Iarratas déanta ar an Rialtas go mbeadh ionadaithe ón nGaeltacht ar choiste atá ag plé le fadhb na tithíochta sa Ghaeltacht

Tá coiste idir-rannach curtha le chéile ag an Roinn Tithíochta agus Roinn na Gaeltachta chun an fhadhb a fhiosrú ach tá imní léirithe nach bhfuil ionadaithe ón nGaeltacht ná ó phobal na Gaeilge air

Iarratas déanta ar an Rialtas go mbeadh ionadaithe ón nGaeltacht ar choiste atá ag plé le fadhb na tithíochta sa Ghaeltacht

Tá Comhchoiste Gaeilge an Oireachtais ag iarraidh ar an Rialtas go mbeadh ionadaíocht ag muintir na Gaeltachta ar choiste speisialta atá bunaithe chun an ghéarchéim tithíochta sa Ghaeltacht a phlé.

Tá coiste idir-rannach curtha le chéile ag an Roinn Tithíochta agus Roinn na Gaeltachta chun an fhadhb a fhiosrú ach tá imní léirithe nach bhfuil ionadaithe ón nGaeltacht ná ó phobal na Gaeilge air.

Ag cruinniú de chuid Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge an mhí seo, d’iarr Conradh na Gaeilge go rithfí rún ag iarraidh ar an Aire Tithíochta Darragh O’Brien ionadaíocht a chur ar fáil ar an gcoiste idir-rannach do Chonradh na Gaeilge agus d’eagraíochtaí Gaeltachta eile.

Dúirt Mairéad Ní Fhátharta ó Chonradh na Gaeilge nach mbeadh “glór na Gaeltachta agus phobal na Gaeltachta lárnach” sa phróiseas d’uireasa áit ar an gcoiste. Mheas sí nach ndéanfaí ach moill a chur ar chúrsaí dá gcaithfí aon mholtaí nó eolas ón gcoiste ansin a chur faoi bhráid mhuintir na Gaeltachta agus tuilleadh plé a dhéanamh.

Ghlac Comhchoiste Gaeilge an Oireachtais leis an moladh agus ritheadh rún ag an gcruinniú is deireanaí acu inar moladh don Roinn Tithíochta agus do Roinn na Gaeltachta “ionadaíocht a chur ar fáil ar an gCoiste sin d’ionadaithe ó Phobal na Gaeltachta agus ó Phobal na Gaeilge, ionas go mbeidh ionchur ó na páirtithe leasmhara sna pobail sin in obair an Choiste sin”.

Dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, go gcuirfeadh taithí na n-ionadaithe breise le cumas an choiste dul i ngleic leis an bhfadhb atá ann ó thaobh na tithíochta de sa Ghaeltacht.

“Creideann an Comhchoiste go mbaineann an easpa seo d’éifeachtacht an Choiste Idir-Rannaigh, agus mar sin, táimid ag iarraidh ar an mbeirt Airí an easpa seo a cheartú agus daoine a cheapadh chuige a bhfuil an taithí agus an t-eolas cuí acu, bunaithe ar a dtaithí mar dhaoine a chónaíonn sa Ghaeltacht, agus mar dhaoine a mhaireann an saol Gaelach,” a dúirt Ó Snodaigh.

Tá amhras léirithe ag baill eile den choiste faoin rath a bheidh ar an rún sin, áfach.

Ag an gcruinniú a raibh Conradh na Gaeilge i láthair aige níos luaithe an mhí seo, dúirt  an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly gur thacaigh sí leis an tuairim gur cheart go mbeadh an Conradh agus muintir na Gaeltachta mar chuid den phlé ach mheas sí gur “am amú” a bheadh ann a bheith ag lorg áit ar an gcoiste idir-rannach.

Dúirt sí go raibh an fhadhb chéanna ann maidir le coiste idir-rannach a bhí ag plé cás na n-oileán ach gur diúltaíodh “scun scan” d’iarratas go mbeadh ionadaithe ó na hoileáin ar an gcoiste.

Tá an tAire Tithíochta Darragh O’Brien le teacht os comhair Chomhchoiste na Gaeilge sa bhliain nua chun an fhadhb tithíochta sa Ghaeltacht a phlé.

Fág freagra ar 'Iarratas déanta ar an Rialtas go mbeadh ionadaithe ón nGaeltacht ar choiste atá ag plé le fadhb na tithíochta sa Ghaeltacht'