Bliain ó imeacht Sheáin Uí Chuirreáin, is ann fós don ‘mhugadh magadh agus briolla bhrealla’ a thug air éirí as

Bliain ó shin, ar an 23 Feabhra 2014, d’éirigh Seán Ó Cuirreáin as a phost mar Choimisinéir Teanga mar agóid i gcoinne faillí an Stáit i leith na Gaeilge. Féachann Tuairisc.ie ar 5 cinn de na cúiseanna a thug an Cúirreáineach dá chinneadh agus fiafraítear, an bhfuil aon ní athraithe ó shin?

Screen Shot 2015-02-22 at 19.03.50
Seán Ó Cuirreáin ag an ócáid ‘Slán le Seán’ a eagraíodh i gConamara chun tacú lena chinneadh éirí as. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

1. ‘Briolla bhrealla, mugadh magadh agus bréaga’

B’shin cur síos Sheáin Uí Chuirreáin ar iompar an Rialtais i leith na Gaeilge agus ar ionramháil, liobarnach, útamálach an Stáit ar cheist na teanga. Ní raibh sé féin ag iarraidh a bheith ‘mar chuid den chur i gcéill’, a dúirt sé agus é ag ag fógairt go raibh sé ag éirí as.

Pictiúr: Photocall Ireland
Pictiúr: Photocall Ireland

Ceithre mhí ina dhiaidh sin, cheap an Taoiseach Aire Stáit Gaeltachta nach raibh líofacht sa teanga aige. Bheadh an tAire nua ag dul ar ‘aistear foghlama’, a dúirt an Taoiseach. Ba léir, mar a scríobh an Dr. John Walsh ar Tuairisc.ie, go dtuigtear do dhaoine áirithe gurb ionann “beartas teanga an stáit i leith na Gaeilge agus eagrán de Bród Club nó An G Team”.

“Tá níos mó i gceist leis an nGaeilge ná caitheamh aimsire agus mar chuid den mbeartas teanga riamh anall, bhí an tuiscint gurb ann do phobal arb í an Ghaeilge a ngnáthurlabhra, bídís sa Ghaeltacht nó lasmuigh di. Ní orthusan atá Joe McHugh ná Heather Humphreys ag freastal agus sin í an mháchail mhór atá ar shocrú reatha na nAirí rialtais,” a scríobh Walsh.

Sampla maith eile de dhrochmheas an Stáit ar an nGaeilge ab ea an scéal gur baineadh leas as ‘Google Translate’ chun Gaeilge a chur ar shuíomh idirlín Éire 2016, sliocht as Forógra na Poblachta san áireamh.

Maireann an mugadh magadh. Tá an briolla bhrealla beo i gcónaí.

2. Polasaí earcaíochta na státseirbhíse agus riachtanas Gaeilge don Ghaeltacht

Bhí polasaí easnamhach an Stáit maidir le hearcú státseirbhíseach a bhfuil Gaeilge acu mar chnámh spairne ag Ó Cuirreáin le fada. ‘No eggs, no omelette’, a dúirt sé ag baint leas as nath cainte José Mourinho chun tagairt den easpa céille a bhaineann le bheith ag súil le seirbhísí i nGaeilge nuair nach ann do na státseirbhísigh le Gaeilge chun na seirbhísí sin a sholáthar.

An Teachta Dála, Dinny McGinley. Pictiúr: Photocall Ireland
An Teachta Dála, Dinny McGinley. Pictiúr: Photocall Ireland

Is cosúil gur bhris ar fhoighne an Choimisinéara nuair a fógraíodh go raibh deireadh á chur le scéim na marcanna bónais do státseirbhísigh agus córas nua bunaithe ar ‘phainéal dátheangach’ le tabhairt isteach ina háit.

Agus é ag fógairt go raibh sé ag eirí as, dúirt Ó Cuirreáin go dteipfidh ar an gcóras úrnua a bhí “lochtach ó thaobh an choincheapa de” agus go leanfaí d’imeallú na teanga sa chóras riaracháin phoiblí.

Léirigh taighde a rinneadh dá Oifig ar fhigiúirí oifigiúla ón Roinn Oideachais agus Scileanna “go dtógfadh an córas nua, dá gcuirfí i bhfeidhm go hiomlán agus ar an mbealach is dearfaí é, thart ar 28 mbliana le líon na fóirne riaracháin sa Roinn sin le líofacht i nGaeilge a mhéadú ón 1.5%, atá ann faoi láthair, go dtí 3%”.

Breis agus bliain ó fógraíodh go raibh córas úrnua le cur in áit chóras na marcanna bónais, cé is móite de Roinn na Gaeltacha, ní raibh ach 10 bpost liostáilte ag na ranna Rialtais mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag dul leo.

Is léir go bhfuil plean an Rialtais in aimhréidh agus ochtar Airí Rialtais ag maíomh nach bhfuil aon phost ar leith ina ranna a dteastaíonn duine le Gaeilge dó.

Dúirt an Coimisinéir Teanga nua, Rónán Ó Domhnaill, go raibh an chosúlacht ar an scéal “gur beag Roinn atá ag déanamh aon iarracht lena chinntiú go mbeidh ar a gcumas bunchaighdeán seirbhíse i nGaeilge a chur ar fáil tríd an bpróiseas earcaíochta”.

