Dea-scéal do náisiúnaithe an Tuaiscirt is ea cinneadh rialtas na Breataine an aois vótála a ísliú ó 18 go 16. Mhaígh daoine, ar chéad amharc, go gcuirfeadh na vótóirí breise borradh faoin bhfeachtas d’Éirinn aontaithe. Ba léir gur údar misnigh ag lucht éilimh an reifrinn faoin teorainn ab ea an t-athrú ach cathain a imreoidh sé tionchar agus an mbeidh sé cinniúnach?
Sé plean an Phríomh-Aire Keir Starmer gur le haghaidh olltoghchán Westminster 2029 a chuirfear an ceart vótála do dhaoine 16 bliain d’aois i bhfeidhm. Bhí 51,000 páiste ocht nó naoi mbliana d’aois de réir dhaonáireamh Thuaisceart Éireann in 2021. Beidh siad 16 nó 17 i mbliain an olltoghcháin agus i dteideal a bheith ar chlár na vótóirí – méadú 3.5% ar líon na dtoghthóirí. Deir eolaí staidrimh gur ó chúlra Caitliceach 49% díobh, de bhunadh Protastúnach 33% agus Eile iad 18%.
Ba mhaith le Sinn Féin go ndéanfaí an t-athrú roimh thoghchán Stormont in 2027 ach ceaptar gur beag seans go dtarlóidh sé sin. Áirítear gur bhuntáiste do Shinn Féin a bheadh ann toisc gurb é sin an páirtí is mó a dtugann vótóirí faoi bhun 25 tacaíocht dó. Bhí plé go forleathan le seachtain faoi chiallachais an athraithe don reifreann faoin teorainn. Glactar leis go gcuideodh tacaíocht bhreise do Shinn Féin le treisiú ar an éileamh go ngairfí reifreann. Dá mbeadh móramh ag náisiúnaithe i ngach institiúid ionadaíoch ní bheadh leithscéal ag rialtas na Breataine chun an t-eiteachas a thabhairt don vóta a gealladh – go doiléir – i gComhaontú Aoine an Chéasta.
An mbainfí an móramh náisiúnach sin amach sa ngearrthéarma de thoradh cearta vótála ag 16? Bíonn an tinreamh ar vótáil i measc na n-óg i bhfad níos ísle ná mar a bhíonn i measc vótóirí meánaosta agus aosta. San olltoghchán anuraidh níor chaith ach 29% de thoghthóirí abhus idir 18 agus 24 vóta i gcomparáid le 73% de dhaoine idir 65 agus 70.
Cé gurb é Sinn Féin an páirtí is mó i dTuaisceart Éireann san Tionól, sna comhairlí áitiúla agus in Westminster, tá aontachtaithe fós chun tosaigh ar náisiúnaithe. Tá líon na vótóirí a thacaigh le páirtithe aontachtacha níos airde ná lion na náisiúnach, 43% i gcomparáid le 40% anuraidh i dtoghchán Westminster agus 41% in aghaidh 39% i vótáil Stormont an bhliain roimhe sin.
Tá an bhearna san daonra agus san tacaíocht pholaitiúil ag cúngú le blianta ach ní dhéanfadh na vótóírí óga nua claochlú iomlán ar an gcomhréir go ceann i bhfad fiú dá vótálfadh céatadán ard. Chúngódh na vótóirí óga náisiúnacha an bhearna roinnt i bhfabhar Shinn Féin. Ina theannta sin tá vótóirí aosacha líonmhar i measc lucht leanta na n-aontachtach agus a dtacaíocht ag dul i léig dá réir agus gan luí láidir ag daoine óga leo.
Tharlódh sé nach ionann na patrúin vótála i ngnáth-thoghchán agus reifreann faoin teorainn. I bhfianaise ar tharla le linn an reifrinn in Albain in 2014 nuair a fuair daoine in aois 16 ceart vótála tá seans gur mó tóir a bheadh ag an óige ar reifreann – ceist dhrámatúil – ná ar ghnáth-thoghchán. Bheadh gach taobh níos tógtha leis an gceist, dianfheachtasaíocht ar siúl agus tinreamh ard ó gach aoisghrúpa, shílfeá. Léiríonn pobalbhreitheanna go seasta gur i measc na vótóirí is sine atá an tacaíocht is láidre don status quo – fanacht san Ríocht Aontaithe. Léiríonn siad freisin gur i measc na n-óg atá an tacaíocht is mó d’Éirinn aontaithe.
Cé nach bhfuil an ráta fáis ar an daonra ó chúlra náisiúnach chomh tréan is a bhíodh tá sé níos airde ná an ráta aontachtach. Agus cé nach ionann Caitliceach/cúlra Caitliceach agus náisiúnach ná Protastúnach/cúlra Protastúnach agus aontachtach tá an treocht ag druidim le hÉirinn aontaithe nó Éire nua. Mar sin féin is cosúil gur togra fadtéarmach é, caolseans ar athrú taobh istigh de thamall de bhlianta.
Ta íoróin ag baint leis gur dhúirt Keir Starmer go neamhbhalbh go mbeadh sé féin ag tacú le fanacht san Ríocht Aontaithe dá mbeadh reifreann ann – seasamh a tháinig salach ar spiorad Chomhaontú Aoine an Chéasta dar le mórán. Dúirt sé freisin nach raibh na coinníollacha bainte amach chun reifreann a rith. Anois, lena chinneadh ceart vótála a thabhairt do dhaoine ó 16 ar aghaidh agus an claonadh náisiúnach a ghabhann leis sin, tá seans go bhfuil borradh curtha aige faoin bhfeachtas chun reifreann a bhaint amach níos luaithe ná mar a cheap daoine neodracha. Fiú más go mall a tharlóidh déanfaidh vótaí na n-óg difríocht.
