Agus sracfhéachaint á tabhairt ag duine ar shaothair mhóra Ghaeltachta a foilsíodh le breis agus leathchéad bliain anuas, mhaithfí dó dá gceapfadh sé nach bhfuil i saol an Ghaeil bhoicht ach duairceas. Bheadh breall air, áfach, óir tá neart grinn le fáil i gcuid nach beag de na saothair chéanna.
Dá ghreannmhaire na cuntais a ndéantar cur síos orthu le peann, ámh, is barrúile fós scéalta ó bhéal go minic agus is iomaí duine a bhfuil a theanga ar a thoil aige agus atá deas ar an bhfocal oiriúnach a aimsiú ar ala na huaire, mar a léirítear go mion minic san agallamh beirte.
Tá an deisbhéalaíocht seo ar cheann de na tréithe is tábhachtaí agus scéal grinn á roinnt leis an gcomhluadar agus mura bhfuil daoine ‘abartha’ le fáil in Éirinn, ní lá fós é.
Ar ndóigh, ba thúisce scéalta ó bhéal cois tine sa Ghaeltacht ná cuntais ó pheann agus tá cuid de na scéalaithe is abartha, is greannmhaire agus is deisbhéalaí aimsithe ag Seán Ó Cualáin dá chomhlacht léirithe Mordán i gcomhair na sraithe nua ‘An Gobán Saor’, a dhéanann ceiliúradh ar thraidisiún ársa seo an ghrinn ag an nGael.
Scoth na gcainteoirí sna canúintí éagsúla a bheidh le cloisteáil, agus iad ag trácht ar ghnáthchúrsaí an tsaoil, idir bhreith agus bhás, chreideamh agus chleamhnas. Cuirfidh cuid de na scéalta leo sna tríthí sibh.
Orthu siúd a bheidh le feiceáil agus le cloisteáil, tá Peadar Ó Treasaigh, Danny Maidhcí Ó Súilleabháin, Liam Ó Muirthile, Seán Phat Mór Ó Loideáin, Séamus Ó Beaglaoich, Seosamh Mac Donncha, Tomás Ó Lúing, Máirtín Chóil Neaine Pháidín Mac Donncha, agus Máirtín Jimmy Nan Ó Méalóid.
‘Tús sláinte gáire’, a deirtear, agus tabharfaidh an bhuíon seo thuas neart údar sciotaíola don té a éistfidh leo.
Tá blaiseadh beag de na jócanna a inseofar sa bhfíseán thuas agus foilseofar ‘ jóc’ ón gclár ar Tuairisc.ie gach seachtain mar réamhbhlaiseadh de na cláracha éagsúla.
– Tá An Gobán Saor ag tosú ar TG4 an Domhnach beag seo, an 11 Eanáir, ag 9:15PM
Pádraig Ó Cíobháin
Mara bhfuil feicthe ag ár n-údar thuas ach duairceas i scríbhneoireacht na Gaelainne le leathchéad blian anuas is baolach gur beag di atá léite aige. Baothchaint í, gurb é a foinse, dar liom, an ró-léamh a deintear ar An Béal Bocht, agus ar an mBéarlú a deineadh air, The Poor Mouth. Is minic a deir daoine go léid ná léann in ao’ chor. Formhór acusan a mholann Ulysses go crannaibh na gréine ní léidear riamh é. Á, tá sé ródheacair, rófhada, róghruama. Ach is spéisiúil gur breá le lucht léite (má léid) an Bhéarla, miserylit. (seánra nua ina bhfuil airgead le déanamh) ar nós Angela’s Ashes. Dá mbé Angela – a scéal féin ba theideal do fógfrófaí in ainm a’ diabhail é. Táim féin admhálach sa chúram gur léas Ulysses fé dhó. Chuas chun a dhuaigh. Sé atá i gceist le léamh ná léamh le dua gan dualgas, seachas a mhalairt – léamh le dualgas gan dua. A’ súil go mór le Tommy Long a dh’fheiscint insa chlár thuasmolta – saor teangan den scoth!
Kevin Hickey
Seo an méid a scríobhas: ‘Agus sracfhéachaint á tabhairt ag duine ar shaothair mhóra Ghaeltachta a foilsíodh le breis agus leathchéad bliain anuas, mhaithfí dó dá gceapfadh sé nach bhfuil i saol an Ghaeil bhoicht ach duairceas. Bheadh breall air, áfach, óir tá neart grinn le fáil i gcuid nach beag de na saothair chéanna.’
Tagaim leat go bhfuil iarracht den ‘miotas’ ann agus sin faoi ndeara an tagairt sa dara líne do bhreall a bheith ar dhuine a cheapfadh a leithéid.
KH