Idir dhá cheann na Meá – Cainteanna Stormont

Táthar ag druidim le cnámh na huilinne sna cainteanna ó thuaidh, a deir ár gcolúnaí

29/05/2014. Rt Hon Theresa Villiers MP. Pictured Secretary of State for Northern Ireland Rt Hon Theresa Villiers MP speaking to the media in the Department of Foreign Affairs in Dublin this afternoon. Photo: Sam Boal/Photocall Ireland
Pictiúr: Sam Boal/Photocall Ireland

Is geall le deasghnáth é. Cainteanna ‘práinneacha’ i Stormont chun an tsáinn is deireanaí a fhuascailt ach na páirtithe ag tarraingt na gcos nó ag geáitsíocht ar feadh seachtainí as a chéile sul má chuirtear dlús le hidirbheartaíocht i ndáiríre.

Tá cruacheisteanna le réiteach atá an-chorrach, súil ag na pairtithe le margadh gan aon chinnteacht go bhfuil sé indeanta. Ach tá siad i mbun oibre anois tar éis an-chuid moilleadóireachta.

Sin é a bhí ar siúl i Stormont le breis is mí. Níor bhuail na páirtithe le chéile in aon chor ar laethanta áirithe fad is a bhí siad ag fanacht leis an tuarascáil ar pharaimíleatachas. Seachtain i ndiaidh na tuarascála sin, tugadh faoi obair théagartha, ar deireadh. Ina nduine is ina nduine, thug Martin McGuinness, Sinn Féin, Peter Robinson, DUP agus Theresa Villiers, Státrúnaí na Breataine, foláireamh nach raibh fágtha ach laethanta chun bailchríoch a chur ar an obair.

Deich lá ar a mhéad a bhí acu, dar le ceannaire an DUP ar an Déardaoin. Dúirt Villiers gur seachtain chinniúnach í an tseachtain seo chugainn. Díol suntais ab ea é go raibh an port ceannann céanna ag an DUP agus Sinn Féin. Dúirt McGuinness Dé Céadaoin go raibh páirtithe eile ag iarraidh na cainteanna a lot; níor ainmnigh sé iad ach dúirt nach raibh sé ag tagairt don DUP.

Lá arna mhárach, dúirt Robinson go raibh páirtí amháin ag fanacht ar an taobhlíne; “cnáimhseálaithe agus scriostóirí” ab ea iad “ag ionsaí le súil go mbainfidís buntáiste polaitiúil as teip na gcainteanna”, arsa ceannaire an DUP. Níor ainmnigh sé an páirtí ach ba léir gurb é an UUP a bhí i gceist aige ó tá faobhar nimhe ar na sceana ag an dá pháirtí sin dá chéile faoi láthair.

Go deimhin, rinne ceannaire an UUP, Mike Nesbitt, gaisce as an UUP a bheith ag goilliúint ar an DUP agus Sinn Féin. Ba é an leas coiteann a bhí ag déanamh tinnis dá pháirtí fein, arsa Nesbitt, murab ionann agus an da mhórpháirtí “a bhí ar ais i mbaclainn a chéile, cíocrach chun margadh ar chúla téarmaí a dhéanamh le chéile”. Chuir sé a racht de faoin DUP le sraith maslaí a d’fhreagair na hachasáin ó Robinson.

Ar ndóigh, ní chuirfeadh freasúra an UUP margadh de dhroim seoil; i mbeagán focal, níl siad riachtanach. Meastar, áfach go mbeadh seans níos fearr ag socrú a mbeadh tacaíocht gach páirtí aige. Ba í an fhadhb le gach réiteach a rinneadh go dtí seo gur fágadh ceisteanna deacra i leataobh – oidhreacht na dTrioblóidí, paráidí, bratacha agus suaitheantais, mar shampla.

Cén seans go réiteofar iad an t-am seo? Tá a fhios go raibh seisiún an-teasaí acu faoi oidhreacht na dtrioblóidí cupla la ó shin, Sinn Féin agus an SDLP ag diúltú as éadan do phlean Rialtas an Breataine chun fianaise a cheilt ar bhonn slándála náisiúnta. Tá a fhios freisin go bhfuil an t-easaontas leis na Tóraithe faoi chiorruithe leasa shóisialta nimhneach.

Chomh maith leis an moilleadóireacht, ba chuid den deasghnáth go dtí seo gur coinníodh Stormont beo, más ar éigean é, d’ainneoin na ndeacrachtaí. Ach tá an Statrúnaí Villiers ag tagairt go minic anois d’fhionraíocht agus riail dhíreach mura ndéanfar margadh – go hairithe faoi chiorruithe, an chloch is mó ar an bpaidrín s’aicise.

Más mall is mithid do na páirtithe tabhairt faoin obair i ndairíre; ní bheidh sé furasta an gnó a dhéanamh cé go bhfuil comhphort an dóchais ag an DUP agus Sinn Féin.

Fág freagra ar 'Idir dhá cheann na Meá – Cainteanna Stormont'