Idir cheiliúradh agus bhriseadh croí d’fhoirne Gaeltachta i gCraobh Idirmheánach na hÉireann

Is iad An Spidéal, an naoú foireann Ghaeltachta a imreoidh i gcluiche leathcheannais Chraobh Idirmheánach Peile na hÉireann agus iad ag tabhairt aghaidh ar Naomh Éanna as Aontroim Dé Domhnaigh

Idir cheiliúradh agus bhriseadh croí d’fhoirne Gaeltachta i gCraobh Idirmheánach na hÉireann

Séamus Ó Droighneáin ag imirt don Spidéal i gcluiche ceannais Chonnacht. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Nuair a rachaidh peileadóirí an Spidéil chun páirce i gcluiche leathcheannais Chraobh Idirmheánach na hÉireann san Uaimh Dé Domhnaigh beag seo, beidh fir na Gaillimhe ag leanúint scata mór foirne Gaeltachta ar éirigh leo an chéim seo den chomórtas a bhaint amach.

Ó imríodh Craobh Idirmheánach Peile na hÉireann den chéad uair in 2004, is é an cumann as Cois Fharraige an naoú cumann Gaeltachta ar éirigh leo cluiche leathcheannais na hÉireann a bhaint amach.

As na hocht bhfoireann eile a rinne an t-éacht sin, d’éirigh le ceithre cinn acu an cluiche ceannais a bhaint amach agus bhuaigh dhá fhoireann acu an comórtas, Maigh Cuilinn as Gaillimh in 2008 agus Naomh Micheál/An Fhaill Mhór as Uíbh Ráthach, in 2009.

Beidh an Spidéal ag tabhairt aghaidh ar churaidh Aontroma, Naomh Éanna, i gcluiche leathcheannais an Domhnaigh agus chruthaigh curaidh Uladh neart deacrachtaí d’fhoirne Gaeltachta sa chomórtas seo cheana, go háirithe sa bhabhta leathcheannais.

Fuair cumainn as cúige Uladh an ceann is fearr ar Bhulf Tón (an Mhí) in 2005, ar Thuar Mhic Éadaigh (Maigh Eo) in 2007, ar Naomh Anna, Leitir Móir (Gaillimh) in 2010, ar Chill tSéadhna (Maigh Eo) in 2014 agus ar an nGaeltacht (Ciarraí) in 2018.

Má éiríonn leis an Spidéal an ceann is fearr a fháil ar Naomh Éanna i bPáirc Tailteann, is dea-thuar a bheidh ann. Is iad Naomh Micheál/An Fhaill Mhór an t-aon fhoireann Ghaeltachta i stair an chomórtais seo ar éirigh leo seaimpíní Uladh a shárú. Bhuaigh siad ar Thrí Leac as Tír Eoghain sa bhabhta leathcheannais deich mbliana ó shin agus, dar ndóigh, bhuaigh an chomhfhoireann as deisceart Chiarraí an cluiche ceannais chomh maith.


Scéal na bhfoirne Gaeltachta i gCraobh Idirmheánach Peile na hÉireann

2004 – Naomh Micheál (Dún na nGall)

Imríodh Craobh Idirmheánach na hÉireann den chéad uair in 2004 agus bhí foireann Ghaeltachta páirteach sa chéad chomórtas. Bhuaigh Naomh Micheál Craobh Idirmheánach Uladh in 2003 agus fuair na Conallaigh an ceann is fearr ar sheaimpíní Laighean, Gaeil Dhún Dealgan i gcluiche leathcheannais na hÉireann. Bhí briseadh croí i ndán d’fhir an Chraoslaigh sa chluiche ceannais áfach mar fuair Fánaithe na hAighlinne as Corcaigh an ceann is fearr orthu.

2005 – Bhulf Tón (an Mhí)

Bhuaigh Bhulf Tón Craobh Shóisir na hÉireann in 2004 agus bhí fir Bhaile Ghib i gcraobh na hÉireann arís an bhliain dár gcionn nuair a d’éirigh leo craobhacha idirmheánacha na Mí agus Laighean a bhuachan. Cumann an Phluincéadaigh as Cabhán an Chaorthainn i gContae Thír Eoghain a bhí ina gcoinne sa gcluiche leathcheannais agus cé go raibh na foirne ar comhscór agus an cluiche beagnach thart, d’aimsigh na Pluincéadaigh cúl agus an t-am caite chun an ghaoth a bhaint as seolta Bhulf Tón.

