Iascaire tógtha as an bhfarraige i ndiaidh dá bhád dul go tóin poill amach ó chósta Ghaeltacht Thír Chonaill

Cuireadh fios ar na seirbhísí éigeandála nuair a chonacthas an fear san uisce ag Oileán Néill Chróine go gairid i ndiaidh a 10 a chlog ar maidin

Iascaire tógtha as an bhfarraige i ndiaidh dá bhád dul go tóin poill amach ó chósta Ghaeltacht Thír Chonaill

Tá an Garda Cósta tar éis iascaire, a ndeachaigh a bhád go tóin poill amach ó oileán Gaeltachta i dTír Chonaill, a thógáil as an uisce. Cuireadh fios ar na seirbhísí éigeandála maidin inniu nuair a chonacthas an fear san uisce go gairid i ndiaidh a 10 a chlog.

“Chuala bean ar an gcladach glaoch ón bhfear a bhí san uisce agus é ag lorg cúnaimh. Ní as an áit í agus thóg sé cúpla nóiméad orainn an áit a raibh sí a oibriú amach ach a luaithe is a bhí muid cinnte cá raibh sí, cuireadh an héileacaptar agus na seirbhísí eile chuig an áit.

“Bhí an fear, arb as an gceantar é, tuairim is 100 slat amach ó chósta an oileáin, agus bhí a chos gortaithe. D’ardaigh an héileacaptar as an uisce é agus tugadh chuig an otharlann é. Murach an seaicéad tarrthála a bhí sé a chaitheamh, ní bheadh sé beo,” a dúirt urlabhraí de chuid an Gharda Cósta.

Rinne bád  iascaigh eile iarracht an fear a thógáil as an uisce gar d’Oileán Néill Chróine amach ó chósta an Chlocháin Léith ach theip ar na hiarrachtaí sin.

Tháinig an héileacaptar Rescue 118, atá lonnaithe i Sligeach, ón bhFód Dubh Maigh Eo, áit a bhfuil an cuardach fós ar bun do chriú an Rescue 116 a thit i bhfarraige coicís ó shin, i gcabhair ar an bhfear.

Bhí Garda Cósta Árainn Mhóir agus Garda Cósta an Bhun Bhig i nGaoth Dobhair páirteach sa tarrtháil freisin.

Tugadh chuig Otharlann Leitir Ceanainn an fear agus tá cóir leighis á cur air don hipiteirme atá air. Tá an bád iascaigh ar a raibh an t-iascaire imithe go tóin poill agus níl tásc ná tuairisc air. Ba é an fear a tógadh as an uisce an t-aon duine a bhí ar bord.

Fág freagra ar 'Iascaire tógtha as an bhfarraige i ndiaidh dá bhád dul go tóin poill amach ó chósta Ghaeltacht Thír Chonaill'