraí. I mbliana, tá saothair le Bernadette Ní Choitir, Helen NíChuill, Maura Whelan, Máire Ní Shúilleabháin agus Pauline Dodds ar taispeáint, Robert Rasmussen, Meredith Flandreau, Suzanne O’Sullivan agus Marie Foley. Tuilleadh eolais: https://www.culturlann.ie/event/o-dhuiche-mhuscrai/

Timpeall na Tíre

CAMCHUAIRT NÁISIÚNTA: ‘Ré’ i dteannta ‘Tunes in the Church’, 1-17 Bealtaine. Beidh ceoltóirí Ré i mbun ceoil in Ionad Ealaíona Triskel gCorcaigh anocht, an chéad cheann de sa tsraithcheolchoirmeacha a thabharfaidh mórcheoltóirí traidisiúnta chuig séipéil éagsúla timpeall na tíre. Grúpa é Ré a d’eascair ó Rian, fiontar ceoil agus damhsa. Liam Ó Maonlaí (Pianó agus guth), Cormac Ó Beaglaoich (Consairtín), Eithne Ní Chatháin (Fidil agus Guth), Maitiú Ó Caiside (Píoba Uillinne) agus Peter O’Toole (Olldord) atá taobh thiar de Ré. Más maith leat blaiseadh a fháil den cheol a bheas le cloisteáil acu, tabhair cluas lena gcéad albam (faoin teideal céanna), a thaifeadadh i Séipéal San Nicólas i nGaillimh, áit a mbíonn ceolchoirmeacha an tsamhraidh ‘Tunes and the Church’ ar siúl. Tuilleadh eolais: https://www.facebook.com/events/938328619533834/

CEOLCHOIRM:

GRÉASÁN CIORCAIL CHOMHRÁ: ‘Is leor beirt’ maidin, tráthnóna agus oíche in ionaid éagsúla ar fud na tíre agus níos faide i gcéin. An chéad mhórghréasán de ‘Chiorcail Chomhrá’ mar chuid den fheachtas ‘Is leor beirt’. Tá ciorcail chomhrá ar fáil do gach leibhéal, cibé acu i d’fhoghlaimeoir nó i do chainteoir líofa thú. Cuireann Conradh na Gaeilge fáilte romhat ‘Ciorcal Comhrá’ a thosú i do cheantar féin. Níl le déanamh ach am, áit agus sonraí teagmhála a chur chuig isleorbeirt@cnag.ie nó is féidir scairt a chur ar Chonradh na Gaeilge +353 (0)91 567824.

Fág freagra ar 'IMEACHTAÍ: Caidé atá ar bun agat an deireadh seachtaine seo?'