Dlíthe nua ag teastáil chun cur i gcoinne an ‘putrefied hatred’ don Ghaeilge sa chóras pleanála

Dúradh ag cruinniú de Choiste Gaeilge an Oireachtais tráthnóna nach bhféadfaí a bheith ag brath ar threoirlínte ná moltaí a thuilleadh maidir le cur i bhfeidhm polasaithe tithíochta sa Ghaeltacht Agus

Dlíthe nua ag teastáil chun cur i gcoinne an ‘putrefied hatred’ don Ghaeilge sa chóras pleanála

Éanna Ó Cróinín, Cathaoirleach Chomharchumann Ráth Chairn

Deir an Comharchumann beag Gaeltachta ar éirigh leo an mhí seo caite i gcás Ard-Chúirte in aghaidh forbairt tithíochta ina gceantar go bhfuil géarghá le reachtaíocht nó rialacháin a thabhairt isteach má táthar chun dul i ngleic le fadhb na tithíochta sa Ghaeltacht.

Agus Comharchumann Ráth Chairn ag labhairt ar an gceist ag cruinniú de Choiste Gaeilge an Oireachtais tráthnóna, dúradh nach bhféadfaí a bheith ag brath ar threoirlínte ná ar mholtaí a thuilleadh maidir le cur i bhfeidhm pholasaithe tithíochta sa Ghaeltacht.

Chuir an Comharchumann fáilte roimh chuid de na moltaí a rinne príomhfheidhmeannaigh roinnt comhairlí contae Gaeltachta ag an gcoiste an tseachtain seo caite ach dúradh gur gá dóibh a bheith níos láidre.

Maidir le moladh a rinne na comhairlí contae go dtabharfaí “treoirlínte reachtúla” isteach maidir le conas ráitis tionchar teanga a ullmhú agus a mheas, dúirt Éanna Ó Cróinín, Cathaoirleach Chomharchumann Ráth Chairn, go bhfuil “géarghá le rialacháin seachas treoirlínte chun go mbeadh feidhm dhlíthiúil i gceist leo”.

Dúirt Ó Cróinín go raibh gá le “caighdeáin agus rialacháin náisiúnta” maidir le “measúnacht tionchar teanga, modh ullmhúcháin, measúnaithe agus athbhreithnithe”.

Dúirt Ó Cróinín go ndeirtear i bPlean Forbartha na Mí gur chóir caitheamh le Gaeilgeoirí a bhíonn ag lorg cead pleanála sa Ghaeltacht amhail is go raibh riachtanas áitiúil acu ach nach raibh seo á chur i bhfeidhm ag an gComhairle Contae.

“Tá an chuma air go bhfuil [lucht pleanála] thar a bheith drogallach dul i ngleic le haon rud a bhaineann leis an nGaeilge. Níl mé ach ag labhairt ar chás na Mí anseo mar níl staidéar déanta agam ar aon rialtas áitiúil eile ach cinnte, i gcás na Mí, nuair a thagann iarratas os a gcomhair, caitheann siad leis díreach mar a chaithfeadh siad le ceantar ar bith eile i gcontae na Mí, mar sin an rud a bhfuil cleachtadh acu air. Tuigeann siad é sin,” a dúirt sé.

“Ní thuigeann siad cás na teanga agus, mar sin, tá siad fíordhrogallach dul i ngleic leis. Sílim gur fadhb chultúrtha atá ansin, taobh istigh den státseirbhís. An t-aon rud atá in ann é sin a athrú ná rialacháin. Ní athróidh moltaí ná treoirlínte é.”

Dúirt Daithí Mac Cárthaigh, ball de Chomharchumann Ráth Chairn agus abhcóide, gur léir go raibh dearcadh fíordhiúltach ag lucht pleanála maidir le cásanna ina mbíonn coinníollacha teanga i gceist.

