I ndiaidh breis agus 125 bliain, tá CLG fós ag iarraidh dul i bhfeidhm ar na Meiriceánaigh

Seasca a haon bliain i ndiaidh an chluiche iomána dheireanaigh i Fenway Park, agus 127 bliain i ndiaidh an chéad cheann i Meiriceá, tá CLG fós ag iarraidh suim sa chluiche a spreagadh sa tír. Breathnaíonn Tuairisc.ie siar ar chuid de na cluichí is tábhachtaí ar an aistear sin

Fenway_Park_2009

Mar chuid de ‘Irish Festival’ an deireadh seachtaine seo i mBostún, imreoidh iománaithe na Gaillimhe agus Bhaile Átha Cliath a chéile i Fenway Park.

Ag caint faoin gcluiche, deir Ard-Stiúrthóir CLG, Páraic Duffy, gur deis iontach é an iomáint a thaispeáint thar sáile agus suim a mhúscailt ann. Má airíonn daoine go bhfuil an méid sin cloiste cheana acu, is é an fáth leis sin ná go bhfuil breis agus 125 bliain caite ag CLG ag iarraidh na cluichí a fhorbairt sna Stáit Aontaithe. D’éirigh níos fearr ná a chéile le cuid de na turais seo in imeacht na mblianta agus is fiú breathnú siar ar chuid de na cinn is tábhachtaí.

1888 Invasion Tour

1888 – Turas an Ionraidh

raibh CLG ach ceithre bliana ar an bhfód nuair a shocraigh siad den chéad uair gur cheart cluichí an chumainn a chur sall go Meiriceá. Bhí dhá aidhm leis an gcéad turas, suim sa CLG a fhorbairt thar sáile agus airgead a bhailiú chun Cluichí Tailteann a chur ar siúl arís in Éirinn i 1889.

Faraor, ní raibh an oiread ratha ar an bplean is a bhí siad ag súil leis. Ar dtús, agus iad ag iarraidh foireann iomána a chur le chéile, dhiúltaigh roinnt contaetha ar nós Gaillimh, Corcaigh agus Luimneach imreoirí a chur ar fáil mar gheall ar an scoilt a bhí ann ag an am idir an IRB agus CLG.

Cuireadh moill ar an dturas nuair nár bailíodh dóthain airgid chun na himreoirí a chur sall agus nuair a shroich siad Mheiriceá ag deireadh Mheán Fómhair, d’fhág an  drochaimsir ann nár fhreastal an oiread sin daoine ar na hócáidí. Bhí an aimsir chomh dona sin gur cuireadh ceann de na cluichí iomána ar ceal ag leath ama .

Chomh maith leis sin, bhí scoilt ann ag an am idir an dá chumann lúthchleasaíochta is mó i Meiriceá agus dhiúltaigh siad páirt a ghlacadh sa turas, rud a d’fhág nach raibh na lúthchleasaithe is mó le rá ar fáil chun dul in iomaíocht i gcoinne na hÉireannach. Faoin am go raibh sé in am acu teacht abhaile, bhí ar Maurice Davin £450 a sheoladh chucu chun na costais a íoc.

1926 Tiobraid Árann1926/1927 – Turais Thiobraid Árann agus Ciarraí

Toisc gur praiseach a bhí i dturas 1888, níor thaistil foireann sall go Mheiriceá arís go dtí 1926 nuair a thug seaimpíní na hÉireann iománaithe Thiobraid Árann faoi thuras sé seachtaine. Mhair an turas dhá mhí agus thaistil na Tiobradaigh ar fud na tíre, ó Nua-Eabhrac agus Bostún chomh fada siar le San Francisco.

Tháinig na sluaite amach chun fáilte a chur roimh an bhfoireann agus nuair a d’éirigh chomh maith sin leis an turas, shocraigh seaimpíní peile na hÉireann, Ciarraí, an rud céanna a dhéanamh an bhliain dár gcionn. Fearacht thuras Thiobraid Árann, thug Ciarraí cuairt ar na cathracha móra ach ba iad na cluichí i gcoinne Nua-Eabhrac, a dtugtaí ‘Craobh an Domhain’ orthu, an chuid is suntasaí den turas.

De réir na dtuairiscí na gCiarraígh, bhí an chéad chluiche, a bhuaigh Nua-Eabhrac 3-11 in aghaidh 1-7, millte ag imirt gharbh na foirne baile. Imríodh an dara cluiche dhá mhí ina dhiaidh ach, tar éis go raibh na líomhaintí ina gcoinne cloiste ag foireann Nua Eabhrac, níor tháinig aon athrú ar an gcur chuige acu. Bhí bua ag na Meiriceánaigh arís sa chluiche sin, 2-6 i gcoinne 0-3.

Polo Grounds

1947 – Cluiche ceannais na hÉireann idir Ciarraí agus an Cabhán

Ba é an cluiche CLG is cáiliúla a imríodh sna Stáit Aontaithe ná cluiche ceannais peile na hÉireann 1947 idir Ciarraí agus an Cabhán.

Nuair a chríochnaigh an cluiche ceannais an bhliain roimhe ar comhscór, moladh go n-imreofaí an athimirt i Meiriceá ach de bharr an bhrú ama, níor tharla sé sin. Ag an gcomhdháil i 1947, léigh an Cláiríneach Bob Fitzpatrick litir mhothúchánach a chuir imirceach i Nua-Eabhrac chuige. Rinne an litir cur síos ar cé chomh tábhachtach is a bheadh an cluiche do na hÉireannaigh thar lear. Is léir go ndeachaigh an litir i bhfeidhm orthu siúd a bhí i láthair ach rud nach raibh a fhios acu ná gur chum Fitzpatrick an litir uile é féin chun a argóint a dhéanamh níos láidre.

chaoi ar tharla sé, bhí cluiche ceannais 1947 le n-imirt sna Polo Grounds i Nua-Eabhrac idir seaimpíní Uladh, an Cabhán, agus curaidh na Mumhan, Ciarraí. Ba pháirc daorchluiche a bhí sna Polo Grounds agus chruthaigh sé sin fadhbanna do na foirne i dtaca le leithead de. Bhí os cionn 20m níos caoile ná Páirc an Chrócaigh agus bhí an dromchla thar a bheith crua ann, gan mórán féir air.

Ina ainneoin sin, imríodh an cluiche os comhair 36,000 ar an 14 Meán Fómhair agus milliúin duine in Éirinn ag éisteacht le tráchtaireacht Michael O’Hehir ar RTÉ. Chuir Ciarraí tús iontach leis an gcluiche agus iad ocht bpointe chun cinn i ndiaidh 15 nóiméad. Tháinig an Cabhán ar ais go láidir roimh leath ama, áfach, agus bhí siad pointe chun cinn, 2-5 in aghaidh 2-4, ag leath ama. Ba iad fir Chúige Uladh ba láidre sa dara leath chomh maith, iad ag buachan ar deireadh, 2-11 in aghaidh 2-7.

Fág freagra ar 'I ndiaidh breis agus 125 bliain, tá CLG fós ag iarraidh dul i bhfeidhm ar na Meiriceánaigh'