Tá an Teachta Dála Dinny McGinley “an-mhíshásta” leis an easpa dul chun cinn atá déanta maidir le feidhm a thabhairt don phlean, ar thacaigh sé féin leis mar Aire Gaeltachta, chun cur le líon na ndaoine sa státchóras atá ábalta a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge.

I measc na gcúiseanna eile a thug Seán Ó Cuirreáin nuair a d’fhógair sé go raibh sé ag éirí as, bhí teip an Stáit a chinntiú go mbeadh teacht ag pobal na Gaeltachta ar sheirbhísí ina dteanga féin. Níl cás na Gaeltachta luaite in aon chor i gceannteidil an Bhille a dhéanfaidh leasú ar Acht na nTeangacha Oifigiúla. ‘Díchéillí,’ a deir an Coimisinéir nua.

3. Scéimeanna teanga

Bhí an tIar-Choimisinéir den tuairim go raibh “teipthe tríd is tríd” ar an gcóras faoina n-aontaíonn comhlachtaí stáit scéimeanna teanga le Roinn na Gaeltachta.

Ronán Ó Domhnaill
An Coimisinéir Teanga Ronán Ó Domhnaill a bhfuil córas na scéimeanna cáinte chomh maith aige. Pictiúr:Tuairisc.ie

I bhfianiase na teipe seo, dúirt sé go mbeadh sé “ionann agus dodhéanta anois muinín a chothú athuair” sa chóras a bhfuil sé mar aidhm aige cur le caighdeán na seirbhísí Gaeilge a chuireann comhlachtaí poiblí ar fáil don phobal. Dúirt Ó Cuirreáin gur chosúil ón méid ama a bhí caite le daingniú scéimeanna teanga áirithe “go raibh siad níos deacra le daingniú ná Comhaontú Aoine an Chéasta”.

Is beag feabhas atá tagtha ar an scéal ó shin.

Thug comharba Uí Chuirreáin le fios le déanaí go raibh 94 iarratas faoi scéimeanna teanga fós gan aontú, 60% acu le breis agus trí bliana anuas agus ceisteanna ann chomh maith faoi chaighdeán agus fiúntas na scéimeanna atá aontaithe.

An t-aon leasú ar an gcóras atá molta sa reachtaíocht teanga nua ná go méadófaí tréimhse na scéimeanna ó thrí bliana go seacht mbliana.

“Is é seo cur chuige an mhéarfhadachais,” a deir Rónán Ó Domhnaill, a thug le fios an tseachtain seo caite gur beag a dhéanfadh an leasú atá beartaithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla chun chearta teanga an tsaoránaigh a láidriú.

4. Monatóireacht ar an Straitéis 20 Bliain

I measc na gcúiseanna eile a luaigh Seán Ó Cuirreáin lena chinneadh bhí ‘an easpa monatóireachta’ ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Sarar tháinig ann don Straitéis, bhí na saineolaithe ar fad a ghlac páirt sa díospóireacht fúithí ar aon fhocal gur chóir go ndéanfaí monatóireacht neamhspleách ar chur i bhfeidhm an phlean, agus a bhformhór den tuairim gur ar an gCoimisinéir Teanga a leagfaí an dualgas sin.

staicín straitéise

Ní mar sin a tharla agus is í Roinn na Gaeltachta féin atá freagrach as an monatóireacht. Sa cháipéis dheireanach a d’fhoilsigh an Roinn faoi dhul chun cinn na straitéise, bhí an oiread sin cosúlachtaí idir na tuarscálacha ó na ranna éagsúla go raibh an chuma ar an scéal gur cóipeáil a bhí ar bun agus gur ‘ag ticeáil boscaí’ seachas bheith i mbun monatóireachta atáthar. Ní haon iontas é go mbeadh an Roinn ag maíomh go bhfuil ag éirí go geal leis an Straitéis. A mhalairt ar fad de scéal atá ag saineolaithe neamhspleácha.

5. Cónascadh agus easpa foirne

Ní mó ná sásta a bhí Seán Ó Cuirréain nuair a fógraíodh go raibh a oifig le cónascadh le hOifig an Ombudsman agus cúis mhaith aige. Tairne eile sa bheo a bhí ann. Scríobh saineolaithe teanga ó thíortha éagsúla chuig an Aire Gaeltachta chun a n-imní a chur in in iúl dó faoin scéal. Ba é a neamspleáchas an bua is mó ag Oifig an Choimisinéara, a dúradh. Níor léir ach an oiread go raibh aon sábháil airgid i gceist leis an gcónascadh.

Tá an bhagairt áirithe seo curtha ó dhoras ó chuaigh an Coimisinéir Teanga nua i mbun gnó.

Bhí easpa foirne a oifige ag dó na geirbe ag an Iar-Choimisinéir chomh maith. Tá an líon céanna foirne ag an oifg i gcónaí cé gur ceadaíodh post amháin ag leibhéal níos sinsearaí.

Fág freagra ar 'Bliain ó imeacht Sheáin Uí Chuirreáin, is ann fós don ‘mhugadh magadh agus briolla bhrealla’ a thug air éirí as'