“Bhí mé ag caint le pleanálaí baile mar gheall ar chás a raibh mé ag plé leis agus na focail a d’úsáid sé maidir le dearcadh phleanálaithe baile ó thaobh cheist na Gaelainne agus coinníollacha teanga agus mar sin, d’úsáid sé an leagan cainte ‘putrefied hatred’. Gurb é sin a bhí i gceist ag lucht pleanála baile. Anois, sin dearcadh duine amháin, ach bhraith sé muiníneach a dhóthain chun é sin a rá amach, sin an rud a bhfuilimid ina choinne.

“Chun an druma a bhualadh arís, sin an fáth go dteastaíonn rialacháin maidir le cad is measúnacht tionchar teanga ann…ní féidir brath ar an dea-mhéin. Táimid ag brath ar dhea-mhéin agus ar threoirlínte go dtí seo,” a dúirt Mac Cárthaigh.

Labhair Conradh na Gaeilge ag an gcruinniú i dTeach Laighean inniu freisin agus mhaígh go bhfuil ceist na tithíochta ar cheann de na hábhair “is tábhachtaí agus is práinní a bhaineann le todhchaí phobal labhartha na Gaeltachta”.

Daithí Mac Cárthaigh, ball de Chomharchumann Ráth Chairn

“Mura mbeidh polasaí náisiúnta ann, ní bheidh aon Ghaeltacht againn go gairid,” a dúirt Mairéad Ní Fhátharta, Cathaoirleach Mheitheal Ghaeltachta Chonradh na Gaeilge.

Tá coiste idir-rannach cruthaithe ag Roinn na Gaeltachta agus an Roinn Tithíochta chun an fhadhb a phlé ach dúirt Ní Fhátharta gur ghá go mbeadh Conradh na Gaeilge agus eagraíochtaí eile rannpháirteach sa choiste sin.

“Má tá sé idir-rannach, ní bheidh glór na Gaeltachta agus phobal na Gaeltachta lárnach ann. Níl bheifí ach ag déanamh cinntí a chaithfí a chur faoi bhráid mhuintir na Gaeltachta ansin agus moill a chur ar chúrsaí le plé agus tuilleadh plé. Má tá muid lárnach ann ón tús, tá deis dul chun cinn ann.”

Mairéad Ní Fhátharta, Conradh na Gaeilge

D’iarr Conradh na Gaeilge go rithfeadh Coiste Gaeilge an Oireachtas rún ag iarraidh ar an Aire Tithíochta Darragh O’Brien ionadaíocht a chur ar fáil ar an gcoiste do Chonradh na Gaeilge agus d’eagraíochtaí Gaeltachta eile.

Cé gur thacaigh an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly leis an tuairim gur cheart go mbeadh Conradh na Gaeilge agus muintir na Gaeltachta mar chuid den phlé atá ar bun ag na ranna rialtais, mheas sí gur “am amú” a bheadh ann a bheith ag lorg áit ar an gcoiste idir-rannach. Dúirt sí go raibh an fhadhb chéanna ann maidir le coiste idir-rannach a bhí ag plé cás na n-oileán ach gur diúltaíodh “scun scan” d’iarratas go mbeadh ionadaithe ó na hoileáin ar an gcoiste.

Bhí Catherine Connolly, Aindrias Ó Muineacháin (FF), Éamon Ó Cuív (FF) agus Aengus Ó Snodaigh (SF) ar na Teachtaí Dála a labhair ag an gcruinniú agus a léirigh tacaíocht d’obair Chonradh na Gaeilge agus Chomharchumann Ráth Chairn faoi chás na Gaeltachta sa chóras pleanála.

Fág freagra ar 'Dlíthe nua ag teastáil chun cur i gcoinne an ‘putrefied hatred’ don Ghaeilge sa chóras pleanála'

  • CCc

    *Dúirt sí go raibh an fhadhb chéanna ann maidir le coiste idir-rannach a bhí ag plé cás na n-oileán ach gur diúltaíodh “scun scan” d’iarratas go mbeadh ionadaithe ó na hoileáin ar an gcoiste.”

    – ‘Daonlathas’, mo thóin

    Rialtais áitiúil ag teastáil óna Gaeltachtaí anois. Ní féidir leo a bheith ag brath ar Comhairlí Contae