FÍSEÁN: Iarann Adams ar Kenny ‘athbhreithniú iomlán neamhspléach’ a dhéanamh ar an Straitéis Fiche Bliain

Deir an Taoiseach go bhféadfaí díospóireacht níos leithne faoin nGaeilge a reáchtáil nuair a thabharfar ós comhair na Dála an Bille le leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha

D’iarr ceannaire Shinn Féin Gerry Adams ar an Taoiseach sa Dáil tráthnóna inné go ndéanfaí “athbhreithniú iomlán neamhspléach” ar an Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge.

Dúirt an Teachta Dála ó Shinn Féin go raibh sé “soiléir” nach raibh ag eirí leis an Straitéis agus go raibh sé “seafóideach” nach raibh an Rilatas ag cloí lena ngeallúintí i dtaobh na Gaeilge ag tráth go bhfuil “géarchéim” sa Ghaeltacht agus í faoi “níos mó brú ná mar a bhí riamh”.

1/12/2011 Oireachtas Christmas Tree. Taoiseach and Fine Gael leader Enda Kenny(R), shares the Christmas spirit with Sinn Fein Leader Gerry Adams at the turning on of the Oireachtas Christmas Tree today. Photo. Mark Stedman/Photocall Ireland
Pictiúr:Mark Stedman/Photocall Ireland

Thagair Adams d’éirí as an Iar-Choimisinéra Teanga Seán Ó Cuirreáin mar agóid i gcoinne fhaillí  an Rialtais i leith na Gaeilge agus dúirt sé go raibh neamhaird á déanamh anois ar mholtaí ‘praticiciúla’ an Choimisinéara reatha, Rónán Ó Dómhnaill.

“It is ridiculous that the Government is not keeping to its strategy and commitments.  The commissioner also reported the Department of Education and Skills to the Houses of the Oireachtas because it has failed to fulfil its obligations under the Education Act 1998.  Other bodies that were in breach in respect of the use of Irish included the Railway Procurement Agency, Dublin Bus and the HSE,” a dúirt Adams.

Dúirt an Taoiseach go raibh an ceart ag Uachtarán Shinn Féin “go bhfuil an Ghaeilge mar theanga labhartha faoi níos mó brú ná mar a bhí le fada”. Thug Enda Kenny le fios chomh maith gur aontaigh sé leis an gCoimisinéir Teanga nach bhfuil eagrais stáit, comhairlí contae agus ranna Stáit áirithe “ag déanamh a ndícheall chun an Ghaeilge a choiméad agus a láidriú” mar theanga “ar féidir duine ar bith í a úsáid ina ghnó laethúil”.

Thug an Taoiseach le fios go bhféadfaí díospóireacht níos leithne faoin nGaeilge agus a bhfuil i ndán don Straitéis 20 Bliain a reáchtáil nuair a thabhafaidh Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh ós comhair na Dála an Bille le leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla.

D’fhéadfaí a dúirt sé “straitéis a bhunú agus athruithe a dhéanamh más féidir agus más cóir ionas go mbeadh i bhfad níos mó oibre á dhéanamh taobh istigh de na heagraisí ar fud na tíre i leith na teanga”.

Dúirt sé gur léir ó thuarascáil bhliantúil an Choimisinéara Teanga “nach bhfuil an jab á dhéanamh mar ba chóir” agus go gcaithfí “déileáil leis sin as seo amach”.

“Beimid ar a laghad dírithe ar na deacrachtaí seo i dtreo is go mbeadh muid in ann moltaí ón Aire Stáit a chur chuig an Rialtas i leith an bhuiséid atá le teacht agus go bhfeicfimid an féidir linn níos mó a dhéanamh nó níos mó áiseanna a dhíriú ar na deacrachtaí agus na fadhbanna atá ann ag an bpointe seo,” a dúirt an Taoiseach.