‘I’m the luckiest broadcaster in Ireland’ – Ivan Yates sásta nár éirigh le gearán faoi ‘cultural terrorists’

Deir an craoltóir Ivan Yates go raibh an t-ádh dearg air nár glacadh le gearán faoi chlár teilifíse inar thug sé ‘sceimhlitheoirí cultúir’ ar Bhláthnaid Ní Chofaigh agus cainteoirí Gaeilge eile

‘I’m the luckiest broadcaster in Ireland’ – Ivan Yates sásta nár éirigh le gearán faoi ‘cultural terrorists’

Matt Cooper le Ivan Yates. Pictiúr: Brian McEvoy

Tá ráite ag an gcraoltóir Ivan Yates go raibh an t-ádh air gur thug sé na cosa leis nuair a rinneadh gearán chuig an BAI faoi chlár teilifíse inar thug sé ‘sceimhlitheoirí cultúir’ ar Bhláthnaid Ní Chofaigh agus cainteoirí Gaeilge eile.

Thug an BAI le fios gur diúltaíodh don ghearán ó Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn mar gur measadh gur ag iarraidh díospóireacht a spreagadh a bhí Yates. Dúradh chomh maith mar mhíniú ar an gcinneadh gur láithreoir é Yates a mbítear ag súil le “tuairimí conspóideacha” a chloisteáil uaidh toisc gur “gnáthnós” aige a bheith ag déanamh ráiteas ar mhaithe le sáraíocht, nó ag déanamh “abhcóide an diabhail” de féin.

Agus é faoi agallamh san Irish Independent, mhaígh Yates go raibh seans leis gurbh é sin an dearcadh a bhí ag an BAI.

“Is mé an craoltóir is mó ádh in Éirinn. Rinneadh gearán áirithe leis an BAI faoi chlár ar a raibh muid ag plé na Gaeilge agus bhí Bláthnaid Ni Chofaigh air agus dúirt mé ‘Níl ionat ach sceimhlitheoir cultúir, ag sá na Gaeilge síos ár scornach. Agus mar sin rinne roinnt daoine a bhí ag féachaint ar an gclár gearán. Ba í an chosaint a bhí ann ná gurb é stíl an láithreora a bheith ag cothú uafáis, a bheith ag dul ar fóir agus a bheith lán tuairimíochta,” arsa Ivan Yates.

Ina gcinneadh faoin gcás, dúirt an BAI gur tugadh “faoi deara go bhféadfadh gur chuir sé sin isteach ar roinnt daoine sa lucht féachana”, ach gur tugadh neart deiseanna do na daoine a bhí faoi agallamh sa chlár “a dtuairimí a chur in iúl agus gur úsáideadh cur chuige cothrom, oibiachtúil agus neamhchlaonta ar an iomlán i leith an ábhair”. 

Ní raibh “éagóir” i gceist, a chinn an BAI.

Mar fhreagra ar an ngearán dúirt TV3 – Virgin Media 1 anois – go raibh Ivan Yates ag déanamh “abhcóide an diabhail” de féin ar mhaithe le díospóireacht a spreagadh” agus gur ag caint faoi dhaoine “a bhfuil tuairimí dochta acu” a bhí sé, seachas faoi chainteoirí Gaeilge “go sonrach”.

Chothaigh an díospóireacht teilifíse faoin nGaeilge a bheith ina ábhar riachtanach sa chóras oideachais fearg mhór i measc lucht na Gaeilge an samhradh seo caite.

Ba é Matt Cooper a chuir tús leis an díospóireacht ar The Tonight Show ar TV3 ar an 19 Meitheamh  2018 nuair a thug sé le fios go ndúirt a chomhláithreoir Ivan Yates le linn bhriseadh na bhfógraí go raibh sé ar son fáil réidh leis an nGaeilge ar fad.

Mar fhreagra ar an méid sin, dúirt Yates ‘I’ll let the cultural terrorists get on with it’ agus an chuma ar an scéal go raibh sé ag tagairt do Bhláthnaid Ní Chofaigh, an craoltóir aitheanta Gaeltachta a bhí tagtha ar an gclár chun díospóireacht a dhéanamh faoin nGaeilge ‘éigeantach’ le Niall Boylan ó 4fm.

Nuair a chuir Ní Chofaigh in iúl do Yates gur chuir a ráiteas faoi ‘cultural terrorists’ iontas uirthi, dúirt an láithreoir go raibh sé ag tagairt do “these zealots who believe their way of life should be inflicted on us all”.

Fág freagra ar '‘I’m the luckiest broadcaster in Ireland’ – Ivan Yates sásta nár éirigh le gearán faoi ‘cultural terrorists’'

  • Gabriel Rosenstock

    Sceimhlitheoirí cultúir iad Virgin Media. (Táimse sceimhlithe acu ach go háirithe)

  • Eoghan Ó Néill

    Bhí sé mar nós riamh ag cuid des na Anglos sa tír seo bheith maslach i leith lucht labhartha na gaeilge agus chun a chuid a thabhairt do Ivan níl sé ach ag leanúint leis. Dá mbeadh sé i dTrumplandia bheadh se ag rá an rud céanna i leith na Latinos. Ach, ní Anglos muidne. No pasarán!

  • Gearóid de Grás

    Aontaím leat go hiomlán, a Ghabriel.
    Le tamall fada anois baintear úsáid as an bhfocal sceimhlitheoir mar lipéad le cur ar mhionlaigh a théann i muinín an fhoréigin chun an fhís acu a chur chun cinn. Ní bhaintear úsáid as riamh chun cur síos a dhéanamh ar fhórsaí cumhachtacha na bunaíochta a chuireann sceimhle ar dhaoine. Chuir an SS agus an Gestapo, na dúchrónaigh agus na B Specials, agus go leor fórsaí eile Stáit sceimhle ar dhaoine síos tríd na blianta ach ní ghlaotar sceimhlitheoirí orthu.
    Tugaim faoi deara nár ghabh Yates leithscéal as a dúirt sé agus níor chuir sé in iúl nach raibh sé ach ag magadh ach oiread. An fáth go raibh a leithéid de ráiteas aige ná chun eagla a chur ar éinne a bheadh ag bogadh i dtreo tacaíocht a thabhairt don Ghaeilge agus imeallú a dhéanamh ar éinne a bhí ag tacú léi go dtí seo. Is saghas sceimhlitheoireachta é sin – cuireann sé lipéad gránna ar ghrúpa mionlaigh (nó urlabharaithe an ghrúpa sin) le cur in iúl nach bhfuil aon rud mícheart lena gcearta a cheilt ar a leithéid de ghrúpa. Cén saghas cearta a thabharfá do sceimhlitheoirí? Cén éisteacht a thabharfadh duine ciallmhar, stuama do sceimhlitheoir?