Herself ag iarraidh na trí thrá a fhreastal

Déanann an saothar seo iarracht téamaí tábhachtacha suaite a chíoradh ach éiríonn sé míréadúil agus é ag iarraidh ardú croí a thabhairt

Herself ag iarraidh na trí thrá a fhreastal

Herself
Stiúrthóir: Phyllida Lloyd
Cliar: Clare Dunne, Ian Lloyd Anderson, Ruby Rose O’Hara, Molly McCann, Harriet Walter, Conleth Hill

Dhein an gobadán bocht iarracht an dá thráigh a fhreastal, ach déanann an saothar uaillmhianach seo iarracht trí thráigh a fhreastal. Déantar iomaire an réalachais shóisialta a threabhadh trí léargas an duine aonair a thabhairt ar an drochíde baile agus ar ghéarchéim tithíochta in Éirinn.

Lena chois sin déantar iarracht ábhar dóchais a thabhairt agus éachtaint mhilis á tabhairt ar an gcomharsanúlacht agus meon na meithle. Titeann an scannán idir trí stól ar shlí, agus is cinnte gur bhain an téama deiridh acu sin an bonn ón dá théama shollúnta.

Máthair ghrámhar í Sandra a bhfuil foréigean á fhulaingt sa bhaile aici. I ndiaidh dá fear brúidiúil Gary (Anderson) ionsaí fíochmhar a dhéanamh uirthi teitheann sí ón dtigh lena beirt chailíní. Is ansan a thugtar léiriú dúinn ar an ngéarchéim tithíochta agus an tsáinn ina bhfuil siad siúd atá gan dídean.

Táid buailte fúthu i gcóiríocht éigeandála, óstán cóngarach d’aerfort Átha Cliath. Leis an tarcaisne a chur i gceann na héagóra tá orthu an doras cúil a úsáid ionas nach gcuirfidh a n-ainnise as dos na cuairteoirí gustalacha. I radharc suaite amháin tugann sí cuairt ar phrochóg d’árasán agus airgead mór á éileamh ag an tiarna talún neamhleithscéalach.

Feicimid í ag imeacht ó philéar go posta: dhá phost aici agus aistear fada chun na scoile leis na cailíní. Í fós ciaptha ag cuimhní an ionsaithe.  Chuaigh an chuid seo den scannán go mór i bhfeidhm orm agus cíoradh réalaíoch tochtmhar á dhéanamh ar iarmhairtí an fhoréigin bhaile agus uafás na heaspa dídine. Tugann Dunne taispeántas den scoth uaithi agus í go hiomlán inchreidte i ról na mná atá in umar na haimléise.

 

Ceann de na hoícheanta tá sí ag póirseáil ar an idirlíon agus cíonn sí físeán d’ailtire ag cur de faoi phlean tí dá chuid ná cosnódh ach €35,000 le tógaint. Tosaíonn rudaí ag imeacht ar bóiléagar ábhairín ansin.

Tagann an t-ádh ina rabharta míréadúil. Déanann Peggy (Walter), an bhean ghustalach a bhfuil sí ag obair di, suíomh a thairiscint di gan faic mar aon le hiasacht airgid. Éiríonn léi an tógálaí geanúil, cancrach, cabhrach Aido (Hill) a mhealladh chun oibre agus diaidh ar ndiaidh tá meitheal ag obair go deonach.

Cinnte tá ardú croí ag baint leis seo ach tá blas míréadúil air seo ar fad agus baineann sí ós na téamaí tromchúiseacha a bhí á bplé roimhe seo. Fiú nuair a fhilltear ar na téamaí seo tá rudaí ciotach go maith in áiteanna, táim ag smaoineamh ar an radharc méaldrámata sa chúirt ach go háirithe.

Tagann cor cráite sa scéal i dtreo an deiridh ach críochnaíonn an saothar le hábhar dóchais.

Déanann an saothar seo iarracht téamaí tábhachtacha suaite a chíoradh ach éiríonn sé míréadaúil agus é ag iarraidh ardú croí a thabhairt dúinn.

Fág freagra ar 'Herself ag iarraidh na trí thrá a fhreastal'

  • Dónall

    Léirmheas ar scannáin Bhéarla: Muise!!