Séamas de Barra
Freagra ag Séamas de Barra ar alt le Póilín Ní Chiaráin, ‘I measc na n–óg atá an tacaíocht is mó d’Éirinn aontaithe –– beidh cead vótála ag níos mó acu feasta –– Tá Reifreann na Teorann ábhairín níos giorra dúinn mar gheall ar ísliú na haoise vótála,’ tuairisc.ie, Dé Céadaoin, Iúil 23, 2025.
Tarlaíonn minic go leor nach dtagann an tuar faoin tairngreacht. Is amhlaidh a thuigtear do pholaiteoirí áirithe gur féidir teacht i dtír ar mhístuamacht na hóige, ach aois na vótála a ísliú go dtí 16 bliana. Ach ní féidir ceann críonna a chur ar ghuaille óga. Foilsíodh alt leis an Ollamh Susan M. Sawyer, agus le cairde dise, ‘The age of adolescence’, The Lancet Child and Adolescent Health (Eanáir 17, 2018). Ba é toradh a gcuidsean taighde nach dtosaítear go fisisceach ar an teacht in inmhe go dtí go mbaineann duine amach lá breithe 10, agus nach dtagann deireadh go fisiceach leis an teacht in inmhe go dtí go mbaineann duine amach lá breithe 24. Eachtraíonn Póilín féin an méid seo dúinn ina haltsa: ‘San olltoghchán anuraidh níor chaith ach 29% de thoghthóirí abhus idir 18 agus 24 vóta i gcomparáid le 73% de dhaoine idir 65 agus 70.’ Ní ceart a bheith ag brú ar dhaoine óga fás suas.
Tá sé ráite cheana agamsa nach córas ceart daonlathach Reifrinn atá i bPoblacht na hÉireann, ach córas olagarcach. Is iomaí Reifreann sa Phoblacht a raibh idir 35% agus 40% de na vótálaithe cláraithe nár chaith vóta. Ar an chéad rud, ba cheart réamh–Reifreann a reáchtáil chun a fháil amach an dteastaíonn ó bhreis is 50% de na vótálaithe cláraithe, togradh áirithe a chur ar Reifreann. Más é toradh an réamh–Reifrinn go dteastaíonn, beidh bun ceart daonlathach ansin leis an togradh substainteach a chur ar Reifreann, ach é a bheith i gceist i gcónaí nach nglacfar leis an toradh mar thoradh daonlathach, mura vótálann breis is 50% de na vótálaithe cláraithe TÁ leis an togradh substainteach.
Is toghlach ar thoghlach ba cheart a leithéid de Reifeann a reáchtáil i dTuaisceart Éireann. Dá ndéanfaí a leithéid, is é mo thuairmse go vótálfadh 8 nó 9 de na 18 dtoghlach i dTuaisceart Éireann le haontú leis an bPoblacht, agus é sin faoi cheann a 5 nó a 10 de bhlianta. I ndiaidh a chéile a thógtar na caisleáin. Ba stuama an beart é patrún a thógáil le Micheál Ó Coileáin Bhéal na Blá sa chúram seo. Má leanann polaiteoirí orthu ag áitiú nár cheart ach Reifreann 18 dtoghlach a bheith ann, gach uile sheans go mbainfear an ghaoth as seolta an fheachtais sin le himeacht aimsire. Cad as ar tháinig Páirtí na Comhghuaillíochta thuaidh? Páirtí iad sin arb ar an meánaicme Phrotastúnach, agus ar an meánaicme Chaitliceach a bhíonn siad ag brath. Formhór na gcéimithe óga ó Thuaiseart Éireann, ar i Sasana a chuirtear ollscolaíocht orthu, ní fhilleann siad abhaile go deo. Is amhlaidh atá ag meath ar an aitheantas Náisiúnaíoch/Poblachtach thuaidh, de réir a chéile.
Is fearr leathbhairín, ná bheith gan arán a deirtear. Bhí togha drochmheasa ag Deasún Fennell ar fhilíocht Shéamuis Heaney, trócaire orthu beirt, mar gur dírithe ar dhomhan mór an Bhéarla a bhí filíocht Heaney. Ach an oiliúint a chuirtear ar dhuine, is léir go múnlaíonn sí polaitíocht agus cultúr an duine sin. ‘An bheart láithreach an bheart,’ a deir na Duibhnigh. De réir an eagráin is deireanaí de The Phoenix, is í an tOllamh Deirdre Heenan, bean ó Thuaisceart Éireann, rogha Mhichíl Martin mar iarrthóir i dToghchán Uachtaránachta na Poblachta. Ní chreideann Micheál Martin, ná an tOllamh Heenan, go mbeidh Reifreann ar bith ar aontú na tíre go ceann i bhfad [‘Heinous Plot by Martin’The Phoenix, Iúil 25, 2025, lch 4]. Tá ráite ag Martin go bhfuil deireadh leis an sean–náisiúnachas. Ní nuacht ar bith é sin d’aon duine a thuigeann nach náisiúnaí ach Domhandach é Martin, le blianta. Chuirfeadh sé go mór le réiteach síochánta ar scéal Thuaisceart Éireann dá nglacfaí leis an gcur chuige atáimse a mholadh. Deir James Joyce i leabhar leis, Portrait of the Artist as a Young Man, nach aon namhaid aige féin ba ea an cainteoir dúchais Gaeilge ó Chonamara, ach san am céanna, gur lena leithéid a chaithfeadh Joyce a bheith ag comhrac, ó thaobh cultúir de, go dtí go mbuafadh duine den bheirt an cath.