Iain Moireach, ceannródaí sa litríocht Gàidhlig, ar shlí na fírinne

Fear ildánach agus ceannródaí sa ghearrscéalaíocht Gàidhlig ab ea Iain Moireach, a fuair bás an tseachtain seo caite

Iain Moireach, ceannródaí sa litríocht Gàidhlig, ar shlí na fírinne

Ba cheannródaí sa ghearrscéalaíocht Gàidhlig é Iain Moireach, a fuair bás an tseachtain seo caite, in aois a 80 bliain. Foilsíodh an t-aon chnuasach uaidh An Aghaigh Choimheach i 1973, tráth gur beag leabhar Gàidhlig a bhí dá fhoilsiú.

Aithnítear gur leabhar den scoth An Aghaigh Choimheach. Bhí stíl agus saothar Moireach préamhaithe sa phobal Gaeltachta as ar fáisceadh é. Bhí sé mar bhua faoi leith aige go raibh sé ábalta seasamh siar ón bpobal sin, agus amharc go grinn air. 

Bhí greann ina shaothar, agus doimhneacht in éineacht leis. In amanna, dhéanfadh an léitheoir gáire. Ansin, chuirfeadh sé ceist air féin: ‘Cad chuige go ndearna mé gáire faoi sin, rud chomh tromchúiseach?’ 

Ba é An Aghaigh Choimheach an t-aon chnuasach uaidh, cé gur foilsíodh gearrscéalta eile in irisí. Scríobh sé freisin drámaí, dánta, scripteanna, agus úrscéal amháin. Dar leis go raibh sé “riachtanach” aige na híomhánna a bhí ina intinn a a chur i bhfocail ar phár.

Ní i dtaobh leis an scríobhneoireacht amháin a bhí sé mar b’fhear ildánach é.

Rugadh mí Márta 1938 é i mBarbhas ar an taobh thiar d’Eilean Leòdhais sna hEileanan Siar. Gàidhlig ar fad a bhí sa phobal ag an am. Fuair sé a chuid meánscolaíochta ar Sgoil MhicNeacail i Steòrnabhagh, agus d’freastail sé ar Ollscoil Dhún Éideann ina dhiaidh sin. Chaith sé seal ina mhúinteoir Béarla, seal ina eagarthóir le Comhairle nan Leabhraichean, seal i mbun an oideachais dhátheangaigh le Comhairle nan Eilean Siar, seal ina chraoltóir leis an BBC agus seal ina leas-stiúrthóir oideachais ag Comhairle nan Eilean Siar. Bhí sé ar an dream a bhunaigh an comhlacht foilsitheoireachta Acair atá lonnaithe i Steòrnabhaigh agus a chuireann idir shaothair Gàidhlig agus shaothair Bhéarla ar fáil. Mhothaigh sé dualgas air féin sin a dhéanamh toisc chomh gann agus a bhí leabhair Gàidhlig sna 1970idí. Agus an obair sin go léir ar siúl aige, bhíodh sé ag scríobh leis. Chomh maith le hábhar cruthaitheach, chuir sé Gàidhlig ar roinnt leabhar Gaeilge do pháistí.

Ar bhonn pearsanta, ba dhuine séimh, lách é. Dar leis go raibh dhá ábhar bróid aige: an bhean a phós sé, agus a bheith ina eagarthóir ar chuimhní cinn an Leòdhasaigh Aonghus Chambeuil, ‘Suathadh ri Iomadh Rubha’.

Buaileadh buille trom air nuair a fuair a bhean bás go tobann ocht mbliana ó shin. Ar an drochuair, theip an tsláinte air níos luaithe i mbliana.

Chomh fada agus a bheidh léamh a dteanga dúchais ag oiread agus duine amháin de Ghaeil na hÉireann nó na hAlban, beidh a shaothar dá léamh.

Fág freagra ar 'Iain Moireach, ceannródaí sa litríocht Gàidhlig, ar shlí na fírinne'