Idirbheartaíocht ar bun maidir le comharba Catherine Connolly ar choiste Gaeilge an Oireachtais

Tá an coiste Gaeilge gan cathaoirleach ó toghadh Catherine Connolly ina huachtarán agus níl aon chainteoir líofa Gaeilge fágtha i measc bhaill an ghrúpa atá le cathaoirleach nua a roghnú

Idirbheartaíocht ar bun maidir le comharba Catherine Connolly ar choiste Gaeilge an Oireachtais

Meastar gur sna laethanta amach romhainn a dhéanfar cinneadh maidir le cathaoirleach nua ar choiste Gaeilge an Oireachtais.

Tá Coiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge gan cathaoirleach ó toghadh Catherine Connolly ina hUachtarán an mhí seo caite agus tuigtear go bhfuil idirbheartaíocht ar bun i láthair na huaire maidir le cathaoirleach nua a cheapadh.

Tá iarchathaoirleach an choiste, Aengus Ó Snodaigh, Sinn Féin, agus an té atá ina leaschathaoirleach ar an gcoiste faoi láthair, Naoise Ó Cearúil, Fianna Fáil, ina measc siúd atá á lua leis an ról ach ní léir go fóill cén páirtí a dhéanfaidh an cathaoirleach nua a cheapadh.

Faoi láthair is faoin ngrúpa teicniúil a raibh Connolly ina ball de sa Dáil, grúpa ina bhfuil Teachtaí Dála neamhspleácha agus Teachtaí ó pháirtithe beaga, atá sé cathaoirleach a roghnú ar an gcoiste Gaeilge.

Níl aon chainteoir líofa Gaeilge ar an seachtar Teachtaí Dála atá fágtha sa ngrúpa sin áfach – Paul Murphy (Pobal Seachas Brabús), Richard Boyd-Barrett (PSB), Ruth Coppinger (PSB), Roderic O’Gorman (Comhaontas Glas), Charles Ward (Cúiteamh 100%), Séamus Healy (Neamhspleách) agus Brian Stanley (Neamhspleách).

Fágann sin gur beag seans gur duine de na Teachtaí sin a roghnófar mar chathaoirleach nua ar an gcoiste, a bhfuil a ghnó á dhéanamh trí Ghaeilge aige ó bunaíodh é.

Is féidir leis an ngrúpa cathaoirleacht an choiste Gaeilge a bhronnadh ar pháirtí eile nó is féidir scaoileadh leis an gcathaoirleacht agus é a dháileadh arís de réir chóras d’Hondt, an córas faoina gceaptar cathaoirleacht na gcoistí ar na grúpaí éagsúla sa Dáil.

D’fhéadfaí teacht ar réiteach le páirtí eile chun an chathaoirleacht a bhronnadh orthu.

Dá mbeadh an grúpa teicniúil ag iarraidh an chathaoirleacht a bhronnadh ar pháirtí sa chomhghuaillíocht den eite chlé, d’fhéadfaí é a bhronnadh ar Shinn Féin. Tá Gaeilge ag dháréag de Theachtaí Shinn Féin agus tá beirt acu, Aengus Ó Snodaigh agus Shónagh Ní Raghallaigh, ina mbaill den choiste Gaeilge.

Déantar socruithe chomh maith idir grúpaí agus páirtithe i dTeach Laighean maidir leis an gcathaoirleacht ar choistí nó coistí nua a bhabhtáil.

Dá ndéanfaí an chathaoirleacht a dháileadh de réir chóras d’Hondt, is chuig Fianna Fáil a rachadh sé. Is iad Naoise Ó Cearúil, John Connolly agus Shane Moynihan an triúr Teachtaí Dála le Fianna Fáil atá ina mbaill den choiste.

Cuirtear liúntas breise €10,888 ar fáil do chathaoirleach ar choiste Oireachtais.

Fág freagra ar 'Idirbheartaíocht ar bun maidir le comharba Catherine Connolly ar choiste Gaeilge an Oireachtais'