‘I have to up my game’ – bliain ag sagart paróiste faoi scáth an Covid

Labhair ár gcolúnaí le sagart paróiste tuaithe faoin Aifreann Facebook agus go leor eile

‘I have to up my game’ – bliain ag sagart paróiste faoi scáth an Covid

‘D’airigh sé an-aisteach ar dtús. Ní rud nádúrtha é an t-aifreann a léamh agus tú i d’aonar.

‘Shíl mé go raibh mé ag caint i bhfolús.’ 

Vincent Sherlock, sagart paróiste Chill Mobhí i gContae Mhaigh Eo a bhí ag déanamh cur síos ar an mbliain atá caite aige faoi scáil an Covid.

‘Is ócáid don phobal agus iad bailithe le chéile é an t-aifreann,’ a dúirt sé liom. ‘Bhraith mé ar dtús nach raibh éinne ag éisteacht liom.’

Tá ceithre theach pobail faoina chúram – Cill Mobhí, Urlár, Cill Cheallaigh agus Gleann.

Ach níl ann ach an t-aon sagart amháin – é féin. Nuair a cuireadh tús leis na srianta go tobann sa Mhárta seo caite, chinn deoise Achadh Conaire go gcoinneoidís na séipéil oscailte i rith an lae.

Ach is cuimhin le Vincent go raibh alltacht ar roinnt de na sagairt sa deoise – na daoine ba shine – nuair a fógraíodh nach mbeadh aon aifreann ann don phobal. 

‘Ach ní shin é an Domhnach,’ a d’fhógair siad.

Shiúil sé féin amach ar an altóir an chéad Domhnach agus chuimhnigh sé ar an bhfón, a bhí fágtha ina dhiaidh aige sa sacraistí. Bhí faitíos air go mbuailfeadh an fón agus é ar an altóir.

Ansin bhuail smaoineamh é. Dhéanfadh sé an t-aifreann a thaifeadadh, an fhuaim amháin, ar an bhfón. Chuirfeadh sé ar an suíomh idirlín é níos deireanaí. Ag an am, ní raibh aon cheamara gréasáin (‘webcam’) sa pharóiste.

Tamall ina dhiaidh sin, fuair sé glaoch ó chol ceathrar leis i mBaile Átha Cliath. Dúirt sí leis go raibh sí amuigh ar a ‘siúlóid aifrinn’ agus go raibh sí ag baint an-sásamh as an aifreann as Cill Mobhí.

Chuir sé sin ag smaoineamh é agus dúirt sé leis féin go gcaithfeadh sé feabhas a chur ar chúrsaí nó mar a deir sé féin ‘I have to up my game’. Fuair sé ceamara gréasáin don séipéal.

Fear mór idirlín agus meáin shóisialta ar aon nós é. Is é Vincent a chruthaigh an suíomh idirlín don deoise in Achadh Conaire agus scríobhann sé ‘blag’ faoin teideal ‘Sherlock’s Home’.

Idir 300 agus 400 amharc a bhíodh ag suíomh na deoise don nuachtlitir, sular thosaigh Vincent ag craoladh an aifrinn beo.

Chonaic sé an t-athrú thar oíche. Go tobann i mí Aibreáin, rinne 4,000 duine teagmháil leis an suíomh. Bhí cuid acu sin thar lear.

Anois, bíonn na mílte daoine ar Facebook nó ar an suíomh idirlín (www.kilmoveeparish.org) go rialta, ag féachaint ar an aifreann. Roimh an bpaindéim, ní bhíodh ach cúpla céad san iomlán ag freastal ar aifreann an Domhnaigh.

Ach óna thaobh féin de, bhí cúrsaí fós an-aisteach. ‘Ní fhaca mise ach na suíocháin fholmha amach os mo chomhair.’ 

Ansin, lá amháin chuir bean as an bparóiste glaoch air. D’inis sí dó go mbreathnaíonn sí ar an aifreann gach Domhnach.

‘Glanann muid bord na cisteanaí,’ a dúirt sí. ‘Cuirim éadach boird bán anuas air agus lasaim dhá choinneal ar an mbord. Sin í an altóir s’againne.’

‘Thaitin an íomhá sin go mór liom,’ a dúirt Vincent. ‘Anois, nuair a bhím im’ aonar ag léamh an aifrinn sa séipéal folamh, cuimhním ar an lánúin sin agus bord na cisteanaí leis an dá choinneal. Chuaigh sé i bhfeidhm orm gur rud mór é an t-aifreann ina saol siúd.’

Ina dhiaidh sin féin, ní dóigh leis go nglacfaidh an ríomhaire áit an tséipéil go deo. Nuair a scaoileadh na srianta ar feadh tamaill anuraidh, d’fhill an pobal ar an séipéal.

