I ndílchuimhne ar Mhuireann Ní Bhrolcháin

Is mian le foireann Roinn na Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad a gcomhbhrón a dhéanamh le muintir ghaoil Mhuireann

Muireann-ni-Bhrolchain--web

Is le croí trom a chuirtear in iúl go bhfuil ár gcomhghleacaí, an Dr Muireann Ní Bhrolcháin, tar éis bháis, go hanabaí.

Ball de Roinn na Sean-Ghaeilge (nó Roinn na Sean-Ghaeilge agus na Meán-Ghaeilge mar a bhí) ab ea an Dr Ní Bhrolcháin, a shaothraigh an léann in Ollscoil Mhá Muad ar feadh breis is tríocha bliain. Le linn an ama sin chuir sí oiliúint ar na glúinte mac léinn i litríocht ársa na Gaeilge. Is é ról na mban sa litríocht sin, sa mhiotaseolaíocht agus sa stair ba mhó spéis léi. Bhí mar thoradh ar a saineolas agus ar a cuid teagaisc an leabhar Introduction to Early Irish Literature a foilsíodh sa bhliain 2009.

Ní dhéanfaidh na mic léinn a oileadh faoina cúram dearmad ar an bhfonn lena dtabharfadh sí faoin teagasc. B’ann don fhiuchadh foinn seo taobh amuigh den seomra ranga chomh maith, mar ba léir san fheachtasaíocht gan géilleadh a rinne sí chun Teamhair na Rí agus Scrín Cholm Cille a chaomhnú ina séadchomarthaí beo ar oidhreacht na hÉireann.

Is mór an briseadh é a bás don Roinn. Thairis a saothrú léannta, b’údar bisiúil í a scríobh iliomad leabhar do dhaoine óga sa Ghaeilge sin ba dhúchas di. Cuimnímid go speisialta ar a muintir ghaoil ag an tráth seo.