Idir a ndearna sí agus ar dhúirt sí, bronnaim Coróin Spóirt 2022 ar Amber Barrett

Cúl sacair ab ea buaicphointe spóirt na bliana atá ionann is caite

Idir a ndearna sí agus ar dhúirt sí, bronnaim Coróin Spóirt 2022 ar Amber Barrett

Níos minicí ná a chéile is gníomh leitheadach, féinghaisce a bhíonn sa gceiliúradh a dhéanann scórálaithe cúil an tsacair. Péist a dhéanamh díobh féin ag sleamhnú ar bharr talún ar a ndroim nó ar a mboilg. Tá cuid eile acu ann a bhreathnaíonn ar na spéartha agus a sheolann póg i mbealach na gcumhachtaí a mheasann siad a bheith ansiúd.

‘Féachaigí Ormsa.’

I mo chás fhéin, cúl sacair ab ea buaicphointe spóirt na bliana atá ionann is caite. Ar an ócáid seo áfach, níor éiligh an scórálaí aon aird ná aon mholadh di féin. Nuair a chuaigh sise ar a glúine paidir agus cásamh a d’iarr sí.

Ó tharraing sí cic ar liathróid peile den chéad uair riamh agus gan inti ach girseach, ba é mian Amber Barrett go bhfaigheadh sí deis imeartha ar na stáitsí ba mhó a bhí ar fáil di. Agus fiche nóiméad fanta ar Pháirc Hampden ar an 11 Deireadh Fómhair seo caite, bhí barúil aici go gcinnteodh an cúl a bhí díreach scóráilte aici in aghaidh na hAlban áit do mhná na hÉireann i mbabhtaí ceannais Chorn Sacair an Domhain den chéad uair riamh.

Faraor ceithre lá roimhe, faoi bhun na Mucaise, d’fhág pléascadh gur maraíodh deichniúir i sráidbhaile an Chraoslaigh, an dúiche as a dtáinig a sliocht. 14km as sin i mBaile na nGallóglach ag bun na Maoile Rua a saolaíodh an Bairéadach, ach go dtí le gairid féin ba i gcomhluadar a seanmhuintire ar an gCraoslach a chaitheadh sí chuile shamhradh.

Ar a glúine di, thug sí póigín dá muinchille, áit a raibh an suaitheantas a chaith imreoirí na hÉireann ar fad an tráthnóna sin mar chomhartha comhbhróin. Bhogfadh an nóiméad idir sin agus an t-am ar éirigh lena comrádaithe a theacht chomh fada léi croí cloiche.

Ach, ní raibh deireadh le Amber Barrett go fóill.

D’fhág a raibh déanta ar pháirc na himeartha aici go mba uirthi a bhí an tóir agus an cluiche thart. Ansiúd sháraigh sí gaisce an chúil.

Ar an ócáid ba thochtmhaire ina saol, labhair sí go staidéartha, stuama, sochma. Thiomnaigh sí an bua don deichniúr a fuair bás sa tragóid agus dóibh siúd a bhí faoi bhrón ina ndiaidh.

Bhí oiread de chumhacht ag baint lena cuid cainte agus a bhí leis an liathróid a chónaigh i gcúl na heangaí beagnach leathuair an chloig roimhe sin.

Idir a ndearna sí agus ar dhúirt sí, bronnaim Coróin Spóirt 2022 ar Amber Barrett.

Ó thaobh scór na bliana ar pháirceanna Chumann Lúthchleas Gael, ní mór dúinn aghaidh a thabhairt siar ar Dhomhnach Cincíse seo caite agus ar Chluiche Ceannais Iomána na Mumhan ar Pháirc Semple.

Ceithre huaire déag a bhí Luimneach agus Co. an Chláir ar comhscór agus an t-am istigh nach mór. Agus an cláirín á chrochadh san aer ag fógairt go mbeadh 3 nóiméad am cúitimh gortuithe le n-imirt, chuir a gcaptaen Declan Hannon Luimneach chun cinn de chúilín.

Nuair a sheas Tony Kelly os cionn an tsliotair go dtógfadh sé buille taobhlíne don Chlár i bhfoisceacht 15m den chúl-líne, thug clár mór na scór le fios go raibh an méid sin agus soicindí lena chois, caite

Sa gcéad leath bhí a leithéid de bhuille curtha thar an trasnán ag a chomrádaí Peter Duggan. Bhí siad ann a cheap go mb’fhéidir gurbh aigesean ba chirte an cúram a fhágáil. Ach, ní nós leis an laoch cúlú ón dúshlán, beag beann ar a mhéid.

Ar an sliotar agus ar na postaí amháin a bhí aird ag an gCeallach agus níor chuir aon táilliúir riamh an snáth sa tsnáthaid níos pointeáilte ná a rinne fear Bhaile Uí Aodha an beart.

Ar an drochuair dósan, ba iad a chéilí comhraic ba thréine san am breise. Níor sáraíodh as sin amach iad ach oiread gur thugadar Corn Mhic Cárthaigh leo don tríú bliain as a chéile agus é tuillte go maith acu.

Níl aon amhras orm ach an oiread a rá gurbh ag Ciarraí a bhí an fhoireann peile ab fhearr a facthas in 2022 agus a gcraobh ag dul dóibhsean chomh mór céanna.

Sin ráite, measaim gurbh í an imirt a rinne Shane Walsh na Gaillimhe ina gcoinne sa gcluiche ceannais an taispeántas peile ab fhearr a chonaic mé i rith na bliana.

Níor tháinig lucht an Sunday Game liom.

Is minic amhlaidh.

Fág freagra ar 'Idir a ndearna sí agus ar dhúirt sí, bronnaim Coróin Spóirt 2022 ar Amber Barrett'