Bhí teorainn 50 duine ag an am agus d’iarr sé ar dhaoine teacht ag an aifreann tráthnóna nó ar maidin i rith na seachtaine. Bhí an líon iomlán a bhí ceadaithe ann gach uair.

Agus mé ag caint leis ar an bhfón, tháinig dhá ghlaoch eile teileafóin trasna orainn agus tháinig duine amháin ag an doras.  Is léir nach mbíonn sé uaigneach.

‘Cuimhním go minic ar na daoine atá leo féin,’ a deir sé. ‘Ar a laghad roghnaigh mise an saol seo – cuimhním orthu siúd a bhíonn uaigneach agus nach mbíonn aon chaidreamh pearsanta acu.’

D’fhiafraigh mé de an raibh deis caillte ag an eaglais ansin – an bhfuil eagraíochtaí pobail ag tógáil a n-áit agus ag freastal ar an bpobal sa ngéarchéim seo?

Dar leis tá eagraíochtaí pobail ag déanamh sárobair i gceantair ar nós Chill Móbhí agus na ceantair thuaithe eile atá thart air. Luaigh sé coistí paróiste, Cumann Lúthchleas Gael, ‘Béilí ar Rothaí,’ agus dreamanna eile atá ag obair leo, lá i ndiaidh lae.

‘Feicim na leads óga i mBealach a’Doirín,’ dúirt sé. ‘Is baill den GAA iad agus téann siad isteach in ollmhargadh Duffy ag fáil bia lena dháileadh thart ar dhaoine atá leo féin.’

Chuir an club CLG ansin tús le feachtas chun airgead a bhailiú d’ionad Barretstown, ionad do pháistí a bhfuil tinneas ainsealach orthu, agus tá Vincent é féin ag tabhairt cúnamh san iarracht sin (#Battle4Barretstown).

Ach aontaíonn sé leis an tuairim go mbeidh bearna mhór i saol na heaglaise nuair a thiocfaidh deireadh leis an ngéarchéim.

‘Na daoine a bhí, ar inn ar éigean, páirteach i saol na heaglaise roimhe sin – beidh sé deacair iad sin a fháil ar ais,’ a deir sé. 

Shíl mé i gceantar tuaithe go mbeadh daoine ag cur glaoch air le teacht ag an teach. An nglaoitear amach air go minic?

‘Tá mise 33 bliain i mo shagart,’ a deir Vincent. ‘Uair amháin, ba cuid mhór de do shaol é an glaoch tinnis. Ach is éard atá tarlaithe le blianta beaga anuas, go nglaoitear ar an otharcharr  agus nach bhfeictear an sagart mar phointe cabhrach níos mó, má tá duine tinn sa teach.’

Tá ceamaraí gréasáin i leath de na séipéil sa deoise anois. Ní gá iad a fheistiú i ngach ceann toisc nach mbíonn an t-aifreann ar siúl i ngach ceann anois. B’fhéidir nach drochrud é sin – uair amháin cheap gach pobal gur cheart go mbeadh sagart dá gcuid féin acu – ach le titim i líon na sagart ar fud na tíre, níl mórán seans go dtarlóidh sin arís.

Tá an pobal ag dul i dtaithí ar an teicneolaíocht nua. Thug sé faoi deara gur thosaigh an ghlúin óg ag fáil taibléidí agus fóin chliste don dream ní ba shine. Thaispeáin siad dóibh cén chaoi lena n-úsáid – ach tarlaíonn corrbhotún le méar shleamhain anois is arís.

Fuair sé ‘aghaidh fheargach’ mar fhreagra ‘emoji’ ar theachtaireacht a chuir sé amach le gairid. At dtús, bhain sé siar as.

‘Ach ansin thuig mé gur bhrúigh mo dhuine an cnaipe mícheart ar an bhfón,’ arsa Vincent. ‘Bhuel, thuigfinn dó, tá sé 93 bliain d’aois. Agus is é an ‘sacristan’ i mbaile gar dúinn é. Fuair sé an jab nuair a osclaíodh an séipéal 60 bliain ó shin.’

Agus an bhfuil an fear sin ag éirí as go luath?

Beag an baol.

Fág freagra ar '‘I have to up my game’ – bliain ag sagart paróiste faoi scáth an Covid'

  • Maire Blundell

    Dea-scéal é gan amhras. Cuireann sé gliondar í mo chroí.
    Tá mise suite í mBAC. Gach Domhnaigh tá mé ag feachaint ar an aifrinn ó Pharóiste Naomh Eóin í dTra Lí mar tá an aifrinn as gaeilge ar a naoi a chlog.
    Is é mo thuairim go bhfuil an tSéipéal ag bailiu le chéile na ndaoine ó ngach tír den domhain ar an idirlín – le chéile ach scaradh!
    Buiochas agus gGrá do Vincent Sherlock agus na sagairt go leor anois.