I do mhála nó i do phócaí atá an fhírinne faoi do shaol…

Meabhraíonn na traipisí beaga a chruinníonn muid na heachtraí beaga neamhbhuana dúinn

I do mhála nó i do phócaí atá an fhírinne faoi do shaol…

Má tá tú ag iarraidh siúlóid a thabhairt siar ar bhóithrín na smaointe níl le déanamh agat ach do mhála láimhe, pócaí do chóta, nó do mhála droma a fholmhú amach ar an mbord agus feicfidh tú scéal do shaoil á aithris i 3D lándaite os do chomhair amach.

Ná bac le halbaim ghrianghrafanna, ná boscaí cuimhneacháin, níl iontu sin ach an leagan oifigiúil de do shaol a mheasann tú is fiú a insint. Bíonn dul amú orainn ag ceapadh gur sna himeachtaí móra atá an saol á chaitheamh againn, ach dháiríre fitear an saol as na himeachtaí beaga laethúla.

Léigh beathaisnéis agus feicfidh tú cár rugadh duine, cá ndeachaigh siad ag an scoil, cén obair a rinne siad agus mórimeachtaí eile an tsaoil. Ní rómhinic a léifidh tú céard a bhí á iompar thart sa mála láimhe chuile lá acu nó céard a bhí bailithe acu ina bpócaí.

Cén fáth go raibh trí chloch agus sliogán briste á n-iompar thart acu ar feadh deich mbliana agus an raibh a fhios acu go raibh siad thíos sa bpóca? Is ansin atá an fíorscéal.

Meabhraíonn na traipisí beaga a chruinníonn muid na heachtraí beaga neamhbhuana dúinn. Níl a fhios agam cén fáth go dtarlaíonn sé seo, ach is geall le pluais na n-iontaisí mo mhála láimhe féin.  Is ann a chruinníonn rudaí a theastaíonn, nach dteastaíonn, a theastaigh, a theastóidh nó  a theastódh, b’fhéidir.

Chuir mé mo lámh síos i mo mhála an lá cheana ag iarraidh ciarsúir is tháinig trasna ar bharra gránóla a raibh dhá ghreim bainte as agus é dúnta suas arís sa naipcín.

Níl mé cinnte cén uair a chuaigh an barra síos ansin, ach tá leathchuimhne agam ar an mBabaí á shíneadh chugam trí seachtaine ó shin. Má chuireann sé iontas ort go raibh barra gránóla thíos sa mála agam le trí seachtaine, samhlaigh an t-iontas a chuir sé orm féin!

Níos faide síos sa mála bhí pacáiste naipcíní, ceirtíní taise, díghalrán lámh, mascanna, pacáiste Lockets a bhí greamaithe dhá chéile, sliogáin, clocha, leaisticí gruaige agus níl a fhios agam céard eile.

Is dóigh go bhfuil tú ag rá leat fhéin anois, ‘shílfeá go nglanfadh sí amach an diabhal de mhála’.

Aontaím go hiomlán leat.

Ag an am céanna, níl a fhios agam céard a bheidh uaim agus muid amuigh. B’fhéidir go dteastódh pacáiste lockets leathleáite go géar uaim lá eicínt is muid i gcruachás. Céard a dhéanfainn dá mbeidís caite amach agam?

D’fhéadfainn ligean orm féin nach bhfuil a fhios agam cén chaoi a ndeachaigh na rudaí seo isteach i mo mhála. Nó d’fhéadfainn a mhaíomh go bhfuil údar maith le chuile shórt atá istigh ann.

Tosaíonn sé uilig agus muid ag iarraidh a bheith go maith is go praiticiúil ach téann rudaí amú, nó ar walkabout thíos ann. Dá nglanfá amach do mhála is dá dtiocfadh éinne trasna ort bheadh sé an-deacair ort a mhíniú cén fáth go raibh an bailiúchán mór agat.

An dtuigfeadh éinne cén fáth gur choinnigh tú dhá phíosa de chipín briste, clibín gruaige meirgeach agus gráinneog lego a raibh an phéint ag imeacht di

Tá scéal ag dul leis sin, a déarfá.

Fág freagra ar 'I do mhála nó i do phócaí atá an fhírinne faoi do shaol…'

  • Niall na Naoi bPiontaí

    An-mhaith ar fad, mar is gnáthúil… níl mála agamsa 7 mé im fhear – ach tá a lán boscanna lán giuirléidí agam! :-)