2007 – Tuar Mhic Éadaigh (Maigh Eo)

Ba iad Tuar Mhic Éadaigh an chéad fhoireann as Maigh Eo a bhuaigh Craobh Idirmheánach Chonnacht nuair a thug siad an comórtas leo ag deireadh 2006 ach theip orthu Páirc an Chrócaigh a bhaint amach. Bhí siad féin agus seaimpíní Dhoire, Eoghan Rua, Cúl Raithin, cothrom go maith i gcluiche leathcheannais na hÉireann ach ba é an t-imreoir idirchontae, Seán Leo McGoldrick, laoch Eoghan Rua nuair a fuair sé scór an bhua ag fíordheireadh an chluiche.

2008 – Maigh Cuilinn (Gaillimh)

Níor bhuaigh foireann Ghaeltachta Craobh na hÉireann go dtí 2008 agus ba iad fir Mhaigh Cuilinn a rinne an gaisce. Bua aon phointe amháin a bhí acu ar Abhainn an Scáil i gcluiche leathcheannais na hÉireann sular thug siad aghaidh ar Raibíní Fhine Gall sa chluiche ceannais. Ba é Conor Bohan laoch Mhaigh Cuilinn nuair a d’aimsigh sé dhá chúl sna deich nóiméad deireanach a d’fhág go raibh an bua ag fir Chonnacht, 2-9 in aghaidh 1-6, agus go raibh an chraobh á tabhairt anoir thar Coirib go hiarthar na Gaillimhe.

2009 – Naomh Mícheál-An Fhaill Mhór (Ciarraí)

Bhí ceantar Gaeltachta eile ag ceiliúradh in 2009 nuair a thug Naomh Mícheál/An Fhaill Mhór Craobh Idirmheánach na hÉireann ar ais go dtí Baile an Sceilg in 2009. Cath an dá Naomh Micheál a bhí ann sa gcluiche ceannais nuair a thug fir Uíbh Ráthaigh aghaidh ar Naomh Micheál na Gaillimhe i bPáirc an Chrócaigh. Bhí an cumann as Uíbh Ráthach pointe chun deiridh ag leath ama, ach ba iad ba láidre sa dara leath. Bua ceithre phointe, 1-13 in aghaidh 1-9, a bhí acu ar deireadh.

2010 – Naomh Anna, Leitir Móir (Gaillimh)

Nuair a thug Naomh Anna, Leitir Móir Craobh Idirmheánach Chonnacht leo ag deireadh 2009, ba iad an tríú foireann as a chéile as Gaillimh ar éirigh leo craobh an chúige a bhuachan ach theip orthu an ceann is fearr a fháil ar sheaimpíní Uladh, an Chorr Chríochach, sa bhabhta leathcheannais. Bhí leithéidí Owen Mulligan agus Raymond Mulgrew ag imirt do chumann Thír Eoghain agus ba iad a thug leo Craobh na hÉireann an bhliain sin.

2014 – Cill tSéadhna (Maigh Eo)

Bhí ceithre bliana ann sular ghlac foireann Ghaeltachta eile, Cill tSéadhna, páirt i gCraobh na hÉireann. Fánaithe na Claide a bhí rompu sa chluiche leathcheannais agus tar éis d’fhir Iorrais na Corcaígh a shárú, chas siad ar Ghaeil Thriúcha as Muineachán i bPáirc an Chrócaigh. Ní raibh na hUltaigh ach aon phointe amháin chun cinn agus seacht nóiméad fágtha ach d’aimsigh siad seacht bpointe as a chéile chun fir na Gaeltachta a chloí, 2-21 in aghaidh 2-13.

2018 – An Ghaeltacht (Ciarraí)

Tar éis dóibh craobhacha idirmheánacha Chiarraí agus na Mumhan a thabhairt leo in 2017, bhí cumann Chorca Dhuibhne, An Ghaeltacht, ag iarraidh Páirc an Chrócaigh a bhaint amach arís nuair a thug siad aghaidh ar fhoireann Sheán Cavanagh, An Mhaigh, i gcluiche leathcheannais na hÉireann. Bhí gach cuma air go raibh an beart déanta ag an nGaeltacht agus iad trí phointe chun cinn agus an t-am caite ach briseadh croí a bhí i ndán dóibh nuair a d’éirigh leis an bhfoireann as Tír Eoghain cúl agus pointe a aimsiú.

Fág freagra ar 'Idir cheiliúradh agus bhriseadh croí d’fhoirne Gaeltachta i gCraobh Idirmheánach na hÉireann'